English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta roimh fhoilsiú Treorach nua maidir le Cuairteanna do Thithe Altranais

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Fáiltíonn an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler, TD, roimh fhoilsiú an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) de Threoir nua COVID-19 maidir le cuairteanna ar Áiseanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh.

Tá sé mar aidhm ag an treoir nua tacú tuilleadh le seirbhísí cúraim chónaithe fhadtéarmaigh (lena n-áirítear tithe altranais) agus le cónaitheoirí agus iad ag pleanáil cuairteanna ar gach leibhéal den chreat le haghaidh bearta sriantacha in Athléimneacht agus Athshlánú an Rialtais 2020-2021: Plean chun Maireachtáil le COVID-19. Cuimsíonn an treoir nua tuilleadh comhairle ag aithint go bhfuil tábhacht ag baint le mórfhéilte cultúrtha nó reiligiúnacha, mar an Nollaig, do chónaitheoirí agus dá dteaghlaigh.

Tugann an treoir nua seo breac-chuntas ar shainmhíniú nuashonraithe maidir le ‘imthosca criticiúla agus atruacha’, a fhorálann anois gur féidir le cónaitheoirí:

  • suas le cuairt amháin ag duine amháin a fháil in aghaidh na seachtaine faoi Leibhéil 3 agus 4 den chreat
  • suas le cuairt amháin ag duine amháin a fháil in aghaidh gach coicíse faoi Leibhéal 5

Tugtar ar aird freisin gur cheart gach iarracht phraiticiúil a dhéanamh ag gach leibhéal creata chun cuairt bhreise a cheadú ar fhorais atruacha le linn thréimhse mórfhéile cultúrtha nó reiligiúnaí nó ceiliúradh a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis don chónaitheoir, amhail tréimhse na Nollag/na hAthbhliana.

Chun am a thabhairt chun socruithe agus pleanáil a dhéanamh chun an treoir a chur i bhfeidhm, tiocfaidh an treoir nua i bhfeidhm ón 7 Nollaig 2020.

Ag fáiltiú dó roimh an bhfoilseachán, dúirt an tAire Butler:

"Ar fud na sochaí, ba bhliain an-dúshlánach í 2020 agus muid ag iarraidh maireachtáil le COVID-19 ar an mbealach is sábháilte agus is féidir. Bhí an dúshlán sin suntasach i dtithe altranais, áit arbh éigean do ghnáthshaol na gcónaitheoirí agus na gcomhaltaí foirne athrú go mór. Tá idirghníomhaíocht shóisialta agus cuairteanna le teaghlaigh agus le cairde tábhachtach do shláinte agus d'fholláine na gcónaitheoirí agus tá siad mar chuid shuntasach dá gcaighdeán saoil.

"Ach, mar atá a fhios againn, faraor, is féidir le COVID-19 tionchar an-tromchúiseach a bheith aige ar dhaoine aosta agus orthu siúd atá leochaileach ó thaobh na sláinte de. Ní mór a bheith airdeallach agus raon beart sláinte poiblí a ghlacadh chun an riosca seo a bhainistiú agus muid ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir na bearta cosanta poiblí riachtanacha agus meabhairshláinte agus folláine na gcónaitheoirí agus a dteaghlach agus a gcairde. Gabhaim buíochas leis an HPSC as athscrúdú a dhéanamh ar treoir thábhachtach, mar shampla treoir a bhaineann le cuairteanna chuig tithe altranais agus seirbhísí cúraim chónaithe eile, ar bhonn rialta."

Dúirt an tAire Butler:

"Cé go bhfágann an riosca a bhaineann le COVID-19 go gcaithfimid go léir an Nollaig a cheiliúradh ar bhealach difriúil i mbliana, aithnítear sa treoir nua go bhfuil deiseanna ann maidir le idirghníomhaíocht shóisialta bhainistithe agus cuairteanna ón teaghlach. Agus é sin á dhéanamh, mar a luadh sa treoir, ní mór dúinn tús áite a thabhairt do chosaint agus sábháilteacht na gcónaitheoirí go léir inár mbreithnithe."

Dúirt sí:

"Tá sé tábhachtach go n-aithnímid na dúshláin atá roimh bhaill foirne tithe altranais le linn na paindéime agus go dtugaimid aitheantas dá gcuid oibre aire a thabhairt do na cónaitheoirí atá faoina gcúram agus iad a choinneáil slán, agus iad ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir raon riachtanas na gcónaitheoirí agus na bearta cosanta riachtanacha.

"Iarraim arís go ndéanfaidh gach soláthróir tithe altranais gach iarracht phraiticiúil le cuairteanna a éascú ar bhealach sábháilte de réir na treorach nua tábhachtach seo le linn thréimhse na Nollag agus ina dhiaidh sin. Tá cumarsáid agus cur chuige comhoibritheach ríthábhachtach agus iarraim ar sholáthraithe athbhreithniú a dhéanamh ar phróisis chumarsáide, chun a chinntiú go ndéanann siad cumarsáid le cónaitheoirí agus le teaghlaigh ar bhealach tráthúil agus mionsonraithe maidir le socruithe cuairte.

