Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh trí pháipéar taighde a fhoilsiú sa tsraith ‘Liostaí agus Tréimhsí Feithimh Ospidéil Ghéarmhíochaine’

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh trí pháipéar taighde a fhoilsiú sa tsraith ‘Liostaí agus Tréimhsí Feithimh Ospidéil Ghéarmhíochaine’

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fháiltigh an tAire Sláinte roimh trí pháipéar taighde a d’fhoilsigh Seirbhís Mheastóireachta agus Eacnamaíochta Rialtas na hÉireann (an IGEES) mar chuid den tsraith ‘Liostaí agus Tréimhse Feithimh Ospidéil Ghéarmhíochaine’ chun feabhas a chur ar an mbonn fianaise do chinnteoireacht beartais.

Is í aidhm na sraithe seo eolas breise a sholáthar don phlé ar chúiseanna struchtúracha le, agus réitigh ar, liostaí feithimh in ospidéil ghéarmhíochaine in Éirinn.

  • Scrúdaítear sa chéad páipéar na tosca a chinneann nuair is mó líon na n-othar a atreoraíodh do chúram roghnach (an t-insreabhadh) ná an líon othar a measúnaíodh nó ar cuireadh cóir leighis orthu agus a baineadh ón liosta (an t-eis-sreabhadh) agus conas mar a éiríonn le hÉirinn go hidirnáisiúnta bunaithe ar na cinntithigh seo.
  • Scrúdaítear sa dara páipéar an réimse idirghabhála a úsáideadh go hidirnáisiúnta le triail a bhaint as liostaí/tréimhsí feithimh a laghdú agus tugtar achoimre ann ar thátail a baineadh as ceithre athbhreithniú litríochta a rinneadh roimhe seo ar éifeachtacht na hidirghabhála seo i measc thíortha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (an ECFE).
  • Scrúdaítear sa tríú páipéar conas mar a éiríonn le hÉirinn go hidirnáisiúnta maidir le tréimhsí feithimh agus déantar anailís ann ar liostaí feithimh agus ar fhanacht fhada in Éirinn. (Áirítear leis an anailís an tréimhse idir 2014 agus 2019 roimh phaindéim COVID-19 agus na chéad dhá bhliain de phaindéim COVID-19 go dtí deireadh 2021).

Tá na páipéir thaighde iomlána ar fáil thíos:

Acute Hospital Waiting Lists and Times - International Comparison of Determinants of Inflows and Outflows
Amharc amharc
Acute Hospital Waiting Lists and Times - An Umbrella Review on the Effectiveness of Interventions to Reduce Waiting Lists and Times for Elective Care
Amharc amharc
Acute Hospital Waiting Lists and Times - International Comparisons and Trends in Ireland to end 2021
Amharc amharc

D’fháiltigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly roimh an bhfoilseachán agus dúirt sé an méid seo a leanas:

“Tugaimse agus an Rialtas seo príomhthús áite do liostaí agus tréimhsí feithimh a laghdú. Foilsíodh na páipéir thaighde ‘Liostaí agus Tréimhsí Feithimh’ tar éis gur seoladh Plean Gníomhaíochta Liostaí Feithimh 2023, ina leagtar amach an obair a leanann an Rialtas a dhéanamh chun leanúint ag dul i ngleic le liostaí feithimh i mbliana. Leanann gníomhaíocht a cistíodh faoi Phlean 2023, a thosaigh in Eanáir, leis an obair a tosaíodh i bPleananna Gníomhaíochta 2021 agus 2022. In 2023, leithdháileadh €443 milliún sa Bhuiséad chun leanúint den obair seo. Cabhraíonn na páipéir thaighde seo le tuiscint a fhorbairt ar conas a éiríonn le hÉirinn go hidirnáisiúnta agus maidir le treochtaí freisin i liostaí agus tréimhsí feithimh in Éirinn go deireadh 2021. Cuirim fáilte roimh na páipéir seo mar chuid den bhonn fianaise atá ag fairsingiú chun tacú le ceapadh beartais sa limistéar seo.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Cuireann an fhoireann san Aonad Seirbhísí Taighde agus Beartais, an Rannán Taighde, Forbartha agus Anailísíochta Sláinte, an Roinn Sláinte, páipéir Seirbhís Mheastóireachta agus Eacnamaíochta Rialtas na hÉireann (SMERÉ) le chéile.

Léargas Ginearálta

  • Tugann córais sláinte poiblí tús áite do rochtain ar shainchúram sláinte bunaithe ar riachtanas, seachas ar chumas chun íoc as, agus bíonn liostaí feithimh le cúram roghnach i gceist mar gheall ar shrianta ar acmhainní.
  • Tugann an Rialtas tús áite do liostaí agus tréimhsí feithimh a laghdú, díríonn Clár Athchóirithe Sláintecare go lárnach air agus tá níos mó beartas ag díriú air freisin. Anuas air sin, tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an leibhéal de chistiú Rialtais a soláthraíodh chun an limistéar seo a chomhrac.

Aidhmeanna agus Cuspóirí

Eolas a sholáthar don phlé ar chúiseanna struchtúracha le, agus réitigh ar, liostaí feithimh trí na ceisteanna a fhreagairt:

Páipéar 1: Comparáid Idirnáisiúnta ar Chinntithigh Insreafaí agus Eis-Sreafaí

  • Conas mar a éiríonn le hÉirinn go hidirnáisiúnta maidir le cinntithigh insreafaí agus eis-seafaí liostaí feithimh?

Páipéar 2: Brat-Athbhreithniú ar Éifeachtacht Idirghabhála chun Liostaí agus Tréimhsí Feithimh le Cúram Roghnach a Laghdú

  • Cén idirghabháil a úsáidtear go hidirnáisiúnta le hiarracht a dhéanamh liostaí feithimh le cúram roghnach a laghdú?
  • Cad í an fhianaise idirnáisiúnta maidir le héifeachtacht na hidirghabhála ar liostaí agus tréimhsí feithimh?

Páipéar 3: Comparáidí agus Treochtaí Idirnáisiúnta in Éirinn go dtí deireadh 2021

  • Conas mar a éiríonn le hÉirinn maidir le liostaí feithimh ospidéil maidir le tíortha eile?
  • Cén treochtaí a bhí i gceist i dtaobh liostaí feithimh in Éirinn go dtí deireadh 2021? Plean Gníomhaíochta Liostaí Feithimh (WLAP) Bonnlíne roimh 2022

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat