Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh fhoilsiú an Phlean Seirbhíse Náisiúnta
- Foilsithe: 17 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Finian McGrath TD, Jim Daly TD agus Catherine Byrne TD, na hAirí Stáit, tar éis fáiltiú inniu roimh fhoilsiú Phlean Seirbhíse Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) don bhliain 2020.
Leagtar amach i bPlean Seirbhíse Náisiúnta FSS don bhliain 2020 cineál agus méid na seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a sholáthrófar leis an gcistiú ar fiú níos mó ná €17 billiún é a chuir an Rialtas ar fáil i mBuiséad 2020.
Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú an Phlean Seirbhíse Náisiúnta don bhliain 2020, dúirt an tAire Harris:
“Leagtar amach sa Phlean Seirbhíse Náisiúnta atá á sheoladh inniu na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a sholáthróidh FSS sa bhliain 2020 ach úsáid a bhaint as an gcistiú suntasach a cuireadh ar fáil. Ceann de na príomhaidhmeanna atá leis an bplean seirbhíse is ea leanúint le beocht a chur sa chlár tábhachtach athchóirithe sláinte Sláintecare i bpobail ar fud na tíre ach infheistíochtaí a dhéanamh i bpríomhthacaí straitéiseacha.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le FSS agus leis an mbord agus an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin nua atá aige as a bheith ag obair leis an Rialtas chun an Plean Seirbhíse seo a chur le chéile.”
Úsáidfear an buiséad iomlán a bheidh ag FSS sa bhliain 2020 chun roinnt infheistíochtaí suntasacha breise a dhéanamh ar mhaithe le seirbhísí atá ann cheana a fheabhsú nó a leathnú, lena n-áireofar freagairt do bhrúnna déimeagrafacha agus do bhrúnna eile agus tús a chur le forbairtí seirbhíse ceadaithe nua. Mar chuid de sin, infheisteofar i gcroísheirbhísí cosúil leo seo a leanas;
- Seirbhísí Pobail - Uaireanta breise cúram baile a sholáthar agus treoirchlár a bhunú le haghaidh scéim reachtúil tacaíochta baile, áit a leithdháilfear 230,000 uair an chloig de bhreis ar an spriocleibhéal don bhliain 2019.
- Seirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas - Tacaí a sholáthar le haghaidh fágálaithe scoile faoi mhíchumas ionas gur féidir leo tacaí agus seirbhísí a rochtain chun freastal ar a riachtanais, agus tacaí a sholáthar le haghaidh measúnuithe riachtanas míchumais, le haghaidh seirbhísí uathachais agus le haghaidh acmhainn bhreise faoisimh a chruthú. Leithdháilfear uaireanta breise cúnaimh phearsanta agus áiteanna breise cónaithe éigeandála freisin.
- Cúram maolaitheach - Leapacha breise cúraim mhaolaithigh a sholáthar (55 leaba i gCill Dara, i Maigh Eo, i bPort Láirge agus i gCill Mhantáin).
- An Scéim Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil - Tabhairt faoi bhearta a mbeidh mar aidhm leo incháilitheacht a leathnú, lena n-áireofar cúram lia-chleachtóirí ginearálta saor in aisce a leathnú chuig leanaí faoi bhun ocht mbliana d’aois, agus tairseacha comhíocaíochta a ísliú.
- Straitéisí Náisiúnta Géarchúraim - Leanúint leis an Straitéis Náisiúnta Máithreachais, an Straitéis Náisiúnta Ailse agus an Straitéis Náisiúnta Tráma a chur chun feidhme.
- Athdhearadh cúraim - Tionscnaimh a sheoladh chun cúram a aistriú ón ospidéal chuig an bpobal.
- Seirbhísí Pobail Breisithe - 1,000 duine eile de bhaill foirne túslíne sa phobal a sholáthar chun cúram príomhúil a neartú trí líonraí sláinte pobail.
- Meabhairshláinte - Forbairtí éagsúla a chur i gcrích, lena n-áireofar Seirbhísí Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí a oscailt ar bhonn céimnithe i bPort Reachrann.
- An Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltranais - An tréimhse feithimh le cistiú a chothabháil cothrom le ceithre seachtaine ar an meán ar fud na bliana 2020.
- Ospísí Deonacha - Tacaíocht a thabhairt don earnáil, ar aon dul leis na pleananna inbhuanaitheachta atá le comhaontú le FSS.
- Acmhainn sa Gheimhreadh - Tabhairt faoi bhearta breise amhail pacáistí breise cúram baile agus cúram idirthréimhseach breise a sholáthar.
- Seirbhísí easpa dídine agus andúile - Tacaí breise a sholáthar, lena n-áireofar seirbhís cóireála cónaithe a bhunú do mhná agus leanaí gan dídean i réigiún an iarthair láir.
- Seirbhísí Atáirgthe Dhaonna Chuidithe.
Dúirt Finian McGrath TD, an tAire Stáit le Freagracht Speisialta as Míchumas:
“Fáiltím roimh an bPlean seo, lena gcumasófar dúinn roinnt tosaíochtaí tábhachtacha a chur ar aghaidh, lena n-áireofar laghdú a dhéanamh ar amanna feithimh le measúnuithe riachtanas faoin Acht um Míchumas, 2005; daoine faoi mhíchumas a bhogadh amach as láithreacha comhchónaithe agus isteach i dtithe trasdula sa phobal; dianphacáistí breise tacaíochta idirthréimhsí a sholáthar; agus cistiú breise a chur ar fáil don Phlean Uathachais ar mhaithe le feabhas a chur ar sheirbhísí do dhaoine a bhfuil Uathachas orthu agus dá dteaghlach.”
Ag fáiltiú di roimh fhoilsiú an Phlean Seirbhíse, dúirt Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí:
“Ceann de na príomhthosaíochtaí don bhliain 2020 is ea feabhas a chur ar shláinte agus folláine na ndaoine sin atá thíos le heisiamh sóisialta agus le handúil i ndrugaí.
Agus seirbhísí andúile á leathnú go suntasach againn do mhná torracha agus iarbhreithe agus dá leanaí, go háirithe iad sin atá gan dídean, táimid ag comhlíonadh ceann amháin de na gníomhartha is tábhachtaí sa Straitéis Náisiúnta Drugaí.
Táim tiomanta do bheith ag obair i gcomhpháirt le FSS agus leis an earnáil phobail agus dheonach chun dul i ngleic leis an éagothroime mhór sláinte a théann i bhfeidhm ar dhaoine atá thíos le húsáid fhadhbach drugaí, ar dhaoine gan dídean, ar dhídeanaithe, ar iarrthóirí tearmainn agus ar dhaoine den Lucht Siúil agus den phobal Romach”.
Dúirt Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta:
“I gcomhréir leis an bPlean, tosófar ar na moltaí maidir le Fís don Athrú a athnuachan a chur chun feidhme sa bhliain 2020, tabharfar faoi fhreagairtí digiteacha comhaontaithe i leith Ríomhsheirbhísí Meabhairshláinte, agus forbrófar foirne míchumais intleachta do sheirbhísí meabhairshláinte d’aosaigh agus do leanaí.
Osclófar Ospidéal Meabhairshláinte Fóiréinsí i bPort Reachrann sa bhliain 2020 freisin, rud a bhfuil géarghá leis faoi láthair. Is ospidéal nua-aimseartha saintógtha a bheidh ann, ina mbeifear in ann cúram a thabhairt do suas le 170 othar.
CRÍOCH