Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh vacsaín COVID-19 AstraZeneca Oxford do gach duine níos sine ná 18 mbliana d’aois a cheadaigh an Eoraip
- Foilsithe: 29 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 2 Feabhra 2021
- Táthar ag súil leis go dtiocfaidh na chéad dáileoga go hÉirinn an tseachtain dar tús an 8 Feabhra
- Tá Éire ag súil anois le 1.1 milliún dáileog a fháil de na trí vacsaín cheadaithe roimh dheireadh mhí an Mhárta
- Tá feachtas eolais phoiblí do dhaoine níos sine ná 85 bliain le tosú sna laethanta amach romhainn
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., roimh fhógra an lae inniu a rinne an Coimisiún Eorpach gur údaraíodh vacsaín AstraZeneca lena húsáid i measc na mBallstát, Éire ina measc. Cuirfear tús leis na vacsaíní seo a thabhairt isteach i ndiaidh go dtagann na chéad soláthairtí anseo go luath i bhFeabhra. Faoi mar a luadh sa chlár vacsaínithe, tá vacsaíní le húsáid faoi mar a thagann siad, a fhad agus go gcinntíonn an soláthraí go soláthrófar an dara dáileog.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá teacht ag Éirinn anois ar thrí vacsaín a d’fhaomh an Coimisiún Eorpach a cheadóidh dúinn dlús a chur lenár gclár vacsaíní a thabhairt isteach sna seachtainí amach romhainn. Tá súil leis go mbainfidh an chéad seachadadh de vacsaín AstraZeneca Éire amach go luath i bhFeabhra agus is féidir leis bheith mar chuid den chlár vacsaíne go gairid ina dhiaidh sin.”
“In ainneoin gur tháinig laghdú ar an méid vacsaíní a bhí ar fáil ó AstraZeneca i dtosach, ba cheart go bhfaigheadh Éire 1.1 milliún dáileog, ar an iomlán, go fóill de na trí vacsaín cheadaithe faoi dheireadh mhí an Mhárta. Cuimsítear san fhigiúr seo 1.1 milliún vacsaín a seachadadh cheana féin, chomh maith leo siúd atá sceidealaithe faoi láthair go seachadfar iad roimh an 31 Márta. Thugamar tús áite i gcónaí do chinntiú go sásódh aon vacsaín COVID a dháiltear anseo gach ceann de dhianriachtanais sábháilteachta agus éifeachtúlachta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.”
I ndiaidh don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an GLE) an moladh a dhéanamh chun vacsaíní a úsáid in aghaidh COVID-19 agus i ndiaidh gur údaraigh an Coimisiún Eorpach iad lena n-úsáid um thráthnóna, déanann an Coiste Comhairleach Imdhíonta Náisiúnta (an CCIN) treoir a fhorbairt lena n-úsáid in Éirinn a chuimsítear sna Treoirlínte maidir le hImdhíonadh d’Éirinn. Déantar nuashonrú leanúnach ar na treoirlínte seo agus cuimsítear iontu treoir maidir le gach vacsaín nua faoi mar a cheadaítear iad lena n-úsáid in Éirinn.
Clár Náisiúnta Vacsaíne na hÉireann
“Díríodh sa Straitéis Náisiúnta Vacsaínithe COVID-19 ar na daoine is leochailí agus cinntíodh gur tugadh tús áite dóibh. Amhail Dé Céadaoin, an 27 Eanáir, rinneamar 161,500 dáileog de vacsaíní COVID-19 a thabhairt. Ba iad na chéad dáileoga 71,600 díobh seo a tugadh do chónaitheoirí agus d’fhoireann ár saoráidí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh agus ba iad na chéad dáileoga 76,100 sa bhreis díobh a tugadh d’oibrithe cúraim sláinte túslíne.”
“Tá an dá dháileog faighte ag 13,800 duine sa bhreis. Tabharfar faoi na vacsaínithe a chríochnú sna cohóirt seo sna seachtainí amach romhainn. Trí sholáthairtí vacsaín AstraZeneca, agus an dá vacsaín a ceadaíodh roimhe seo a fháil, beimid in ann tús a chur leis an gclár le Cohórt 3 – iad siúd níos sine ná 70 bliain d’aois, ag tosú leo siúd atá 85 bliain d’aois agus níos sine”,
a dúirt an tAire Donnelly.
