English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Butler roimh an mBille fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais (Leasú), 2021 a bheith sínithe agus dlí a bheith déanta de

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chuir an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, fáilte inniu roimh an mBille fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais (Leasú), 2021 a bheith sínithe agus dlí a bheith déanta de ag an Uachtarán Michael D. Ó hUigín.

Rinne an tAire Butler an Bille a rith trí Thithe an Oireachtais agus d’éirigh le gach céim de sa Dáil agus sa Seanad an tseachtain seo caite, agus na páirtí uile ag tacú leis.

Dúirt an tAire Bulter

“leis an Acht nua seo, leasófar an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, ar a dtugtar an Fair Deal, de ghnáth, chun na cosaintí atá ar fáil d’fheirmeacha agus do ghnólachtaí teaghlaigh a fheabhsú.”

Fágfar, mar gheall ar an athrú ar an Scéim seo, nach gcuirfear luach feirmeacha agus gnólachtaí faoi úinéireacht an teaghlaigh san áireamh a thuilleadh, tar éis tréimhse 3 bliana, chun costas chúraim tí altranais an duine a ríomh. Beidh feidhm aige seo nuair a thugann comharba teaghlaigh gealltanas an fheirm nó an gnólacht a riar.

Lean an tAire Butler ar aghaidh, ag rá go bhfuil

“an t-athrú seo riachtanach d’fheirmeacha agus do ghnólachtaí teaghlaigh le bheith inmharthanach agus inbhuanaitheach. Go bunúsach, féachann sé le haon bhrú airgeadais atá curtha ar na teaghlaigh seo gan ghá a mhaolú tríd an dlí reatha a nuashonrú. Deimhneofar dá réir go mbeidh an Fair Deal cóir cothrom do chách, ag feabhsú an inrochtaineacht agus an inacmhainneacht sa Scéim do níos mó teaghlach a bhfuil feirm nó gnólacht acu."

Leis an Acht nua, déanfar an teorainn 3 bliana atá ann cheana ar na ranníocaíochtaí a théann i dtreo costas an chúraim a leathnú amach le clúdach na fáltais ó dhíol phríomháit chónaithe an duine. Tá sé i gceist go gcuirfear deireadh le haon dídhreasacht atá ann do dhaoine atá ag iarraidh a dteach folamh a dhíol fad is atá siad iad ar Fair Deal de dheasca an athraithe seo.

Tháinig an tAire Butler ar an dtátal go raibh

“sé mar príomhthosaíocht dom an Scéim a nuashonrú, chomh tapa agus is féidir, ón am ar ceapadh mé i mí Iúil an bhliain seo caite. Garsprioc suntasach atá bainte amach inniu agus an píosa reachtaíochta ríthábhachtach seo déanta ina dhlí. Tiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm 90 lá ón achtachán atá déanta inniu agus táim lántiomanta cinnte a dhéanamh de go gcuirfear chun feidhme é go huile, go hiomlán agus go héifeachtach."


Nótaí don Eagarthóir:

  • Tá an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais i bhfeidhm ó 2009 i leith.
  • Amhail an 31 Nollaig 2020, bhí 22,755 duine ag glacadh páirt sa Scéim, agus chostas bliantúil díreach os cionn €1 billiún ag gabháil léi.
  • Cuireann na daoine atá ag glacadh páirt sa Scéim suas le 80% dá n-ioncam inmheasúnaithe agus 7.5% de luach na sócmhainní atá acu, ar an méad, in aghaidh na bliana. I gcás lánúin, déantar acmhainn an iarratasóra a mheas le bheith mar 50% d’ioncam agus de shócmhainní comhiomlán an lánúin. Ní chuirtear an chéad €36,000 de shócmhainní an duine aonair san áireamh ar chor ar bith, nó €72,000 i gcás lánúin, sa mheasúnú airgeadais.
  • Is éard is cuspóir fhoriomlán na Scéime um Thacaíocht Tithe Banaltrais ná go gcuireann na rannpháirtithe le costas a gcúraim de réir a n-acmhainne féin, agus go n-íocann an Stát fuílleach an chostais. Sa chás go bhfuil ranníocaíocht sheachtainiúil mheasta an duine níos mó ná costas an chúraim, ní cháilíonn siad le haghaidh na tacaíochta airgeadais. Dá bhrí sin, níl sé dóchúil go mbeidh iarratasóirí ar an Scéim a bhfuil sócmhainní nó ioncaim shubstaintiúla acu incháilithe leis an tacaíocht airgeadais.
  • Ní chuirtear luach caipitil phríomháit chónaithe phríobháidigh an duine san áireamh sa mheasúnú airgeadais le haghaidh na scéime don chéad 3 bliana dá thréimhse i gcúram. Tugtar an uasteorainn 3 bliana air seo. Faoi láthair, ní bhaineann an uasteorainn neamhcháilithe 3 bliana seo le sócmhainní táirgiúla ar nós feirmeacha agus gnólachtaí, seachas amháin sa chás go dtagann breoiteacht nó míchumas go tobann ar fheirmeoir nó úinéir gnólachta agus go dteastaíonn cúram tí altranais uaidh mar gheall air sin.
  • Féachann an Bille seo le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo trí chosaintí breise a thabhairt isteach sa Scéim chun inmharthanacht agus inbhuanaitheacht feirmeacha agus gnólachtaí teaghlaigh a chosaint, go mbeifear in ann iad a choimeád sa teaghlach don chéad ghlúin eile.
  • Is é an t-athrú atá beartaithe ná ranníocaíochtaí airgeadais a theorannú bunaithe ar shócmhainní na feirme agus an ghnólachta tar éis trí bliana, i gcás ina dtugann comharba teaghlaigh ainmnithe gealltanas an tsócmhainn tháirgiúil a oibriú ar feadh thréimhse 6 bliana.
  • Anuas air sin, leis an mBille seo, déantar an teorainn 3 bliana atá ann cheana maidir leis na ranníocaíochtaí le costas an chúraim bunaithe ar luach príomháit chónaithe a síneadh le clúdach na fáltais ó dhíol an áit chónaithe sin. Chomh maith le cothroime bhreise a thabhairt isteach - trí chaitheamh leis an mbaile agus fáltais ó dhíol an bhaile sin sa bhealach céanna - i gcomhthéacs na géarchéime tithíochta, cuireann sé deireadh le dídhreasacht teach folamh a dhíol nuair a bhogann duine chuig an cúram fadtéarmach.