English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógartha inniu ag an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – foilsiúchán Measúnacht Tionchair um Chosaint Sonraí agus cód foinseach don Aip Rianaithe Covid

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá roinnt cáipéisí tábhachtacha foilsithe ag an Roinn Sláinte agus ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu (Dé hAoine, 26 Meitheamh) mar chuid denár dtiomantas leanúnach maidir le hoscailteacht agus trédhearcacht i bhforbairt na Aipe Rianaithe Covid in Éirinn.

Le fáil ar shuíomh gréasáin na FSS anseo tá: An Measúnacht Tionchair um Chosaint Sonraí, an cód foinseach, an Mínitheoir Táirge don Aip Rianaithe Covid, agus sraith tuarascálacha maidir le dearadh agus forbairt aipe.

https://www.hse.ie/!DW3Q7R

De réir mar a athosclaíonn an tír, beidh níos mó agus níos mó tábhachta ag baint le rianú teagmhálaithe agus siomptóim a aithint go luath, de réir mar a thugann níos mó daoine cuairt ar a dteaghlaigh agus ar a gcairde agus de réir mar a thosaíonn siad ag déanamh aclaíochta, ag casadh le daoine eile, ag siopadóireacht, ag filleadh ar an obair agus ag baint úsáide as an iompar poiblí.

Cuirfidh an Aip Rianaithe Covid ar chumas gach duine ról tábhachtach a bheith acu maidir le COVID-19 a smachtú, cabhrú le daoine bheith sábháilte agus iad féin agus daoine eile a chosaint. Déanfaidh an aip taifead má tá an úsáideoir i ndlúth-theagmháil le húsáideoir eile trí chóid anaithnid a mhalartú atá i dteileafóin an úsáideora.

Beidh ar chumas daoine a bhfuil tástáil dhearfach acu don víreas corónach rogha a dhéanamh maidir le húsáideoirí eile an aip a chur ar an eolas go hanaithnid agus a raibh dlúth-theagmháil acu leo. Sa tslí seo, cuirfidh an aip leis an tástáil agus an rianú atá ann faoi láthair, agus beifear ábalta scéala chur chuig dlúth-theagmhálaithe nach bhfuil aithne acu ar a chéile.

Cuirfidh an aip freisin ar chumas an úsáideora faisnéis a thaifeadadh go hanaithnid faoi conas a mhothaíonn siad gach lá. Tá acmhainn ag an rianaire siomptóim, sonraí náisiúnta luachmhara a ghiniúint a bhaineann le COVID-19. Cuirfear feabhas ar luas agus ar chruinneas an phróisis rianála má thuairiscítear go cruinn tús na siomptóm.

Ar aon dul leis an dlí um chosaint sonraí, ní dhéanfar sonraí a phróiseáil ach amháin chun na críche atá luaite. Ní phróiseáilfear ach sonraí riachtanacha. Beidh an rogha ag úsáideoirí an aip a scrios ag am ar bith agus beidh smacht iomlán acu maidir leis an bhfaisnéis a roinneann siad tríd an aip. Ina theannta sin, tá tiomantas rialachais i bhfeidhm chun an oibríocht a dhíchóimeáil nuair a bheidh an ghéarchéim COVID-19 thart.

Dúirt Príomhoifigeach Faisnéise (CIO) na FSS Fran Thompson:

“Taobh thiar de dhearadh an Aip Rianaithe Covid, tá forbairt agus clár tástála láidir. Tá próiseas forbartha an aip anseo in Éirinn faoi stiúir na FSS agus na Roinne Sláinte, i gcomhar le Príomhoifigeach Faisnéise an Rialtais agus An Garda Síochána, in éineacht le comhpháirtíochtaí teicniúla ón earnáil phríobháideach in Éirinn (Expleo, Nearform, Information Security Assurance Services Ltd. (ISAS), agus EdgeScan) and comhpháirtíochtaí eolaíochta ó Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI). Taispeánann na torthaí ónár gclár tástála go raibh an aip ábalta 72% de dhlúth-theagmhálaithe a bhrath ag baint úsáide as an Google Apple API.”

Chun tacú le forbairt na teicneolaíochta, cuireadh críoch le clár taighde sláinte phoiblí chun a chinntiú go bhfuil an aip éasca le húsáid, go gcosnaíonn sé an príobháideachas agus go dtacaíonn sé le húsáideoirí le himeacht ama. De réir torthaí taighde neamhspleách, an staidéir Lero a rinneadh le déanaí agus a d’fhoilsigh Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) an tseachtain seo, bheadh 82% de dhaoine sásta an aip a shuiteáil chun críche na rianaithe teagmhála.

