Fógraíonn an tAire Burke maoiniú €830,000 do sheirbhísí cóireála drugaí faoi Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan
- Foilsithe: 18 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke inniu go bhfuil os cionn €830,000 de mhaoiniú á chur ar fáil do sheirbhísí drugaí do mhná a bhfuil riachtanais chasta acu, chun an dochar a bhaineann le drugaí agus básanna roimh am a laghdú i measc an ghrúpa seo.
Tá an leithdháileadh €833,118 thar dhá bhliain á chur ar fáil faoi Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan chun rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte do mhná imeallaithe a fheabhsú. Forbróidh an tionscnamh seo conairí cúraim chomhtháite d'úsáideoirí drugaí chun torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach, gné atá mar thosaíocht straitéiseach faoin Straitéis Náisiúnta Drugaí.
Tríd an maoiniú seo, leathnófar seirbhísí drugaí na mban agus tabharfar aghaidh ar na bacainní sonracha a d'fhéadfadh a bheith os comhair na mban le riachtanais chasta acu maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí cóireála drugaí. Déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) na seirbhísí a fhorbairt i gcomhar le comhpháirtithe neamhrialtasacha.
Dúirt an tAire Burke:
“Tá a fhios againn go mbíonn mná a bhfuil fadhbanna acu le húsáid drugaí ag fulaingt leis an stiogma agus bacainní breise maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí drugaí agus alcóil. D'fhéadfadh a n-úsáid drugaí a bheith níos casta freisin mar gheall ar ghnéithe áirithe, cosúil le bochtaineacht, foréigean inscne agus easpa dídine. Go háirithe, díreoidh an tionscnamh seo ar mhná atá i mbaol an bháis mar gheall ar dhrugaí.
“Cabhróidh na seirbhísí nua seo le conairí cúraim chomhtháite a fhorbairt do mhná leochaileacha a bhfuil riachtanais chasta sláinte agus shóisialta acu. Beidh na seirbhísí bunaithe ar dhea-chleachtas ar fud na hEorpa maidir le seirbhísí agus tógann sé ar an tseirbhís rathúil Jane's Place, forbartha ag Merchants Quay Ireland. Beidh na seirbhísí nasctha le háiseanna cóireála athshlánaithe cónaithe do mhná amháin.''
Beidh beirt oibrithe andúile pobail agus comhairleoir ag na seirbhísí nua - agus cuirfear maoiniú breise ar fáil le haghaidh oiliúna, fothú acmhainní agus meastóireacht ar an tionscadal. Déanfar meastóireacht tar éis dhá bhliain chun tionchar na seirbhísí a thomhas.
Dúirt Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta FSS do sheirbhísí andúile, an tOllamh Eamon Keenan:
“Cuireann an FSS fáilte roimh fhógairt an tionscnaimh mhaoinithe seo faoi Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan. Táimid ag tnúth leis an tionscnamh seo a chur chun cinn le príomhpháirtithe leasmhara sna hearnálacha reachtúla, pobail agus deonacha. De réir na bhfigiúirí is déanaí maidir le básanna a bhain le drugaí in 2020, aithníodh gur i measc na mban a tharla 38% de na básanna nimhiú drugaí. Ba iad na príomhthosca ná úsáid d’pholashubstaintí agus an teacht chun cinn d’chnagchócaon i measc na mban leochaileach. Tríd an maoiniú, tabharfar aghaidh ar bhacainní ar chóireáil andúile agus í a chinntiú do mhná i gceantair spriocdhírithe. A luaithe is a bhunófar na tionscnaimh, tá sé beartaithe ag FSS meastóireachtaí a dhéanamh ar éifeachtacht na n-idirghabhálacha chun a chinntiú go mbeidh bonn láidir fianaise ag gach forbairt seirbhíse sa réimse seo amach anseo."
Nótaí:
Gníomh 5L i bPlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2024-2025 Céim 2: Éabhlóid i Sláinte na mBanis ea "Cóireáil drugaí do mhná imeallaithe".
Tá an tosaíocht straitéiseach chun conairí cúraim chomhtháite a fhorbairt d'úsáideoirí drugaí ardriosca le torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach ar fáil sa Phlean Gníomhaíochta Straitéiseach 2023-2024 don Straitéis Náisiúnta Drugaí.
De réir sonraí 2020 ón Innéacs Náisiúnta um Básanna atá Bainteach le Drugaí (NDRDI), tuairiscítear 155 bás de thoradh drugaí i measc na mban. Is mná iad 38% de na básanna sin go léir.
D'fhoilsigh grúpa Chomhairle na hEorpa um dhrugaí (Grúpa Pompidou) lámhleabhar dar teideal 'Cur chuige inscne a chur i bhfeidhm i mbeartais drugaí, cosc, cóireáil agus ceartas coiriúil'. Soláthraíonn an Lámhleabhar sraith prionsabal agus samplaí praiticiúla chun treoir nithiúil a chur ar fáil chun cur chuige inscne-bhunaithe a chur i bhfeidhm maidir le pleanáil agus seachadadh seirbhíse ar sheirbhísí coiscthe, cúraim agus cóireála do dhaoine a úsáideann drugaí.
Moltar sa lámhleabharcur chuige príomhshruthaithe, inscne-bhunaithe a fhéachann le dul i ngleic níos fearr le riachtanais, cearta agus ionchais na mban agus na ndaoine neamh-dhénártha. Tá fothú acmhainní laistigh d'eagraíochtaí, agus an fhorbairt d'fhreagairt chuimsitheach ríthábhachtach chun é sin a bhaint amach, freagairt a thugann aghaidh ar na saincheisteanna trasnacha (lánpháirtiú mhargadh an tsaothair, oideachas, bochtaineacht, foréigean gnéasach baile agus inscnebhunaithe, tacaíocht cúraim leanaí srl) ionas gur féidir le mná na bacainní agus an stiogma atá rompu maidir le húsáid drugaí a shárú, chomh maith le rochtain a fháil ar chóireáil.