Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh an gcosc ar dhíol toitíní agus tobac le blas meantóil agus áitíonn sé ar chaiteoirí tobac éirí as le linn na paindéime COVID-19
- Foilsithe: 19 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 19 Bealtaine 2020
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Simon Harris TD go mbeidh cosc ar dhíol tobac le blas meantóil lena n-áirítear toitíní meantóil ón lá amárach ar aghaidh.
Is é aidhm an choisc a chinntiú nach mbeidh comhábhair i dtáirgí toitíní agus tobac a thuilleadh a d’fhágfadh go mbeadh an tobac níos blasta nó a dhéanfadh níos éasca é do dhuine tosú ag caitheamh tobac trí bhlas an tobac a cheilt. Tugadh achar ama ceithre bliana sular cuireadh an cosc i bhfeidhm chun dóthain ama a thabhairt do chaiteoirí tobac a úsáideann táirgí blaistithe meantóil aistriú go táirgí eile. Tá an cosc le fáil i Rialacháin an AE (Táirgí Tobac agus Táirgí Gaolmhara a Mhonarú, a Thíolacadh agus a Dhíol) 2016 a rinne an tAire in 2016. Rinne na Rialacháin Treoir um Tháirgí Tobac AE 2014 a thrasuí i ndlí na hÉireann.
Dúirt an tAire Harris:
“Cuirim fáilte roimh an gcosc seo. Is nós andúileach agus marfach é caitheamh tobac. Múchann blas taitneamhach an mheantóil fíorbhlas an tobac agus d’fhéadfadh sé daoine a chaitheann tobac den chéad uair a mhealladh nó daoine ar mhaith leo éirí as a choinneáil ag caitheamh tobac.
“Tá sé níos tábhachtaí ná riamh éirí as le linn phaindéim COVID-19. An 11 Bealtaine dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur aimsigh athbhreithniú ar staidéir a rinne saineolaithe sláinte poiblí gur mó an seans go bhfaighidh daoine a chaitheann tobac galair thromchúiseacha le COVID-19, i gcomparáid le daoine nach gcaitheann tobac.
“Thug sé foláireamh freisin go bhfuil tobac ina phríomhfhachtóir riosca maidir le galair neamh-theagmhálacha agus méadaíonn na cúinsí sin an baol i dtaobh breoiteacht throm a fháil nuair atá tionchar ag COVID-19 orthu. Molaim do gach duine atá ag smaoineamh ar éirí as tobac teagmháil a dhéanamh le seirbhís Quit FSS chun tacaíocht a fháil. "