Tá a obair seo, ag leibhéal náisiúnta, ag tarlú ag am ina bhfuil comhoibriú gan fasach ann idir rialtais, an tionsclaíocht agus an pobal eolaíochta. Cuireann an aip, a dearadh ag baint úsáide as an múnla díláraithe, ar ár gcumas bheith ailínithe go hiomlán lenár bprionsabail phríobháideachais agus le treoir sláinte phoiblí eisithe ag an gCoimisiún Eorpach, an OECD, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus an an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

Dúirt Paul Reid, POF na FSS:

“Beidh an aip ina cuid thábhachtach denár mbearta tástála agus rianaithe agus muid ag dul ar aghaidh. Cuirfidh an aip leis na hoibríochtaí rianaithe teagmhála atá ann cheana féin trí úsáideoirí a chur ar an eolas go tapaidh más amhlaidh go raibh dlúth-theagmháil acu le cás atá deimhnithe. Cuirfidh sé ar chumas úsáideoirí siomptóim a thaifeadadh, agus cuirfidh sé foinse eolais ar fail maidr le COVID-19 ar feidir brath uirthi.”

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Cáipéisí agus foilsiúcháin

Ar aon dul le treochlár an Rialtais chun aip fón póca náisiúnta a thabhairt isteach chun tacú leis an rianú teagmhála, tá sraith cáipéisí foilsithe ag an FSS agus ag an Roinn Sláinte chun léargas a thabhairt ar an gcur chuige múnla díláraithe agus ar an bpríocháideachas trí dhearadh, atá taobh thiar den Aip Rianaithe Covid d’Éirinn.

Tá cáipéisí a bhaineann leis an Aip Rianaithe Covid le fáil ar leathanach Aip Rianaithe Covid na FSS

Tá láithreán GitHub don Aip Rianaire Covid curtha ar bun agus is féidir rochtain a fháil anseo

Measúnacht Tionchair um Chosaint Sonraí (DPIA)

Is cáipéis thábhachtach í DPIA a thugann sainmhíniú soiléir trédhearcach ar na sonraí a úsaideann an aip agus ar conas a chosnaíonn an aip na sonraí sin, ag comhlíonadh go hiomlán an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Cuireadh críoch leis an DPIA don aip rianaithe covid bunaithe ar aiseolas ó Oifig an Ard-Aighne agus ó Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.

Cód foinseach

Sa chód foinseach tá na treoracha don aip chun go bhfeidhmeoidh sí. Do dhaoine ar féidir leo an cód a léamh (eolaithe ríomhaireachta/forbróirí bogearraí), soláthraíonn sé trédhearcacht iomlán maidir le conas a oibríonn an aip.

An Mínitheoir Táirge

Cuireann an Mínitheoir Táirge achoimre mionsonraithe ar fáil maidir leis an méid a dhéanann an aip agus conas atá sé ag teacht leis an iarracht náisiúnta dul i ngleic leis an COVID-19.

Forbairt agus Tástáil

Tá páirt ghníomhach glactha ag Éirinn sa Líonra Eorpach Ríomhshláinte agus tá sí gníomhach sa ghrúpa DPT-3 (an Eastóin, An Eilvéis agus an Ghearmáin). Tá an Aip Rianaithe Covid (i dtéarmaí teicniúla agus príobháideachais araon) ar aon dul go hiomlán leis an dea-chleachtas agus leis na treoirlínte atá ag teacht chun cinn maidir le haipeanna móibíleacha a úsáid chun tacú le rianú teagmhála don COVID-19 atá foilsithe ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

Chomh maith leis na torthaí ón gclár tástála a thaispeánann go raibh an aip ábalta a bhrath go cruinn 72% de dhlúth-theagmhálaithe ag baint úsáide as an Google Apple API, bunaithe ar leathnú amach an haipe Warn-App sa Ghearmáin a bhaineann úsáid as an Google Apple API freisin agus a bhfuil ráta braite 80% á bhaint amach aigesan faoi láthair, táimid muiníneach go mbeifear ábalta tuilleadh feabhais a chur air seo.

Tá Google agus Apple tiomanta leanúint le cruinneas na teicneolaíochta a mhéadú bunaithe ar shonraí a fhaightear ó thástálacha in Éirinn agus i dtíortha eile, agus ar fhaisnéis chomhthéacsúil eile ó ghléasanna a chur isteach, mar shampla má tá úsáideoir ag siúl, faoi bhealach, laistigh/taobh amuigh srl. Ba chóir a lua freisin nach ndíríonn an Google Apple API ar achar agus ar am amháin, ach tá sé bunaithe ar mhúnla riosca ar féidir leis an FSS é a thiúnáil.

