Fógraíonn an t-Aire Sláinte pleananna don chlár athdheise vacsaín HPV
- Foilsithe: 21 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh chomhairle nuashonraithe ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) maidir leis an gClár Vacsaínithe HPV.
I mí Dheireadh Fómhair 2021, d’iarr an Roinn Sláinte ar an NIAC scrúdú a dhéanamh ar an éifeachtúlacht chliniciúil agus ar an leas ar fud an daonra ar fad sna grúpaí seo a leanas:
• cailíní agus buachaillí sa mheánscoil a bhí i dteideal vacsaíne HPV a fháil sa 1ú bliain ach nach bhfuair í; agus
• mná suas go dtí 25 bliana d'aois a d'fhág an mheánscoil agus nach bhfuair an vacsaín nuair a bhí siad i dteideal di.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Bunaithe ar chomhairle nuashonraithe an NIAC, d’iarr mé ar an FSS ullmhú chun clár a fheidhmiú a d’fhéadfadh an vacsaín a chur ar fáil anois do gach cailín agus buachaill i meánscoil a bhí i dteideal an vacsaín HPV a fháil roimhe seo agus nach bhfuair é.’’
“D’iarr mé freisin ar an FSS roghanna a chur ar fáil maidir leis an mbealach is fearr chun clár athdheise a thabhairt isteach do mhná óga a d’fhág an mheánscoil agus nach bhfuair an vacsaín nuair a bhí siad i dteideal di.”
“Is vacsaín thar a bheith éifeachtach é seo agus ba cheart go mbeadh daoine óga in ann teacht air. An sprioc atá againn ná ailse cheirbheacs a dhíothú le himeacht ama. Is í Éire an t-aon tír ar domhan thiar a bhfuil géarchéim muiníne aici as an vacsaíniú HPV a aisiompú aici. Tá muid faoi chomaoin go leor ag an abhcóid othair Laura Brennan, feachtasóir dochreidte, agus a teaghlach.”
CRÍOCH //