English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn na hAirí roimh bhearta nua maidir le fógraíocht alcóil agus urraíocht alcóil ar imeachtaí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Fáiltíonn an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as an tSláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Frank Feighan TD, inniu roimh ghníomhú alt 15 agus 16 den Acht Sláinte Poiblí (Alcól).

Cuireann alt 15 srian ar fhógraíocht alcóil le linn imeachtaí áirithe. Faoi alt 15, tá cosc ar fhógraíocht alcóil i limistéar spóirt i rith imeachta spóirt. Ina theannta sin, tá cosc freisin ar fhógraíocht alcóil ag ócáid atá dírithe go háirithe ar leanaí nó a bhfuil tromlach na rannpháirtithe nó na n-iomaitheoirí ina leanaí.

Toirmisctear le halt 16 urraíocht a dhéanamh ar imeachtaí áirithe nuair a bhíonn sé d’aidhm nó d’éifeacht ag an urraíocht sin táirge alcóil nó branda alcóil a chur chun cinn nó alcól a ól. Toirmisctear urraíocht alcóil ag imeachtaí atá dírithe ar leanaí, ag imeachtaí ar leanaí iad tromlach na rannpháirtithe nó na n-iomaitheoirí agus ag imeachtaí a bhaineann le mótarfheithiclí a thiomáint nó le rásaíocht.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá na codanna den Acht Sláinte Poiblí (Alcól) a thagann i bhfeidhm an tseachtain seo dírithe ar mhargaíocht alcóil. Tá na srianta ar fhógraíocht agus urraíocht alcóil i ndáil le himeachtaí áirithe deartha chun ár leanaí a chosaint ar nochtadh do mhargaíocht alcóil mar chuid dá saol laethúil. Cuirfidh siad teorainn freisin leis an mbaint atá ag tomhaltas alcóil le gníomhaíochtaí spóirt agus imeachtaí gluaisteánaíochta."

Dúirt an tAire Feighan:

“Taispeánann an fhianaise ó thaighde go seasta go bhfuil baint ag nochtadh d’fhógraíocht alcóil le dóchúlacht méadaithe go dtosóidh leanaí ag ól alcóil nó go n-ólfaidh siad méideanna níos mó má tá siad ag ól cheana féin. Is féidir iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag tomhaltas alcóil ar ár ndaoine óga agus go háirithe ar a bhforbairt agus mar sin fáiltím roimh an méid a dhéanfaidh na bearta seo lena chinntiú gur féidir lenár leanaí an tús is fearr is féidir a fháil ina saol."