Taighde Sláinte Poiblí

Cuireadh clár taighde i gcrích chun tacú le forbairt na haipe trí chomhoibriú tras-rialtais agus tras-earnála san FSS, i Seirhbísí Measúnachta agus Eacnamaíocha de chuid Rialtais na hÉireann (IGEES), an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus Aonad Iompraíochta na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta San áireamh sna cláir bhí taighde bunlíne: achoimre ar an litríocht idirnáisiúnta, anailís suirbhéireachta ar úinéireacht fón cliste agus iompraíocht tomhaltóirí, mar aon le roghnachas agus taithí úsáideoirí. San áireamh sa taighde ag an gcéim dheiridh rinneadh turgnamh iompraíochta (a chuir an tAonad Taighde Iompraíochta ESRI i gcrích).

Léiríonn ár dtorthaí:

  • Go bhfuil fón cliste ag 84% de dhaonra na hÉireann atá 16 bliain d’aois nó os a chionn.
  • An tseachtain seo d’fhoilsigh Ionad Taighde do Bhogearraí de chuid Fondúireachta Eolaíochta Éireann, Ollscoil Luimnigh (UL) agus Coláiste na hOllscoile, Gaillimh an staidéar Lero, rud a thug bunús leis na torthaí seo. Thaispeán sé go bhfuil formhór na n-aosach in Éirinn – 82% - sásta aip rianaithe teagmhála a íoslódáil ar a bhfón cliste chun srian a chur leis an bpaindéim COVID-19.

Le chéile, léiríonn an taighde seo go bhfuil tacaíocht shuntasach don aip i measc mhuintir na hÉireann, agus thug sé léargas maidir le dearadh agus forbairt na haipe chun a chinntiú go bhfuil sé éasca é a úsáid, go gcosnaíonn sé an príobháideachas, agus go dtacaíonn sé le húsáideoirí le himeacht ama.

Rannpháirtíocht Ghníomach

Mar chuid den phróiseas forbartha, chuamar i dteagmháil le raon leathan de pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear:

  • SFI agus na hionaid saineolais a bhaineann leis le haghaidh sainchomhairle agus treoir maidir le cúig príomhréimse: anailísíocht sonraí; anailís neasachta Bluetooth ísealfhuinnimh; eitic agus iontaobhas; agus cur le taithí an úsáideora.
  • Fóram na nOthar Naisiúnta nuair a bhí an aip á pleanáil agus á dearadh chun aiseolas agus tuairimí a fháil uaibh.
  • Rinne Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill measúnú ar an aip ó thaobh rochtain de agus tacíonn siad le húsáid na haipe.
  • An Chomhairle um Chearta an Duine maidir le creatlach ar bhonn prionsabail don aip rianaithe teagmhála do COVID-19, ceann a léiríonn na riachtanais dlíthiúla agus cearta daonna atá ann chun an príobháideachas a chosaint. D’fhoilsigh an Chomhairle an creatlach, agus le Cearta Digiteacha, le hacadóirí, le saineolaithe cosanta sonraí, tá an aip d’Éirinn ailínithe leis na naoi bprionsabal atá sa chreatlach.

Idir-inoibritheacht Idirnáisiúnta na n-aipeanna rianaithe teagmhála

Is tosaíocht é an Idir-inoibritheacht ag leibhéal an AE. Ba chóir go mbeadh saoránaigh an AE in ann foláireamh dlúth-theagmhála a fháil maidir le cás ionchasach den víreas corónach ar bhealach atá sábháilte agus cosanta, is cuma cá bhfuil siad laistigh den AE , agus is cuma an aip atá á úsáid acu.

Tá treorlínte comhaontaithe ag an AE chun tacú leis an Idir-inoibritheacht trasteorann idir aipeanna rianaithe. Ba chóir go mbeadh Ballstáit, Éire san áireamh, a bhaineann úsáid as ollstruchtúr láraithe ábalta idiroibriú le Ballstáirt eile a bhaineann úsáid as ollstruchtúr den chineál céanna.

D’Éirinn, tá sé thar a bheith tábhachtach réiteach a aimsiú ar na dúthshláin seo de bharr na tráchta ó thuaidh agus ó dheas den teorainn agus ar Mhuir Éireann. Tá foirne teicniúla ó thuaidh agus ó dheas i mbun caidrimh le roinnt seachtainí anuas maidir leis an mbealach is fearr réitigh a aimsiú don idir-inoibritheacht. Tá roinnt roghanna faoi chaibidil agus tá an muinín ag méadú go mbeifear ábálta idir-inoibritheacht a bhaint amach ar bhonn uile-oileánda.

Tá an Roinn Sláinte agus an FSS i dteagmháil go rialta lena gcontrapháirteanna i dTuaisceart Éireann agus i Sasana agus tá lánrochtain curtha ar fáil dóbih ar an aip Éireannach.