English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Rialtas sonraí maidir le tús a chur le soláthar Cártaí Cuartaíochta DG go dtí níos mó ná 500,000 duine eile.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Iúil 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe, Paschal Donohoe inniu sonraí maidir le tús a chur le soláthar Cártaí Cuartaíochta DG do níos mó ná 500,000 duine eile - leanaí atá 6 agus 7 mbliana d’aois agus dóibh siúd ar fad nach bhfuil níos mó ná an t-ioncam meánach á thuilleamh acu, tar éis comhaontú a fháil leis an Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann (IMO). Ligeann Cártaí Cuartaíochta DG do shealbhóirí rochtain a fháil ar chúram DG gan táille. Léiríonn an beart seo an méadú is mó i stair an Stáit ar rochtain ar chúram DG gan táillí.

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:

“Tá mo thiomantas soiléir agam cúram sláinte a dhéanamh inacmhainne do chách le fada an lá. Is cloch mhíle shuntasach é inniu agus muid ag soláthar ceart dóibh siúd is lú acmhainn íoc as rochtain ar chúram freastal ar DG gan aon chostas. Mar a dúirt mé ag am an bhuiséid i mí Dheireadh Fómhair seo caite, tá sé seo ríthábhachtach dár seirbhís sláinte. Tá sé ar cheann de na gealltanais lárnacha sa Chlár don Rialtas a chinntiú go mbeidh sé d’acmhainn ag níos mó daoine cuairt a thabhairt ar a DG rochtain ar chúram sláinte san áit cheart. Cuireann sé deireadh freisin leis an ualach atá ar dhaoine a d’fhéadfadh cuairteanna DG a chur siar toisc nach bhfuil siad in ann é a íoc.

“Tá lúcháir orm go mbeidh an méadú seo i gcúram á chur i bhfeidhm againn le comhaontú an IMO. D’oibríomar go rathúil le cleachtas ginearálta go háirithe le linn thréimhse na paindéime covid, nuair a léirigh DG tiomantas iontach maidir le cúram othar a sholáthar. Táim ag tnúth le leanúint lenár gcomhoibriú agus muid ag tabhairt faoin méadú stairiúil seo ar rochtain DG saor in aisce.

“I dteannta leis an méadú mór ar an gclár oiliúna do Dhochtúirí Teaghlaigh a d’fhógair mé le déanaí, i gcomhar le Coláiste Dochtúirí Teaghlaigh Éireann, go bhfuil muid ag tógáil seirbhísí cúraim phríomhúil atá láidir agus athléimneach de réir mar a mhéadaímid ár bhfórsa oibre Cleachtadh Ginearálta anois agus ag an am céanna feabhas a chur ar rochtain do na seirbhísí sin dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu leo.”

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadadh an Phlean Forbartha Náisiúnta agus Athchóiriú Paschal Donohoe:

“Fáiltím roimh an gcomhaontú DG nua seo rud a laghdóidh an costas a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar chúram cleachtais ghinearálta ríthábhachtach dóibh siúd inár sochaí a bhíonn ag streachailt go minic le cuairteanna DG a thabhairt. Cumasóidh sé freisin príomhthosaíocht Rialtais a sheachadadh chun rochtain ar chúram leighis a leathnú ar aon dul le Sláintecare. Ní féidir tábhacht na garsprioc seo a mheas faoina luach mar go mbaineann sé leis an méadú is mó ar cháilitheacht do chúram DG in aisce i stair an Stáit a chlúdaíonn suas le 500,000 duine. Soláthraíonn sé seo rochtain ar chúram DG do gach leanbh 6 agus 7 mbliana d'aois agus dóibh siúd go léir nach bhfuil ag tuilleamh níos mó ná ioncam airmheánach na dteaghlach. Tugann sé tacaíocht thábhachtach eile freisin do dhaoine ag am ina bhfuil dúshláin ó thaobh costais mhaireachtála.”

