Fáiltíonn an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Scothaosta roimh Phlean Geimhridh FSS - Tacú le Daoine Scothaosta
- Foilsithe: 24 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta Mary Butler TD fáilte inniu (Déardaoin) roimh fhoilsiú Phlean Geimhridh FSS.
Ag labhairt di ag seoladh an Phlean, dúirt an tAire Butler
“Ba mhaith liom fáilte a chur roimh sheoladh an Phlean Gheimhridh inniu agus FSS a mholadh as an raon leathan gealltanas atá san áireamh ann.
“Léiríonn an infheistíocht seo de níos mó ná €600m cé chomh dáiríre is atáimidne sa Rialtas faoi na dúshláin atá le feiceáil againn go léir ag teacht chugainn i rith thréimhse an gheimhridh.
“Mar an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, tá sé an-tábhachtach dom go bhfuil béim láidir sa phlean ar thacú lenár ndaoine aosta. Ní mór go mbeadh sé mar aidhm againn an oiread cúraim agus is féidir a sholáthar sa phobal ach sa chás go dteastaíonn cúram ospidéil ó dhaoine ní mór dúinn a chur ar a gcumas dul ar ais go dtí a dteach féin, le tacaíocht sa phobal, a luaithe is féidir."
Fócas ríthábhachtach de Phlean an Gheimhridh is ea daoine a choinneáil go maith sa bhaile nó in aice leis an mbaile, lasmuigh den ospidéal, ag maireachtáil saol neamhspleách, arna éascú trí bhealaí cúraim aontaithe ceann le ceann a chur i bhfeidhm idir Dochtúirí Teaghlaigh, seirbhísí Pobail agus Ospidéil, trí Líonraí Cúraim Sláinte Pobail agus Moil Speisialtóra. Tá na tionscnaimh seo ríthábhachtach chun na hathchóirithe seirbhíse sláinte a chur i bhfeidhm mar atá beartaithe ag Sláintecare.
Dúirt an tAire Butler:
“Cuirim fáilte mhór roimh bhéim an phlean ar mhéadú an-suntasach a sholáthar i líon na n-uaireanta cúraim baile atá ar fáil. Tá áthas ar leith orm an cur chuige nua “Home First” a fheiceáil, a leagann béim ar athchumasú agus pacáistí tacaíochta baile fairsinge a sholáthar dóibh siúd a bhfuil riachtanais níos casta acu, lena n-áirítear daoine a bhfuil néaltrú orthu, a bhfuil tacaíocht á fáil acu freisin trí earcú 10 comhairleoir néaltraithe breise.
“Tá sé tábhachtach go ndéanfaimis an cur chuige baile a leathnú chuig na daoine sin a bhfuil leibhéil mheasartha agus ard riachtanais acu, ionas nach bhfeictear é díreach mar rogha do dhaoine scothaosta a bhfuil riachtanais réasúnta íseal acu. Cuid dhílis den fhorbairt leanúnach ar an Scéim Cúraim Baile Reachtúil a bhfuil géarghá léi is ea an leathnú seo ar chúram baile, ar tiomantas de chuid Chlár an Rialtais é.
"Ina theannta sin, maidir leis na daoine aosta sin atá sách maith chun an t-ospidéal a fhágáil ach nach bhfuil sách maith le dul abhaile, beidh leathnú suntasach ar an acmhainn Cúram Idirmheánach.
"Oibríonn an cur chuige seo go han-mhaith chun tacaíocht athshlánaithe a sholáthar do dhaoine aosta nó chun tacú le haistriú tomhaiste go cúram cónaithe. Tacóidh na leapacha cúraim idirmheánacha seo sa phobal le daoine aosta a choinneáil amach as an ospidéal sa chéad áit.
"Tacaím go hiomlán le haidhmeanna Phlean an Gheimhridh agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le foireann FSS a d’oibrigh go crua sa chúlra chun é a ullmhú. Ba mhaith liom aird a tharraingt freisin ar obair agus tiomantas leanúnach FSS ina iomláine as cuidiú leis an tír a choinneáil ag imeacht trí na hamanna gan fasach agus dúshlánacha seo."
CRÍOCH