English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Donnelly roimh áiseanna nua agus uasghrádaithe ag Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Deireadh Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 21 Deireadh Fómhair 2021

Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh sheoladh áiseanna nua agus uasghrádaithe ag Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh (CUMH), lena n-áirítear Svuít Gínéiceolaíochta Siúlaí, Barda Gínéiceolaíochta Lae, agus Svuít Luí Seoil an tSeomra Ionduchtaithe.

Le cois feabhsuithe suntasacha i CUMH, dá dtagraítear thuas, tá mórfhorbairt curtha i gcrích i gClinic Bhóthar na Laoi freisin agus is ann a bheidh an lárionad réigiúnach seirbhísí torthúlachta agus úraighínéiceolaíochta lonnaithe.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:

“Tá tús áite á thabhairt ag an Rialtas seo do chúram sláinte na mban. Trí chur chun feidhme leanúnach na Straitéise Náisiúnta Máithreachais, na Samhla Cúraim Shiúlaigh Gínéiceolaíochta, agus bunú clinicí speisialtóra i réimse shláinte na mban, tá feabhsuithe suntasacha agus follasacha le tabhairt faoi deara atá mar bhonn le sábháilteacht agus eispéireas ban, leanaí agus teaghlach a úsáideann ár seirbhísí a fheabhsú.”

Chomh maith le clinic ghéinéiceolaíochta siúlaí a bhunú, tá na forbairtí seo a leanas curtha i gcrích i CUMH le déanaí freisin:

  • Tá maoiniú luach €880,000 curtha ar fáil in 2021 le haghaidh 9 bpost bhreise le haghaidh seirbhísí máithreachais i CUMH chun cabhrú le tuilleadh forbairt a dhéanamh ar chnáimhseachas pobalbhunaithe, rochtain ar sheirbhísí agus tacaíochtaí gairmithe comhghaolmhara sláinte a fheabhsú, agus seirbhísí speisialaithe a fheabhsú.
  • Maoiniú chun Mol Réigiúnach Torthúlachta a bhunú i nGrúpa Ospidéal an Deiscirt/an Iardheiscirt, mar chuid de rolladh amach na Samhla Cúraim Neamhthorthúlachta, chun rochtain mhéadaithe ar imscrúduithe agus ar chóireálacha le haghaidh neamhthorthúlacht a sholáthar.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:

“Is fianaise eile fós iad na forbairtí seirbhíse ar thiomantas an Rialtais seo do Shláinte na mBan a chur chun cinn. Éascóidh an infheistíocht bhreise shuntasach a fógraíodh i mBuiséad 2022 forbairt agus feabhas na seirbhísí atá ar fáil faoi láthair mar aon le forbairt seirbhísí nua a thacóidh le Sláinte na mBan. Cabhróidh sé seo le heispéireas othar agus úsáideoirí a fheabhsú agus torthaí níos fearr a bhaint amach, de réir phrionsabail Sláintecare."

CRÍOCH