Dúirt an tAire Donnelly chomh maith:

“Tá an Rialtas meáite ar a chinntiú go mbaintear an costas amach mar bhac ar rochtain ar chúram sláinte. Tabharfaidh an méadú seo deis do suas le leathmhilliún duine breise rochtain a fháil ar chúram DG gan táillí. Is lá suntasach é seo ar ár dturas i dtreo cúram sláinte uilíoch a sholáthar dár ndaoine go léir.”

Cuirfidh an comhaontú leis an IMO sraith tacaíochtaí acmhainne i bhfeidhm chun ligean do DGanna foireann bhreise a earcú, chomh maith le harduithe ar tháillí chun an méadú dóchúil ar an éileamh ar sheirbhísí a chur san áireamh. Timpeall €130 milliún a bheidh sa phacáiste airgeadais iomlán i mbliain iomlán.

Faoi théarmaí an Chomhaontaithe, osclófar iarratais ar Chártaí Cuartaíochta DG do gach leanbh idir 6 agus 7 mbliana d’aois ar 11 Lúnasa 2023. Bainfidh thart ar 78,000 leanbh a bhfuil rochtain acu ar chúram DG ar bhonn príobháideach faoi láthair leas as an mbeart seo.

Rachaidh méadú na dteorainneacha ioncaim don daonra ginearálta chun ligean dóibh siúd a thuilleann níos mó ná an t-ioncam airmheánach dul chun tairbhe suas le 430,000 duine.

Cuirfear tús leis an gcéad chéim den mhéadú ioncam-bhunaithe seo an 11 Meán Fómhair 2023 agus cuirfear tús leis an dara céim an 13 Samhain 2023.


Nótaí

Cuirfear tús le síneadh na gCártaí Cuartaíochta DG do leanaí 6 & 7 mbliana d’aois ar 11 Lúnasa. Cuirfear tús le síneadh na gcártaí dóibh siúd a thuilleann ioncam airmheánach na dteaghlach nó níos lú ar 11 Meán Fómhair, agus críochnófar é in dhá chéim, 11 Meán Fómhair agus 13 Samhain.

Tháinig an Rialtas ar chomhaontú leis an IMO ar na síntí seo an tseachtain seo caite. Má chuirtear na méaduithe trí chomhaontú i bhfeidhm, déanfar an próiseas i bhfad níos réidhe agus beifear in ann tacaíocht shuntasach airgeadais a sholáthar do chleachtas ginearálta chun an acmhainn is gá a earcú chun freastal ar éileamh breise.

San iomlán, meastar go mbeidh thart ar 500,000 duine breise incháilithe faoin méadú seo, 78,000 leanbh 6 agus 7 mbliana d’aois agus 430,000 duine ag tuilleamh suas go dtí an ioncam airmheánach.

Cathain a thosóidh an méadú?

Toisc gurb é seo an méadú is mó ar cháilitheacht do chúram DG gan táillí a rinneadh riamh, is gá é a thabhairt isteach de réir a chéile chun go seachnófar riaráistí sa phróiseas iarratais.

Osclófar iarratais do pháistí idir 6 agus 7 mbliana d’aois ar 11 Lúnasa 2023.

Cuirfear tús le hiarratais don chéad ghrúpa faoin leathnú ar ioncam airmheánach an 11 Meán Fómhair 2023.

Cuirfear tús le hiarratais ar an ngrúpa iomlán faoin leathnú ar ioncam airmheánach an 13 Samhain 2023.

Cad iad na tairseacha ioncaim nua a bheidh ann? Cé a bheidh sa chéad ghrúpa?

Méadófar an tairseach ioncaim sheachtainiúil do dhuine singil a chónaíonn ina aonar ó €304 go €361 sa chéad chéim, agus ansin go €418 sa dara.

Méadófar an tairseach ioncaim sheachtainiúil do dhuine singil a chónaíonn le teaghlach ó €271 go €322 sa chéad chéim agus go €373 sa dara.

