English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh an gceadú ón Rialtas le haghaidh Bille Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálú Nicitín) a dhréachtú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 22 Deireadh Fómhair 2019

D’fháiltigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu roimh an gceadú a fuarthas ón Rialtas le haghaidh Bille Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálú Nicitín) a dhréachtú.

Déanfar na nithe seo a leanas leis an reachtaíocht atá beartaithe:

  • toirmeasc a chur ar tháirgí ionanálú nicitín a dhíol le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois;
  • toirmeasc a chur ar tháirgí tobac agus táirgí ionanálú nicitín a bheith á ndíol ag daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois;
  • toirmeasc a chur ar tháirgí tobac a dhíol ó mheaisíní díola féinseirbhíse;
  • toirmeasc a chur ar tháirgí tobac a dhíol ag imeachtaí/láithreacha atá dírithe go príomha ar dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois;
  • córas ceadúnúcháin a thabhairt isteach le haghaidh (a) táirgí tobac agus (b) táirgí ionanálú nicitín a dhíol, rud lena n-áireofar táille bhliantúil in aghaidh an áitribh le haghaidh táirgí den sórt sin a dhíol, ar táille í a bheidh cothrom le cibé méid a chinnfidh an tAire;
  • tréimhsí íosta fionraíochta a thabhairt isteach do mhiondíoltóirí tobac a chiontófar i gcion;
  • fógraí pionóis sheasta (fíneálacha ar an láthair) a thabhairt isteach i leith cionta;
  • foráil a dhéanamh d’fhaisnéis a fhoilsiú i leith aon duine a bhforchuirfidh an chúirt fíneáil, pionós eile nó ciontú air nó uirthi (‘ainmniú agus náiriú’).

Dúirt an tAire Harris,

“Is cúis áthais dom an píosa tábhachtach reachtaíochta seo a thabhairt ar aghaidh. Cabhróidh sé sin linn Éire atá saor ó thobac a bhaint amach, áit ar féidir lenár leanaí fás aníos gan aon dochar ó thobac.

“Gach bliain, cosnaíonn tobac €10.6 billiún san iomlán ar státchiste na hÉireann agus bíonn sé ina chúis le 6,000 bás. Tá rún daingean agam leanúint leis na hathruithe reachtacha is gá a dhéanamh ionas gur féidir linn dul i ngleic leis an dúshlán sin agus an sprioc atá againn go mbeadh an tír seo saor ó thobac a bhaint amach.”

Aithníonn na bearta maidir le táirgí ionanálú nicitín nach gnáthearraí tomhaltais iad, go bhfuil substaint andúile le fáil iontu agus nár cheart iad a bheith ar fáil do leanaí.

“De réir mar a leanann an tionscal le hoiriúnú, ní mór dúinn a chinntiú nach mbeidh sé in ann ár leanaí a tharraingt isteach san andúil mharfach seo.”

Déanfaidh an tAire Scéim Ghinearálta an Bhille a tharchur chuig an gComhchoiste Oireachtais um Shláinte anois lena grinnscrúdú réamhreachtach.

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí

Déanfar na nithe seo a leanas leis an reachtaíocht atá beartaithe, atá ag teacht leis na moltaí atá sa doiciméad beartais Éire atá Saor ó Thobac:

  • córas ceadúnúcháin a thabhairt isteach le haghaidh (a) táirgí tobac agus (b) táirgí ionanálú nicitín a dhíol, rud lena n-áireofar táille bhliantúil in aghaidh an áitribh le haghaidh táirgí den sórt sin a dhíol, ar táille í a bheidh cothrom le cibé méid a chinnfidh an tAire.
  • toirmeasc a chur ar tháirgí tobac a dhíol ó mheaisíní díola féinseirbhíse.
  • toirmeasc a chur ar tháirgí tobac a dhíol ó aonaid taistil/coimeádáin.
  • toirmeasc a chur ar tháirgí tobac agus táirgí ionanálú nicitín a bheith á ndíol ag daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.
  • toirmeasc a chur ar tháirgí ionanálú nicitín a dhíol le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois (faoi na hAchtanna Sláinte Poiblí (Tobac), 2002-2015, tá toirmeasc ann cheana féin ar tháirgí tobac a dhíol le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois).
  • toirmeasc a chur ar tháirgí tobac a dhíol ag imeachtaí/láithreacha atá dírithe go príomha ar dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.
  • tréimhsí íosta fionraíochta a thabhairt isteach do mhiondíoltóirí tobac a chiontófar i gcion.
  • fógraí pionóis sheasta (fíneálacha ar an láthair) a thabhairt isteach i leith cionta.
  • foráil a dhéanamh d’fhaisnéis a fhoilsiú i leith aon duine a bhforchuirfidh an chúirt fíneáil, pionós eile nó ciontú air nó uirthi (‘ainmniú agus náiriú’).

Cé go bhfuil táirgí ionanálú nicitín (ar a dtugtar Córais Leictreonacha Seachadadh Nicitín agus toitíní leictreonacha freisin) ar fáil ina lán samhlacha éagsúla, tá na bealaí ina seachadann siad nicitín cosúil lena chéile. Déanann toitíní leictreonacha tuaslagán (leacht leictreonach) a théamh chun aerasól nó gal a n-ionanálóidh úsáideoirí ansin é a chruthú. Is é a bhíonn sa leacht leictreonach de ghnáth ná nicitín agus ceimiceáin amhail gliocól próipiléine. Uaireanta, bíonn gliocról agus blasóirí le fáil iontu freisin.