Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh athruithe sa chóras ceadanna fostaíochta d’altraí/cnáimhsigh a bhfuil dioplóma mar cháilíocht acu

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 18 Nollaig 2019

D’fháiltigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu (an 18 Nollaig) roimh an bhfógra ó Heather Humphreys, an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, go bhfuiltear ag athrú an chórais cheadanna fostaíochta d’oibrithe ó áiteanna lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Beidh na hathruithe in éifeacht ón 1 Eanáir 2020 i leith agus ba cheart go gcabhródh siad le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair san earnáil sláinte.

Mar thoradh ar na hathruithe, féadfaidh gach altra cáiliú le haghaidh Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla, rud lena dtugtar rochtain leathan ar mhargadh saothair na hÉireann do dhaoine muinteartha agus rochtain níos tapa ar chónaitheacht fhadtéarmach tar éis dhá bhliain.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris:

“I láthair na huaire, tagann altraí ó áiteanna lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch faoi dhá chatagóir, mar atá altraí a bhfuil céim in altranas acu agus altraí a bhfuil dioplóma in altranas acu.

“Faoi mar atá an scéal faoi láthair, féadfaidh altraí a bhfuil céim mar cháilíocht acu an Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla a rochtain agus ní fhéadfaidh altraí a bhfuil dioplóma acu ach an Cead Fostaíochta Ginearálta a rochtain. Leis an dara cineál ceada sin, ní chumasaítear athaontú teaghlaigh ach tar éis 12 mhí agus níl rochtain uathoibríoch ag daoine muinteartha ar an margadh saothair.

“Thacaigh mise agus an Roinn seo leis na glaonna go gcuirfí deireadh leis an neamhionannas sin, agus fáiltímid go mór roimh an athrú a d’fhógair an tAire Heather Humphreys TD, comhghleacaí liom, inniu. Is é an toradh a bheidh air ná go mbeidh cothroime rochtana ag gach altra/cnáimhseach a bhfuil céim nó dioplóma mar cháilíocht acu.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Athruithe d’Altraí

Aithnítear gur scileanna atá i ngannchúis iad gairm an Altra agus gairm an Chnáimhsigh agus tá siad ar áireamh faoi láthair sa liosta de ghairmeacha scileanna criticiúla. Chomh maith leis sin, tá siad i dteideal Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla a fháil. Mar sin féin, áirítear leis na critéir atá ceangailte leis an gcineál ceada sin an ceanglas le cáilíocht atá ar leibhéal céime nó níos airde sa réimse lena mbaineann, i gcás gur idir €32,000 agus €64,000 sa bhliain (ón 1 Eanáir 2020 i leith) atá an luach saothair atá ar tairiscint. Ní fhéadfaidh altraí obair in Éirinn mura mbíonn siad cláraithe le Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann.

Maidir le haltraí ó áiteanna lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ar bronnadh cáilíocht iomchuí ar leibhéal dioplóma orthu ina dtír féin, tá an incháilitheacht chéanna acu le haghaidh cáiliú chun altranas a chleachtadh in Éirinn agus tá siad i dteideal clárú le Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann. Dá ainneoin sin, níl siad i dteideal faoi láthair iarratas a dhéanamh ar an gCead Fostaíochta Scileanna Criticiúla toisc nach gcomhlíonann siad an ceanglas le cáilíocht ar leibhéal céime a bheith acu. Deonaítear Cead Fostaíochta Ginearálta d’altraí a bhfuil dioplóma mar cháilíocht acu. Níl ag an gcineál ceada sin ná forálacha céanna is atá ag Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla. Mar shampla, ní chumasaítear leis athaontú teaghlaigh láithreach agus rochtain láithreach ar an margadh saothair do dhaoine muinteartha.

Mar thoradh air sin, tháinig aimhrialtacht chun cinn mar a bhfuil altraí cláraithe ag obair le chéile agus ag tabhairt faoi na dualgais chéanna, cé go bhfuil Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla ag roinnt díobh agus go bhfuil Cead Fostaíochta Ginearálta ag roinnt eile díobh. Chuaigh an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta i ndáil chomhairle leis an Roinn Sláinte, leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus le Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann chun an fhadhb sin a réiteach. Is é an toradh a bheidh ar na hathruithe a thugtar isteach leis na rialacháin seo ná gur i dteideal Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla a fháil a bheidh gach altra cáilithe atá cláraithe le Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann, lena n-áirítear altraí a bhfuil dioplóma in altranas mar cháilíocht acu.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat