Fógraíonn an tAire Burke tionscnaimh chun sláinte an Lucht Siúil agus na Romach a fheabhsú mar chuid den straitéis náisiúnta
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Colm Burke TD go bhforbrófar Plean Gníomhaíochta um Shláinte na Romach.
Tá an tionscnamh seo i measc seacht ngníomh sláinte atá sa Straitéis Náisiúnta nua um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach 2024-2028, a sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O'Gorman an tseachtain seo.
Tá sé mar aidhm ag na tionscnaimh aghaidh a thabhairt ar chinntithigh shóisialta na sláinte den Lucht Siúil agus na Romach trí bhearta saincheaptha agus dearfacha chun sláinte a chur chun cinn agus neamhionannais a laghdú. Cuireann siad freisin go mór leis an obair atá ar bun cheana féin maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Shláinte an Lucht Siúil.
I measc na dtionscnamh sláinte faoin straitéis, tá Plean Gníomhaíochta Sláinte na Romach á fhorbairt, chomh maith leis an bPlean Forfheidhmithe Náisiúnta um Mheabhairshláinte an Lucht Siúil a sheachadadh agus glao maoinithe i gcomhar leis an gClár Pobail Shláintiúla Sláintecare chun €710,000 a leithdháileadh chun aghaidh a thabhairt ar chinntithigh shóisialta na sláinte don Lucht Siúil. Déanfar athbhreithniú agus meastóireacht ar thionscnaimh reatha chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt tionscadal amach anseo chun tacú le pobail den Lucht Siúil agus den Phobal Romach.
Dúirt an tAire Burke:
“Trí mo chuid oibre mar ionadaí poiblí, tá an-chur amach agam ar na dúshláin ar leith atá roimh phobail den Lucht Siúil agus den Phobal Romach, a dhéanann sé deacair dóibh teacht ar chúram sláinte. Ní mór dúinn éisteacht leis na pobail seo agus freagairt dóibh trí thacaíochtaí cúraim sláinte spriocdhírithe saincheaptha a fhorbairt a thugann aghaidh, mar is cuí, ar a gcuid riachtanas, a chuireann deireadh le bacainní ar chúram sláinte agus a thacaíonn le sláinte agus folláine fhisiciúil agus mheabhrach níos fearr.
"Faoin Straitéis Náisiúnta nua um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach, forbróimid Plean Gníomhaíochta Sláinte na Romach a thabharfaidh aghaidh go sonrach ar riachtanais maidir le litearthacht sláinte, meabhairshláinte, cárta leighis agus tacaíochtaí toirchis.
“Is tiomantas ríthábhachtach eile sa straitéis seo é seachadadh an Phlean Forfheidhmithe Náisiúnta um Mheabhairshláinte don Lucht Siúil, rud a bhí neartaithe le maoiniú breise de thart ar €470,000, a d’fhógair mo chomhghleacaí, an tAire Mary Butler T.D. in 2024, chun tacú le meabhairshláinte an Lucht Siúil.
"Oibreoimid freisin i dtreo tuilleadh teagmhála a dhéanamh leis na pobail seo trí bhonneagar iontach an chláir Pobail Shláintiúla Sláintecare. Tríd an líonra seo, beimid ag leithdháileadh maoinithe de €710,000 ar thionscadail a thabharfaidh aghaidh go héifeachtach ar chinntithigh shóisialta na sláinte do na grúpaí seo.
“Cé go bhfuil go leor oibre fós le déanamh chun a chinntiú go bhfaighidh ár bpobail atá faoi mhíbhuntáiste cothromas maidir le rochtain ar chúram sláinte, táim muiníneach go gcuideoidh na tionscnaimh atá á bhfógairt againn inniu le tacú le sláinte fheabhsaithe an daonra."
Nótaí:
- Tá an Straitéis Náisiúnta nua um Chuimsiú na Romach agus an Lucht Siúil 2024-2028 ar fáil Item was unpublished or removed
- Chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim sláinte don Lucht Siúil agus do na Romaigh, tá [external-link Creat Sláinte Ionchuimsithe | Creat Sláinte Ionchuimsithe ] á fhorbairt ag an Roinn Sláinte, a thacóidh leis an ngá atá ann athrú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear seirbhísí cúraim sláinte ar fáil.Tá Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ag tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin don Chreat seo.
- Is príomhghléas é an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Shláinte an Lucht Siúil, a seoladh in 2022, chun sláinte an Lucht Siúil a fheabhsú. In 2023, leithdháileadh €1.3 milliún chun an plean a chur i bhfeidhm. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gceannas ar an gcur i bhfeidhm de agus faoi láthair, tá 30 den 45 gníomh ag dul chun cinn ar sprioc.