"Ba bhliain dheacair í do theaghlaigh agus iarraim orthu feidhmiú ar bhealach dearfach agus chomh solúbtha agus is féidir leo le foireann an tí altranais a bhfuil sé beartaithe agat cuairt a thabhairt uirthi, chun sábháilteacht chónaitheoirí agus na gcomhaltaí foirne uile an teach altranais sin a chinntiú."

CRÍOCH


Nótaí

Is cur chuige tras-rialtais é an Item was unpublished or removed chun an phaindéim a bhainistiú sna míonna amach romhainn agus foilsíodh é an 15. Bunaithe ar an gcreat seo, tá treoir nua maidir le cuairteanna forbartha ag HPSC d’áiseanna cúraim chónaithe fadtéarmacha, ar féidir a léamh anseo.

Tá COVID-19 an-tógálach agus nuair a bhíonn sé ag scaipeadh ar leibhéil arda sa phobal, tá riosca méadaithe ann go rachaidh sé isteach i dtithe altranais agus in áiseanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh eile. Is minic go mbíonn na daoine sna suíomhanna seo an-leochaileach don víreas seo agus dá éifeachtaí, chomh maith leis na suíomhanna féin a mbaineann rioscaí leo ó thaobh rialú agus cosc ionfhabhtaithe.

D’fhonn an riosca go dtarchuirfear COVID-19 chuig daonraí leochaileacha a laghdú, b’fhéidir go gcaithfí líon na gcuairteoirí ar áiseanna cúraim chónaithe fadtéarmacha a laghdú ag amanna criticiúla áirithe.

Cleachtaítear srianta cuairte go forleathan go hidirnáisiúnta mar bheart cosanta le roinnt athruithe ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad. Mar sin féin, de réir na gceanglas rialála, tá cuairteanna mar chuid de ghnáthfheidhmiú laethúil tithe altranais. Dá bhrí sin, tá soláthraí an tí altranais freagrach as gach a bhfuil praiticiúil a dhéanamh chun tacú le cuairt shábháilte. Ba cheart go mbeadh an inniúlacht agus na tacair scileanna ábhartha ag an teach altranais laistigh dá líon foirne chun é seo a bhainistiú go cuí.

D’fhorbair Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte FSS an treoir nua seo, a ailíníonn go hiomlán leis an gcreat 5 leibhéal de bhearta sriantacha mar atá mínithe sa phlean Maireachtáil le COVID-19 an Rialtais, chun tacú le soláthraithe cúraim chónaithe fadtéarmacha i gcomhlíonadh a bhfreagrachtaí agus tacú leis an gcuairt shábháilte, a mhéid is féidir, agus aird á tabhairt ar an tréimhse dhúshlánach ina bhfuilimid faoi láthair. Soláthraíonn an treoir tacaíocht agus comhairle sláinte phoiblí do na 5 leibhéal de bhearta sriantacha, nuair a bhíonn ráigeanna/cnuasaigh ann agus ag tabhairt cuairteanna i gcúinsí atruacha agus criticiúla. Ag tógáil ar leaganacha roimhe seo, soláthraíonn sé treoir bhreise maidir le tacú le riachtanais áirithe cónaitheoirí nuair a bhíonn mórcheiliúradh nó féilte cultúrtha nó reiligiúnacha, sainmhínithe athbhreithnithe ar fhorais chriticiúla agus atruacha, ag tabhairt ar aird go bhféadfaí cuairteanna breise a cheadú ar na forais sin, agus déanann sé roinnt soiléirithe tábhachtacha eile. Forbraíodh an treoir athbhreithnithe i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara náisiúnta.

Tacaíonn foilsiú na treorach seo le cur chun feidhme Item was unpublished or removed

Agus aitheantas á thabhairt don tírdhreach deacair atá curtha i láthair ag COVID-19 do shuíomhanna cúraim chónaithe fadtéarmacha, chomhaontaigh NPHET sraith beart feabhsaithe chun tacaíocht a sholáthar do na suíomhanna seo agus tá siad seo á gcur i bhfeidhm faoi láthair ag FSS, HIQA agus soláthraithe seirbhíse. Cuimsíonn siad bearta chun tacú le háiseanna a bhfuil ráigeanna de COVID-19 iontu, bearta atá dírithe ar shlabhra tarchuir an víris a bhriseadh agus tacú le soláthar PPE agus bearta cosanta eile.

An 19 Samhain, d’fhoilsigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Rialú a mheasúnú riosca is déanaí maidir le saoráidí cúraim fadtéarmacha. Aibhsíonn sé “go mbraitheann an dóchúlacht go dtabharfar isteach COVID-19 i saoráid cúraim fhadtéarmaigh ar leibhéal chúrsaíocht COVID-19 sa phobal, agus riosca níos airde bainteach le rátaí minicíochta níos airde sa phobal."

Cuireann sé seo béim ar a thábhachtaí atá sé leibhéal an víris sa phobal a chur faoi chois mar cheann de na príomhbhearta chun tithe altranais a chosaint. Mar shaoránaigh, tá freagracht orainn go léir ina leith seo agus is féidir lenár ngníomhartha ar fud na sochaí go léir tionchar díreach a imirt ar chónaitheoirí tithe altranais.