Méadófar an tairseach ioncaim sheachtainiúil do lánúin a bhfuil nó nach bhfuil cleithiúnach/cleithiúnaithe acu ó €441 go €524 sa chéad chéim agus go €607 sa dara. Cuirtear méid ceadaithe in aghaidh an chleithiúnaí leis an tairseach do lánúin a bhfuil cleithiúnach/cleithiúnaitheacu

Mar an gcéanna, méadófar an tairseach ioncaim sheachtainiúil do thuismitheoir aonair ó €441 go €524 sa chéad chéim agus go €607 sa dara.

Beidh na tairseacha ioncaim dóibh siúd os cionn 66, tar éis na n-athruithe, ar an leibhéal céanna leo siúd faoi 66 - tá na tairseacha dóibh siúd atá faoi 66 bliana d'aois faoi láthair níos ísle ná na tairseacha dóibh siúd atá os cionn 66 bliana d'aois.

Ní thiocfaidh aon athrú ar na critéir incháilitheachta do dhaoine os cionn 70 bliain d'aois

Conas is féidir le daoine iarratas a dhéanamh?

Déanfar iarratais ar Chártaí Cuairte DG do leanaí idir 6 agus 7 mbliana d’aois a phróiseáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) PCRS ar an mbealach céanna leis na hiarratais faoi 6 faoi láthair, trína tairseach ar líne

Osclóidh FSS tairseach tiomnaithe freisin dóibh siúd a dhéanann iarratas ar Chártaí Cuartaíochta DG ar bhonn ioncaim. Ceadóidh an córas seo an próiseáil den líon mór iarratas a bhfuiltear ag súil leo agus a chinntiú go bhfaigheann iarratasóirí a gCártaí chomh tráthúil agus is féidir.

Déanfaidh iarratasóirí a n-ioncam agus a n-eisíocaíochtaí a dhearbhú. Leanfaidh na speansais chéanna (costais tithíochta, iompar, srl.) agus a chuirtear in aghaidh ioncaim in iarratais ar Chárta Leighis nó Cárta Cuairte DG a bheith acu. Nuair is gá, féadfaidh FSS faisnéis bhreise agus cóipeanna de dhoiciméid a lorg chun tacú le hiarratais.

Beidh feachtas eolais ar bun roimh oscailt na n-iarratas chun tuilleadh eolais a chur ar fáil don phobal.

Sonraí ar an gcomhaontú leis an IMO

Áirítear sa Chomhaontú leis an IMO pacáiste airgeadais iomlán de €130 milliún.

Tá an pacáiste comhdhéanta de:

  • Rátaí caipitíochta feabhsaithe do leanaí idir 6 agus 7 mbliana d’aois, rud a léiríonn an t-aistriú chuig seirbhís uilíoch don aoisghrúpa seo;
  • Rátaí caipitíochta feabhsaithe do leanaí eile suas go dtí 12 bliana d’aois chun iad a thabhairt ar aon dul leis na táillí do leanaí 6 agus 7 mbliana d’aois;
  • Méadú 10% ar na rátaí caipitíochta iníoctha d’othair idir 13 bliana agus 69 bliain d’aois;
  • Tacaíochtaí acmhainne chun méadú agus coinneáil foirne laistigh de chleachtas ginearálta a chumasú;
  • Tacaíocht bhreise do na seirbhísí DG Taobh Amuigh de Ghnáthuaireanta Oibre; agus
  • Feabhsuithe ar íocaíochtaí a bhaineann le soláthar seirbhísí frithghiniúna faoin tSeirbhís Liachta Ghinearálta.

Áiríonn an comhaontú freisin foráil chun an Clár um Bainistíocht Galar Ainsealach a leathnú chun Hipirtheannas agus mná a d’fhulaing ó diaibéiteas le linn toirchis agus réamheclampsia a cheadú.

Bearta arna nglacadh chun tacú le hacmhainn DG i gComhaontú 2023

Soláthraíonn Comhaontú 2023 leis an IMO pacáiste ar fiú €30 milliún é go sonrach chun tacú le hacmhainn i gcleachtas ginearálta.

Ceadóidh sé do DGanna foireann a choinneáil agus foireann bhreise a earcú chun freastal ar an éileamh.

Beidh tacaíocht bhreise de €2 mhilliún ar fáil freisin chun tacú leis na seirbhísí DG Taobh Amuigh de Ghnáthuaireanta Oibre.

Áiteanna Oiliúna GP

Ag tús mhí an Mheithimh d’fhógair an tAire Sláinte go gcuirfí áiteanna oiliúna ar fáil do Dhochtúirí Ginearálta méadú aon trian faoi 2024, agus leathnú mór ar an gClár Oiliúna DG Neamh-AE.

Líon na nÁiteanna Oiliúna DG le méadú ó iontógáil 258 i 2022 go 350 i 2024 – méadú 35%

Méadóidh líon iomlán na n-oiliúnaithe a thabharfaidh faoin gclár ceithre bliana ón 932 reatha go 1,300 in 2026 – méadú 45%

Acmhainn ar an Scéim Oiliúna DG Neamh-AE a mhéadú ó 50 go 250 faoi dheireadh 2024 – méadú 400%

Samplaí de thairseacha ioncaim teaghlaigh

Is mar léiriú amháin atá na samplaí seo. Tá cúinsí gach duine difriúil – tabharfaidh an próiseas iarratais iarratasóirí trína n-ioncam agus a speansais féin chun incháilitheacht a mheas.

Sampla cás 1 – duine singil, ar cíos, gan leanaí

Reatha Nua
Bunthairseach 304 418
Cíos seachtainiúil 300 300
Costas comaitéireachta incheadaithe 50 50
Tairseach cháilitheachta glan 654 768

Faoin sean-thairseach, ní fhéadfadh an duine seo níos mó ná €654 a thuilleamh in aghaidh na seachtaine le bheith incháilithe. Faoin tairseach nua, d'fhéadfadh an duine seo suas le €768 in aghaidh na seachtaine a thuilleamh.

Sampla cás 2 – Lánúin, 2 leanaí, le morgáiste, ioncam singil

Reatha Nua
Bunthairseach 441 607
Morgáiste seachtainiúil 300 300
Liúntas do 2 chleithiúnaí 114 114
Tairseach cháilitheachta glan 755 1,021

Faoin sean-thairseach, d'fhéadfadh tuilleamh comhcheangailte nach mó ná €755 sa tseachtain a bheith ag an lánúin seo le bheith incháilithe. Faoin tairseach nua, d’fhéadfadh comhthuilleamh suas le €1,021 a bheith ag an lánúin seo

Sampla cás 3 – Lánúin, 3 leanaí, ar cíos, dhá ioncam

Reatha Nua
Bunthairseach 441 607
Cíos seachtainiúil 375 375
Liúntas do 2 chleithiúnaí 114 114
Cúram leanaí 200 200
Tairseach cháilitheachta glan 1,130 1,296

Faoin sean-thairseach, d'fhéadfadh tuilleamh comhcheangailte nach mó ná €1,055 sa tseachtain a bheith ag an lánúin seo le bheith incháilithe. Faoin tairseach nua, d’fhéadfadh comhthuilleamh suas le €1,221 a bheith ag an lánúin seo

Sampla cás 4 – Lánúin, gan leanaí, le morgáiste, dhá ioncam

Reatha Nua
Bunthairseach 441 607
Morgáiste seachtainiúil 300 300
Liúntas do 0 chleithiúnaí 0 0
Cúram leanaí 0 0
Tairseach cháilitheachta glan 741 907

Faoin sean-thairseach, d'fhéadfadh tuilleamh comhcheangailte nach mó ná €741 sa tseachtain a bheith ag an lánúin seo le bheith incháilithe. Faoin tairseach nua, d’fhéadfadh comhthuilleamh suas le €907 a bheith ag an lánúin seo.