Fógraíonn an tAire Burke cistiú €1.5 milliún chun tacaíochtaí sláinte a chur ar fáil do 265 tionóntacht bhreise faoin gclár Tús Áite don Tithíocht
- Foilsithe: 10 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke TD, €1.5 milliún breise do sheirbhísí sláinte do dhaoine gan dídean faoi Bhuiséad 2025 inniu.
Leis an gcistiú, déanfar éascú ar bhunú 265 tionóntacht nua faoin gclár Tús Áite don Tithíocht in 2025. Is beart ríthábhachtach é an clár Tús Áite don Tithíocht chun dul i ngleic le heaspa dídine fhadtéarmach i measc daoine a bhfuil riachtanais casta sláinte acu, trí thionóntachtaí socra a sholáthar dóibh chomh maith le tacaíochtaí sláinte agus sóisialta. Leis an gcistiú in 2025 tacófar leis na tionóntachtaí atá ann cheana féin (breis is 1000 tionóntacht) agus ceadófar leis an clár a leathnú go dtí suas le 1,300 tionóntacht, mar atá leagtha amach i bPlean Náisiúnta cur chun feidhme Tús Áite don Tithíocht 2022-2026.
Leis an leithdháileadh cistiúcháin déanfar éascú ar na nithe seo a leanas freisin:
- Baill foirne chliniciúla agus tacaíochta bhreise a earcú chun freastal ar an fás atá ag teacht ar an éileamh agus leathnú isteach i gceantair thuaithe.
- Rochtain níos fearrar sheirbhísí dé-fháthmheasa chun fadhbanna meabhairshláinte agus fadhbanna a bhaineann le mí-úsáid substaintí, ar fadhbanna iad atá ag tarlú i gcomhthráth, a bhainistiú.
- Rochtain níos fearr ar sheirbhísí síceolaíochta agus ar theiripe saothair.
- Conair atreoraithe cuíchóirithe a bhunú chun feabhas a chur ar chomhordú an chúraim.
- Leanúint de chur i bhfeidhm Fhoireann Uirlisí um Rannpháirtíocht Piaraí de chuid Stiúrthóireacht Náisiúnta Tús Áite don Tithíocht, arb é is aidhm dó cur le ról na bpiaroibrithe maidir leis an gclár a chur i gcrích.
Dúirt an tAire Burke:
“Is léiriú an cistiú seo ar ár dtiomantas do chur chuige ‘atá bunaithe ar an tithíocht’ agus lena soláthraítear tionóntacht socair do dhaoine leochaileacha agus bonn láidir fúthu chun dul i ngleic lena gcuid riachtanas le tacaíocht ó fhoireann ildisciplíneach.
.“Tar éis dom bualadh le cuid de na piaroibrithe spreagthacha atá rannpháirteach sa chlár Tús Áite don Tithíocht, tá lúcháir orm go dtabharfar tacaíocht leis an gcistiú seo do chur i bhfeidhm Fhoireann Uirlisí um Rannpháirtíocht Piaraí de chuid Stiúrthóireacht Náisiúnta Tús Áite don Tithíocht. Is sampla iontach iad den chaoi ar féidir cur go mór le héifeachtúlacht chláir trí thaithí saoil a ionchorprú i seachadadh seirbhíse.
“Mar a léiríodh san Athbhreithniú Piaraí a rinne an Coimisiún Eorpach le déanaí, is clár ríthábhachtach Tús Áite don Tithíocht chun tacú le daoine a ndúshláin a shárú agus an ceann is fearr a fháil ar an andúil. Tá impleachtaí dearfacha fadréimseacha ag baint leis freisin maidir le nasc a chothú arís idir baill teaghlaigh, tacú le fostaíocht mhéadaithe, laghdú a dhéanamh ar líon na ndaoine a thagann chuig Rannóga Éigeandála, agus cur le rannpháirtíocht an phobail.
“Cuireadh i dtábhacht san athbhreithniú Piaraí freisin an tábhacht a bhaineann le comhoibriú ilghníomhaireachta maidir le cláir éifeachtacha de chuid Tús Áite don Tithíocht a sheachadadh, agus i ndáil leis sin tá moladh faoi leith ag dul leis an gcomhpháirtíocht, a raibh tionchar mór aici, idir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gníomhaireachtaí agus údaráis as a gcuid oibre ar Tús Áite don Tithíocht. ”
Nótaí don eagarthóir:
Tá teacht ar Phlean Náisiúnta cur chun feidhme Tús Áite don Tithíocht 2022-2026 anseo
Rinneadh óstáil in Éirinn i mí Dheireadh Fómhair 2024 ar Athbhreithniú Piaraí Choimisiún an Aontais Eorpaigh ar ‘an Rath agus ceachtanna foghlamtha maidir leis gClár Tús Áite don Tithíocht (Éire) chun easpa dídine fhadtéarmach a laghdú do dhaoine a bhfuil riachtanais chasta acu’.