Ceadóidh na 1.1 milliún dáileog den vacsaín a bhfuil súil ag Éirinn lena bhfáil idir Eanáir agus Márta an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Vacsaíniú na ndaoine siúd atá incháilithe sa chéad ghrúpa a dtugtar tús áite dóibh a chríochnú – daoine 65 bliain d’aois agus níos sine a chónaíonn i gcúram fadtéarmach, agus an fhoireann a thugann cúram dóibh
- Leanúint le vacsaíniú agus é a chríochnú don dara grúpa a dtugtar tús áite dóibh – oibrithe cúraim sláinte túslíne
- Vacsaínithe pobail a thabhairt isteach i measc daoine níos sine ná 70 bliain d’aois, ag tosú i bhFeabhra leo siúd atá níos sine ná 85 bliain d’aois
Déanfar vacsaíniú ar an tríú grúpa, de réir aoise, ag tosú leo siúd níos sine ná 85 bliain d’aois, agus leo siúd idir 80 agus 84, idir 75 agus 79 agus idir 70 agus 74 bliain d’aois. Cuirfear tús le feachtas eolais phoiblí FSS don ghrúpa seo an deireadh seachtaine seo ar an raidió, sna meáin chlóite agus ar an teilifís.
Is iad na líonta measta daonra don ghrúpa seo, atá bunaithe go hiomlán ar aois:
| 85+ bl. | 81,000 |
| 80-84 bl. | 90,000 |
| 75-79 bl. | 134,000 |
| 70-74 bl. | 191,000 |
“Ina theannta sin, tá Éire mar chuid den chonradh Eorpach do dhá vacsaín bhreise atá á bhforbairt, agus tá rogha ann don tríú vacsaín freisin, faoi réir sonraí trialach. Leanann idirbheartaíocht ar siúl ar leibhéal Eorpach le soláthraithe eile. Tá súil, le himeacht ama, go n-éireoidh na línte soláthair níos daingne agus níos bunaithe,” a dúirt an tAire Donnelly.
“Tuigimid an t-ardéileamh atá ar an vacsaín seo in Éirinn, agus an frustrachas a chruthaíonn srianta soláthair sna luathchéimeanna seo den chlár. Leanfaimid leis an gclár a choigeartú i gcomhréir leis an soláthar agus leis an straitéis um beartú tosaíochta agus dáilte. Cuirfear tús leis an vacsaín a thabhairt isteach i measc daoine níos sine ná 70 bliain d’aois agus tá gach iarracht á déanamh chun an clár seo a sholáthar chomh mear, agus chomh sábháilte, agus is féidir.”
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
I ndiaidh go ndéantar vacsaín a cheadúnú lena húsáid, bíonn gá le roinnt mhaith céimeanna eile sular féidir an vacsaín a thabhairt.
I measc na gcéimeanna seo, tá an méid seo a leanas:
- caithfidh an Coiste Comhairleach Imdhíonta Náisiúnta a chomhairle a chríochnú agus a fhoilsiú ar an úsáid a bhaintear as vacsaíní COVID-19 in Éirinn
- oibríonn Oifig Imdhíonta Náisiúnta FSSchun ábhair oiliúna agus oideachais do vacsaíneoirí a chur i gcrích
- ullmhaítear ábhair eolais phoiblí chun gur féidir iad a sholáthar do na daoine atá le vacsaíniú
- tugtar pleananna chun an vacsaín a thabhairt isteach chun críche
- tugann foirne vacsaínithe cuairt agus sceidealaítear vacsaíní a sholáthar chuig láithreacha áirithe
Ról an ÚRTS
Is é an ÚRTS an rialálaí náisiúnta le haghaidh cógas in Éirinn. Oibríonn siad go dlúth leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an GLE). Déantar iarratais ar vacsaíní COVID-19 a údarú leis an GLE agus má dhéantar iad a cheadú, is féidir úsáid a bhaint astu i ngach Ballstát an AE. Is rannpháirtí gníomhach i ngach athbhreithniú Eorpach í Éire, tríd an ÚRTS. Rannchuidíonn an ÚRTS go díreach leis an measúnú a dhéantar ar gach cógas nua agus leis an monatóireacht a dhéantar ar a sábháilteacht a luaithe a bhíonn siad á n-úsáid. Is amhlaidh an cás freisin i dtaobh vacsaíní agus chóireálacha COVID-19.
