Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh cheapadh an Treoraí Chliniciúil in FSS le haghaidh Seirbhísí um Thoircheas a Fhoirceannadh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh cheapadh an Treoraí Chliniciúil in FSS le haghaidh Seirbhísí um Thoircheas a Fhoirceannadh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fháiltigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, roimh cheapadh an Dochtúra Aoife Mullally mar Threoraí Cliniciúil in FSS le haghaidh Seirbhísí um Thoircheas a Fhoirceannadh.

Tá an Dr Mullally ar dhuine de na príomhphearsana i réimse an chnáimhseachais agus na gínéiceolaíochta; d’oibrigh sí roimhe seo mar Phríomhlia Comhairleach sa Bharda Luí Seoil in Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin agus tá sí i measc na bpríomhthathantóirí ar son feabhas a chur ar sheirbhísí máithreachais agus ar chúram sláinte atá dírithe ar an mbean.

Ag fáiltiú dó roimh an gceapachán, dúirt an tAire:

“Guím gach rath ar an Dr Mullally sa ról atá aici mar Threoraí Cliniciúil le haghaidh Seirbhísí um Thoircheas a Fhoirceannadh agus táim ag tnúth le bheith ag obair léi mar chuid d’fhoireann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

“Nuair a thugamar seirbhísí um thoircheas a fhoirceannadh isteach anuraidh, d’aithníomar go dtógfadh sé roinnt ama chun an tseirbhís a leabú agus a fhorbairt. Tá ceapadh an Dochtúra Mullaly ina bheart tábhachtach ina leith sin.

.“Mar a dúirt mé roimhe seo, tá sé mar thosaíocht ag an Rialtas go soláthrófaí seirbhísí um thoircheas a fhoirceannadh mar ghnáthchuid de chóras cúram sláinte na hÉireann agus go ndéanfaí amhlaidh i dtimpeallacht inrochtana shábháilte agus ar aon dul leis an Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018.”

Ag gníomhú di sa ról nua atá aici, soláthróidh an Dr Mullally ceannaireacht chliniciúil le linn seirbhísí atá fianaisebhunaithe, inrochtana agus dearbhaithe ó thaobh cáilíochta de a chur chun feidhme do dhaoine a dteastaíonn foirceannadh toirchis uathu.

Dúirt an tAire Harris freisin:

“An lá amárach, beidh bliain amháin dulta thart ó tosaíodh seirbhísí um thoircheas a fhoirceannadh agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le FSS agus leo sin atá ag obair in MyOptions.

“Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil lenár gcomhghleacaithe sa Chleachtadh Ginearálta freisin.

“Cé go raibh níos lú ná 170 duine de lia-chleachtóirí ginearálta ag soláthar na seirbhíse ar dtús, mhéadaigh an líon sin faoi dhó go níos mó ná 340 duine le linn na bliana. Tá cúram um thoircheas a fhoirceannadh á sholáthar inár n-ospidéil mháithreachais uile anois. Tá an raon iomlán seirbhísí á soláthar i ndeich gcinn díobh.

“Ba mhaith linn an tseirbhís a leathnú arís eile le linn na bliana 2020 agus oibreoidh mé i gcomhar leis an Dr Mullally, le FSS agus le Bord FSS chun a chinntiú go leanfaimid le forbairt a dhéanamh ar an tseirbhís ríthábhachtach seo inár seirbhís sláinte.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat