Fáiltíonn na hAirí Donnelly agus Feighan roimh íosphraghsáil aonaid alcóil
- Foilsithe: 4 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 4 Eanáir 2022
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD inniu roimh íosphraghsáil aonaid ar dhíolacháin alcóil miondíola atá ag teacht i bhfeidhm.
Tá Éire anois ar cheann de líon beag tíortha ar domhan chun íosphraghsáil a thabhairt isteach. Ba í Albain an chéad tír san Eoraip a thug isteach íosphraghsáil in 2018 agus lean an Bhreatain Bheag í in 2020. I measc na dtíortha agus na gcríoch eile a bhfuil íosphraghsáil dhlíthiúil acu cheana tá Cónaidhm na Rúise agus réigiúin san Astráil agus i gCeanada.
Déantar foráil maidir le híosphraghas aonaid 10c in aghaidh gach graim alcóil in alt 11 den Acht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018. Socróidh íosphraghas ar aonaid íoschostas nach féidir alcól a dhíol go dlíthiúil os a chionn agus díreoidh sé ar tháirgí atá saor i gcoibhneas lena láidreacht. Cinntear an t-íosphraghas de réir mhéid an fhíoralcóil sa deoch agus tá sé comhréireach go díreach leis.
Is foráil mhór den Acht Sláinte Poiblí (Alcól) é Alt 11 maidir le hÍosphraghsáil Aonaid, atá deartha chun na díobhálacha a dhéanann mí-úsáid alcóil a laghdú agus chun moill a chur ar úsáid alcóil i measc leanaí agus ar daoine óga.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Inniu téann Éire isteach le líon beag tíortha ar domhan a bhfuil íosphraghsáil tugtha isteach acu. Tá an beart seo deartha chun breoiteacht thromchúiseach agus bás ó thomhaltas alcóil a laghdú agus chun an brú ar ár seirbhísí sláinte ó fhadhbanna sláinte a bhaineann le halcól a laghdú. D'oibrigh sé in Albain agus táim ag súil go n-oibreoidh sé anseo."
Dúirt an tAire Feighan:
“Táimid ag gníomhú chun a chinntiú nach bhfuil alcól láidir saor ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga ar phraghsanna ‘airgead póca’ agus chun cabhrú leo siúd a ólann go leibhéil dhochracha a n-iontógáil a laghdú. Táim bródúil go bhfuil Éire ar cheann de na chéad tíortha ar domhan chun an beart seo a thabhairt isteach agus atá ag gníomhú i ndáiríre chun cabhrú leo siúd is mó a bhfuil gá acu leis."
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Déantar foráil maidir le híosphraghsáil aonaid ag alt 11 den Acht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018 https://www.irishstatutebook.ie/eli/2018/act/24/section/11/enacted/en/html#sec11