Fáiltíonn antAire Donnelly agus an tAire Butler roimh cheadú an Rialtais chun an Bille Sláinte (Leasú) – Leasuithe Rialála ar an Acht Sláinte 2007 a dhréachtú
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 21 Deireadh Fómhair 2022
D'fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler roimh cheadú an Rialtais Bille Sláinte (Leasú) a dhréachtú atá beartaithe chun an tAcht Sláinte 2007 a leasú.
Tá na leasuithe atá beartaithe ar an Acht Sláinte 2007 mar fhreagra ar roinnt príomh-mholtaí i dTuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19, a foilsíodh i mí Lúnasa 2020, a d'éiligh feabhsú agus nuachóiriú cumhachtaí agus riachtanas laistigh den chreat rialála a rialaíonn tithe altranais agus bunú tuairisciú éigeantach chuig HIQA ar phríomhshonraí oibríochtúla ó thithe altranais chun tacú le pleanáil seirbhíse agus le forbairt beartais.
Déanfaidh an reachtaíocht atá beartaithe an méid seo a leanas:
- cumhachtaí nua a thabhairt isteach don Phríomhchigire Seirbhísí Sóisialta chun réamhfhógraí, fógraí neamhchomhlíonta a eisiúint agus orduithe práinneacha a fháil trí na cúirteanna, rud a sholáthróidh raon roghanna níos solúbtha agus níos comhréire roghanna le haghaidh idirghabhála chun tacú le comhlíonadh ar fud na hearnála, ag comhlánú próisis reatha alt 51 faoin Acht.
- feidhm nua a chur ar fáil don Phríomhchigire chun meicníocht tuairiscithe a bhunú agus a chothabháil chun príomhshonraí a bhailiú i ndáil le lárionaid ainmnithe. Cinnfear oibriú an tsásra tuairiscithe, lena n-áirítear na sonraí a bheidh le bailiú agus minicíocht an bhailithe, le rialacháin faoi alt nua 101A.
- amlínte a laghdú le haghaidh breitheanna arna dtionscnamh faoi alt 51 chun an córas reatha a bhrostú maidir le coinníollacha a fhorchur ar chlárú nó clárú a chealú agus chun comhsheasmhacht a choimeád le Rialacha reatha na Cúirte Dúiche chun tairiscintí a thabhairt chun achomhairc.
- bunús dlí soiléir a sholáthar don Phríomh-Chigire chun dul isteach in áitribh atá neamhchláraithe agus é a iniúchadh má tá forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil gnó lárionaid ainmnithe ar siúl;
- Tá líon beag leasuithe eile ar an Acht chun soiléiriú a thabhairt nó chun cur leis na forálacha atá ann cheana, lena n-áirítear:
- cumhachta sainráite a chur ar fáil don Phríomh-Chigire chun coinníoll a ghabhann le clárú duine ainmnithe a bhaint gan iarratas ón soláthraí cláraithe;
- foráil shainráite a sholáthar do chomhroinnt faisnéise ag an bPríomh-Chigire le HIQA;
- cion a dhéanamh d'fhaisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar don Phríomh-Chigire;
- an dualgas cruthúnais a chur go sainráite ar an soláthraí cláraithe i ndáil le himeachtaí i leith cionta má tá sé nó sí ag brath ar chosaint leithscéal réasúnach.
Dúirt an tAire Donnelly
“Tá áthas orm an reachtaíocht seo a thabhairt chun cinn a léiríonn céim thábhachtach eile i gcur i bhfeidhm mholtaí Thuarascáil Phainéil Saineolaithe Tithe Altranais. Creidim go spreagfaidh na tograí feabhsúcháin ar cháilíocht agus ar shábháilteacht an chúraim chun leasa cónaitheoirí, a dteaghlach agus na hearnála ina hiomláine.”
Is í an reachtaíocht atá beartaithe an chéad chéim de chur chuige dhá chéim chun an creat rialála lena rialaítear tithe altranais a athchóiriú. Breithneoidh an dara céim, athbhreithniú níos leithne ar an tsamhail rialála do thithe altranais, atá le tosú níos déanaí i mbliana, clár roghanna athchóirithe straitéiseacha níos fadtéarmaí, lena n-áirítear foghlaim ón bpaindéim.
Dúirt an tAire Butler
“Tabharfaidh an reachtaíocht seo feabhsuithe ar an gcreat rialála agus cuirfidh sí leis na hinfheistíochtaí a rinneadh le roinnt blianta anuas chun cur le cumas foirne HIQA sa réimse seo. Neartóidh agus feabhsóidh sí na huirlisí atá ar fáil don Phríomh-Chigire chun idirghabhálacha comhréireacha a dhéanamh d'fhonn cónaitheoirí a chosaint. Ina theannta sin, tá sé mar aidhm ag na ceanglais tuairiscithe cabhrú le pleanáil náisiúnta níos comhtháite ar fud na hearnála agus feabhas a chur ar thrédhearcacht fhoriomlán do chónaitheoirí reatha agus do chónaitheoirí amach anseo.”
Foráiltear leis an Acht Sláinte 2007 do rialáil lárionad ainmnithe do dhaoine aosta (tithe altranais), daoine faoi mhíchumas agus leanaí a bhfuil gá acu le cúram agus cosaint. Cé gur le hionaid do dhaoine aosta amháin a bhain moltaí an Phainéil Saineolaithe, tá na forálacha nua molta ábhartha ar fud na n-ionad ainmnithe go léir atá clúdaithe ag an Acht agus tá sé beartaithe go mbeidh feidhm acu maidir leo go léir.