English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh na Bearta a d’Fhógair Árachóirí Sláinte chun Cabhrú le Custaiméirí i rith phaindéim Covid-19

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chuir an tAire Sláinte Simon Harris, T.D., fáilte inniu roimh an deimhniú a thug comhlachtaí árachais sláinte chun aisíocaíocht a thabhairt do chustaiméirí i rith phaindéim Covid-19.

D’fhógair an Rialtas comhaontú comhpháirtíochta le déanaí le hospidéil phríobháideacha mar chuid den iarracht náisiúnta chun freagairt don éigeandáil.

Tá an toilleadh breise a fuarthas ríthábhachtach chun na hacmhainní riachtanacha go léir a fháil i rith na héigeandála sláinte poiblí seo, cé go bhfuil impleachtaí ag an mbeart d’árachóirí sláinte príobháideacha agus dá gcustaiméirí.

Ó rinneadh an fógra, rinne oifigigh ón Roinn Sláinte teagmháil leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun iad a chur ar an eolas ar na socruithe atá déanta d’ospidéil phríobháideacha agus chun iad a phlé.

Mar chuid den teagmháil seo, tionóladh cruinniú an Fhóraim Chomhairliúcháin um Árachas Sláinte le hionadaí ó gach ceann de na hárachóirí sláinte, an tÚdarás Árachais Sláinte agus an Roinn.

Tá measúnú á dhéanamh ag árachóirí sláinte príobháideacha i ndiaidh na teagmhála seo ar conas a imreoidh an phaindéim tionchar ar chostais a n-éileamh agus tá breithniú á dhéanamh acu ar cén tacaíochtaí airgeadais is féidir a chur i bhfeidhm dá mbaill mar fhreagairt do Covid-19.

D’fhógair na trí phríomhárachóir sláinte in Éirinn inniu (Déardaoin, an 16 Aibreán) réimse bearta agus tacaíochtaí airgeadais atá á dtabhairt isteach chun tacú lena gcustaiméirí i rith ghéarchéim Covid-19.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Simon Harris, T.D.:

“Cuirim fáilte roimh na bearta a d’fhógair gach duine de na hárachóirí inniu, atá dírithe i dtreo cabhrú le custaiméirí árachais sláinte ar imir freagairt náisiúnta Covid-19 tionchar orthu.

Tá na bearta a fógraíodh á ndéanamh mar aitheantas ar an tírdhreach atá athraithe go sealadach ina n-oibríonn árachóirí sláinte faoi láthair. Is deas liom go bhfuil foighne ag na hárachóirí agus go bhfuil an cúnamh oiriúnach á thabhairt acu dá gcustaiméirí i rith na tréimhse an-dúshlánaí seo.”

Mairfidh an Creat-Chomhaontú atá i bhfeidhm le Cumann na nOspidéal Príobháideach do thréimhse thosaigh trí mhí, fad a lorgaíonn an Stát chun an úsáid atá á baint as áiseanna príobháideacha agus poiblí a bharrfheabhsú ar fud na tíre mar fhreagairt don éigeandáil sláinte poiblí seo nach raibh coinne leis. Leanfaidh an Roinn Sláinte, i gcomhar leis an Údarás Árachais Sláinte, mar rialaitheoir an tionscail, chun monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí agus tionchair don earnáil árachais sláinte.