Fógraíonn an tAire Burke maoiniú €250,000 chun leanúint ar aghaidh ag tacú le Cumann Bhotháin na bhFear in Éirinn
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke maoiniú athnuaite de €250,000, a léireoidh tacaíocht leanúnach na Roinne Sláinte do Chumann Bhotháin na bhFear in Éirinn. Aithníonn an maoiniú seo an méid a dhéanann Botháin na bhFear dá bpobail féin trína ngníomhaíochtaí sibhialta, áineasa agus sóisialta, agus an tionchar dearfach a bhíonn acu ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach na mball.
Téann an Cumann Bhotháin na bhFear go mór le leas na mílte fear ar fud na hÉireann. I measc na n-éachtaí a baineadh amach in 2023, bhí bunú 20 bothán nua breise agus tacaíocht d'fhorbairt Bothán na bhFear in Aonad Oiliúna Phríosún Mhuinseo, Príosún an Chaisleáin Riabhaigh, Mainistir Shelton, agus Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin i nDún Laoghaire. Chabhraigh Líne Chabhrach Faisnéise na mBothán le 4115 fear le ceisteanna acu a bhain le conas Bothán na bhFear a reáchtáil agus a oibriú, nó a bhain le bheith páirteach ann. Forbraíodh agus soláthraíodh pacáistí faisnéise agus seimineáir ghréasáin freisin a chlúdaíonn réimse topaicí a thugann tacaíocht maidir le bainistiú agus reáchtáil Bothán na bhFear chun inbhuanaitheacht an bhotháin agus tairbhí sláinte agus folláine a chinntiú dá n-úsáideoirí go léir.
In 2023, rinneadh Sheds for Life, clár pobalbhunaithe deich seachtaine um Chur Chun Cinn na Sláinte, tacaithe ag Éire Shláintiúil, a sholáthar do 341 fear thar 30 bothán i nDún na nGall, Sligeach agus Corcaigh. Tá an clár seo dírithe ar fhir a mhealladh chun plé níos oscailte agus níos bríomhaire a spreagadh maidir lena bhfolláine fhisiciúil agus mheabhrach agus ag an am céanna, chun fir a spreagadh le roghanna stíl mhaireachtála níos sláintiúla a choinneáil, chomh maith lena bhfeasacht a mhéadú i réimsí cosúil le gníomhaíocht choirp, bia sláintiúil agus folláine mheabhrach. Baineann an tionscnamh úsáid as straitéisí iscnebhunaithe chun fir a spreagadh lena sláinte agus bhfolláine a chothú i dtimpeallacht atá eolach agus sábháilte. I measc gnéithe éagsúla an chláir, tá scagthástáil sláinte, ceardlanna dhiaibéitis, cainteanna a bhaineann le haire a thabhairt dod’ mheabhairshláinte, ceardlanna um chosc ailse, bia sláintiúil agus cothú, aclaíocht, oiliúint dhigiteach, cainteanna méala agus caillteanais, chomh maith le ceardlanna feasachta sláinte béil agus fiaclóireachta. Lean an clár seo ar aghaidh trí 2024 i gcontaetha an Chláir, Chiarraí, Loch Garman, Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh.
Dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke:
“Is léir ón obair a cuireadh i gcrích anuraidh go bhfuil tionchar suntasach ag an maoiniú a chuir Éire Shláintiúil ar fáil ar shláinte agus ar fholláine na bhfear ar fud na tíre. Tá a fhios againn go dtuairiscítear go bhfuil tionchar an-tairbheach ag botháin na bhfear ar fholláine, ar chóngas agus ar fhéinmheas na mball. Bhí sé de phléisiúr agam cuairt a thabhairt ar roinnt seideanna le déanaí agus chuaigh an tallann, an fháilte agus an cairdeas a bhí le feiceáil ag gach seid go mór i bhfeidhm orm. Tá an-áthas orm leanúint leis an maoiniú seo a chabhróidh le timpeallachtaí tacúla a chur ar fáil d'fhir, le go ndéanfar a n-idirghníomhaíochtaí sóisialta a fheabhsú agus a mhéadú."
Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis Gníomhach, Colette Bonner:
"Léiríonn taighde i gcónaí an bhearna idir fhir agus mhná maidir le hionchas saoil . Is mó seans go bhfaighidh fir bás níos óige ná mná agus go bhfuil rátaí báis níos airde acu mar gheall ar phríomhchúiseanna báis cosúil le galar croí, ailse agus féinmharú.