Ó thús na paindéime, chomhoibrigh rialálaithe ar fud an domhain, an ÚRTS san áireamh, ar bhealach nach ndearna siad riamh roimhe seo chun comhairle agus treoir mhear a chur ar fáil ar na modhanna is fearr chun trialacha cliniciúla a dhéanamh agus an dearadh is fearr dóibh. Tá an comhoibriú domhanda seo dírithe go hiomlán ar theacht ar vacsaíní nua a bhrostú go sábháilte a luaithe a léirítear go bhfuil siad sábháilte agus éifeachtach.
Ball saineolach den FÉSPN freisin é an ÚRTS, a chuireann comhairle ar fáil ar ghnéithe a bhaineann le cógais, vacsaíní, agus feistí leighis san áireamh.
Déanfaidh an ÚRTS, sa mhullach ar an GLE agus gníomhaireachtaí eile cógas an AE measúnú ar shonraí sábháilteachta a thagann chun solais maidir le vacsaín COVID-19 a úsáid, trí chórais mhonatóireachta sábháilteacht dea-bhunaithe. Rachfar i ngleic le haon bhuarthaí féideartha sábháilteachta trí dhul i mbun gníomh cuí rialála chun sláinte daoine aonair agus phoiblí a chosaint agus cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal ar bhealach trédhearcach agus tráthúil.
Spreagann an ÚRTS gairmithe cúraim sláinte agus baill den phobal go tréan, chun drochfhreagairtí amhrasta (fo-iarmhairtí) i dtaobh vacsaíní COVID-19 a thabhairt le fios don ÚRTS.
Chun teacht ar eolas breise ar mhonatóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht, tabhair cuairt, le do thoil, ar an leathanach vacsaíní COVID-19: Fo-iarmhairt a thabhairt le fios.
Eolas breise ar AstraZeneca
- Léirigh comhthorthaí ó 4 thriail chliniciúla sa Ríocht Aontaithe, an Bhrasaíl agus an Afraic Theas go raibh Vacsaín COVID-19 AstraZeneca sábháilte agus éifeachtach chun cosc a chur ar COVID-19 i measc daoine 18 mbliana d’aois agus níos sine. Bhí thart ar 24,000 duine, ar an iomlán, bainteach leis na staidéir seo. Tugadh an vacsaín don leath díobh agus tugadh instealladh cóimheastóra, instealladh bréige nó vacsaín eile nach mbaineann le COVID, don leath eile díobh. Níorbh eol do dhaoine cé acu ar tugadh an vacsaín tástála nó an instealladh cóimheastóra dóibh. Is tábhachtach nár úsáideadh ach dhá cheann de na trialacha seo chun éifeachtúlacht a mheas, mar gheall nár tugadh dóthain cásanna le fios in dhá thriail chun ríomhanna daingne éifeachtúlachta a dhéanamh.
- Bunaithe ar dhá thriail chliniciúla, sa Ríocht Aontaithe agus sa Bhrasaíl, faoi seach, léiríodh gur bhain an vacsaín éifeachtúlacht thart ar 60% amach chun cásanna siomptómacha a laghdú.
- Idir 18 agus 55 bliain d’aois a bhí formhór na rannpháirtithe sna staidéir seo.
- Níl dóthain sonraí ann go fóill i measc rannpháirtithe breacaosta (níos sine ná 55 bliain d’aois) chun figiúr a sholáthar i dtaobh a fheabhas a n-éireoidh leis an vacsaín sa ghrúpa seo. Táthar ag súil le cosaint, áfach, nuair a chuirtear san áireamh go dtugtar freagairt imdhíonachta faoi deara san aoisghrúpa seo agus go mbunaítear é ar an taithí a bhí le vacsaíní eile; mar gheall go bhfuil eolas iontaofa ann faoi shábháilteacht sa daonra seo, mheas saineolaithe eolaíochta an GLE gur féidir an vacsaín a úsáid i measc daoine fásta breacaosta. Tá súil le heolas breise a fháil ó staidéir leanúnach, lena n-áirítear comhréir níos airde de rannpháirtithe aosta.
- Tugtar Vacsaín COVID-19 AstraZeneca in dhá instealladh isteach sa lámh, agus tugtar an dara ceann idir 4 agus 12 sheachtain i ndiaidh an chéad chinn.