Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh fhoilsiú an Phlean Forfheidhmithe athbhreithnithe don Straitéis Náisiúnta Máithreachais
- Foilsithe: 19 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Fáiltíonn an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu roimh fhoilsiú an Phlean Forfheidhmithe athbhreithnithe don Straitéis Náisiúnta Máithreachais, a chlúdaíonn an tréimhse atá fágtha de shaolré na Straitéise ó 2021 go 2026.
Leagtar amach sa Phlean athbhreithnithe gach gníomhaíocht atá fágtha maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Máithreachais 2016-2026, ag soláthar amlínte críochnúla do gach gníomh agus ag mapáil feidhmiú iomlán na Straitéise laistigh den chreat ama atá fágtha de shaolré na Straitéise.
Dúirt an tAire Donnelly: “Is tosaíocht ollmhór domsa agus don rialtas seo cúram sláinte na mban. Tógfaidh foilsiú an Phlean Forfheidhmithe athbhreithnithe don Straitéis Náisiúnta Máithreachais inniu, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar phríomhghníomhartha agus amlínte seachadta, ar an dul chun cinn suntasach atá déanta go dtí seo i bhforbairt agus i bhfeabhsú seirbhísí máithreachais do mhná, do leanaí agus do theaghlaigh."
Cuimsíonn maoiniú na Straitéise Náisiúnta Máithreachais €8.66m a leithdháileadh ar an Straitéis Náisiúnta Máithreachais do 2022, a thógann ar an bhfuinneamh a sholáthar an infheistíocht shuntasach de €7.3m a leithdháileadh in 2021. Ó seoladh an Straitéis, tá dul chun cinn suntasach déanta i bhforbairt agus i bhfeabhsú seirbhísí máithreachais, ach tharla moilleanna i gcur i bhfeidhm i roinnt codanna den Phlean. De bhun moladh ó HIQA, rinne an Clár Náisiúnta Sláinte do Mhná agus do Naíonáin (NWIHP) athbhreithniú ar an bPlean Forfheidhmithe bunaidh. Tá an Plean athbhreithnithe críochnaithe anois, clúdaíonn sé an tréimhse atá fágtha de shaolré na Straitéise agus tá stádas gach gníomhaíochta atá riachtanach chun é a chur i bhfeidhm go hiomlán.
D’fháiltigh príomhchnáimhseach FSS, Angela Dunne Uasal, roimh fhoilsiú an Phlean athbhreithnithe inniu. Dúirt Ms Dunne:
“Ag obair lenár Stiúrthóirí Cnáimhseachais agus comhghleacaithe ar fud na tíre, tá fíor-dhul chun cinn feicthe againn maidir le feidhmiú na Straitéise Náisiúnta Máithreachais agus go háirithe an tSamhail nua Cúraim. Le gach ceann de na 19 seirbhís mháithreachais ag tairiscint an chosáin chúraim tacaithe agus 24% de na mná ag áirithint ar an gcosán seo, tá rogha á thairiscint anois do mhná ar fud na tíre. Leis an infheistíocht bhreise i seirbhísí máithreachais in 2021 agus 2022 araon, is féidir linn leanúint ar aghaidh leis an turas seo le béim níos láidre anois ar an gcéim iarbhreithe."
Dúirt Stiúrthóir Cliniciúil an Chláir Náisiúnta Sláinte do Mhná agus do Naíonáin, an Dr Peter McKenna: >“Is forbairt an-dearfach é foilsiú an Phlean Forfheidhmithe athbhreithnithe don Straitéis Náisiúnta Máithreachais inniu. Léiríonn sé an fócas agus an tiomantas leanúnach do sheachadadh na Straitéise, agus tosaíocht do shláinte na mban ag an Aire, agus an maoiniú suntasach a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2021 agus 2022 mar bhonn agus mar thaca leis. Cuirfidh an teaglaim maoinithe agus fócas géar ar ár gcumas dul chun cinn a luathú sa réimse ríthábhachtach seo."
Dúirt an tAire Donnelly:
“Thug mé tosaíocht arís i mbliana d’infheistíocht shuntasach i bhfeidhmiú na Straitéise Náisiúnta Máithreachais, agus fógraíodh maoiniú breise de bheagnach €9m i mBuiséad 2022, chun a chinntiú go gcuirfear an Straitéis i bhfeidhm go leanúnach in 2022 agus ina dhiaidh sin. Mar Aire, de réir na ngealltanas a tugadh sa Chlár Rialtais chun torthaí sláinte na mban a fheabhsú, ba mhaith liom forbairt leanúnach seirbhísí máithreachais caighdeánaithe ar ardchaighdeán a chinntiú a thacaíonn le torthaí sláinte níos fearr do mhná.
Creidim go mbeidh an Plean athbhreithnithe, a chuimsíonn stádas agus amlíne gach gníomhaíochta a theastaíonn chun an Straitéis a chur i bhfeidhm go hiomlán, ina phríomh-chumasóir chun é seo a bhaint amach. Guím gach rath ar an gClár."