"Chun aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí sin, tá gá le hidirghabhálacha spriocdhírithe agus feachtais feasachta atá in oiriúint do shainriachtanais sláinte na bhfear. Tá a fhios againn go bhfuil sé ríthábhachtach a bheith i gcomhluadar daoine eile agus a bheith gníomhach i gcorp agus in intinn chun dea-shláinte mheabhrach agus fhisiciúil a choinneáil.
"Cuireann Botháin na bhFear spás ar fáil d'fhir teacht le chéile, chun scileanna nua a fhoghlaim agus sóisialú lena bpiaraí agus tá ról an-tábhachtach aige maidir le fir a chumasú chun céimeanna réamhghníomhacha a ghlacadh chun a sláinte agus a bhfolláine a fheabhsú."
Chuir Príomhfheidhmeannach Chumann Bhotháin na bhFear in Éirinn, Enda Egan, fáilte roimh an maoiniú agus dúirt sé:
“Táimid thar a bheith buíoch den Aire Burke agus den Roinn Sláinte as a dtacaíocht leanúnach agus as a maoiniú flaithiúil €250,000 a chabhróidh leis an ngluaiseacht a chur ar bhonn inbhuanaithe. Ní hamháin gur léiriú í an infheistíocht athnuaite seo ar luach na 435 Bothán na bhFear, maidir le pobail ar fud na hÉireann a neartú agus a fheabhsú, ach is aitheantas mór é freisin don tionchar dearfach atá ag seideanna ar shláinte agus fholláine ghinearálta ár mball.
“Uaireanta tagann fir chuig Bothán áitiúil chun páirt a ghlacadh i dtionscadail éagsúla nó chun a bheith gníomhach i gceardlann, ach de réir mar a shleamhnaíonn an t-am ar aghaidh, tuairiscíonn gach fear gurb é cairdeas an ghné is taitneamhaí den bhothán, agus is minic a fheictear an citeal mar an uirlis is tábhachtaí sa bhothán féin.
"Tugann an maoiniú seo a fógraíodh inniu deis dúinn leanúint lenár dtiomantas chun ár dtionchar a leathnú agus chun spásanna fíorchuimsitheacha sa phobal a chur ar fáil chun tacú le gach fear ó gach gné den saol agus ár mana a léiriú 'Tá ról ag gach fear i mBothán na bhFear'."
Nótaí:
Bunaíodh Cumann Bhotháin na bhFear in 2011 agus tacaíonn sé le líonra na hÉireann de 435 Bhothán na bhFear. Cé gur thit an tinreamh ó phaindéim COVID-19, tugann idir 5000-7000 fear cuairt ar a mBothán áitiúil gach seachtain.
Le deich mbliana anuas, tá Botháin na bhFear ina gcuid ríthábhachtach d’infreastruchtúr pobail na hÉireann. Tugann seideanna deis d’fhir bualadh le chéile i spás tacúil, comhoibríoch, le feabhas a chur ar a sláinte agus a bhfolláine, agus chun cur lena bpobail.
Cuireann an Roinn Sláinte maoiniú €122,000 ar fáil chun tacú le cur i bhfeidhm céimneach an Chláir Sheds for Life um Shláinte agus Folláine. Tá an clár cur chun cinn sláinte pobalbhunaithe seo dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’fholláine fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta na mball de Bhotháin na bhFear.
Fuarthas amach i dTuarascáil 2021 ar Thionchar Sheds for Life gur thuairiscigh rannpháirtithe an chláir go raibh méadú suntasach ar shláinte fhéinrátaithe, gur tháinig méadú ar líon na laethanta gníomhaíochta coirp ar feadh 30 nóiméad ar a laghad agus gur tháinig méadú ar shástacht saoil agus ar fhiúntas saoil.
Faigheann Cumann Bhotháin na bhFear in Éirinn maoiniú de €287,000 ón FSS, maoiniú a mhaoiníonn roinnt foirne cur chun cinn sláinte agus tacaíochta riaracháin chomh maith le forchostais na hoifige náisiúnta.
In 2018, fuair an Cumann Bhotháin na bhFear in Éirinn Gradam an tSaoránaigh Eorpaigh tar éis é a bheith ainmnithe ag FPEnna na hÉireann.
Tá tuilleadh eolas ar fáil ag www.menssheds.ie.