Fógraíonn an tAire Donnelly ceapachán an Ollaimh Breda Smyth mar Phríomhoifigeach Leighis eatramhach sa Roinn Sláinte
- Foilsithe: 15 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD go nglacfaidh an tOllamh Breda Smyth le ról mar Phríomhoifigeach Leighis eatramhach sa Roinn Sláinte ón 4 Iúil, go dtí go gcríochnófar an comórtas chun an ról a líonadh ar bhonn buan.
Beidh an Dr Tony Holohan ag éirí as a phost mar Phríomhoifigeach Leighis an 1 Iúil tar éis 14 bliain sa ról.
Tá taithí leathan chliniciúil ag an Ollamh Smyth agus tá saineolas aici ar shláinte phoiblí le 16 bliana anuas. Tá sí ina hOllamh le Míochaine Sláinte Poiblí in OÉ Gaillimh faoi láthair agus ina Comhairleoir le Sláinte Poiblí in FSS an Iarthair.
Chuir an tOllamh Smyth go mór le freagairt na hÉireann ar COVID-19 tar éis di a bheith ina ball den Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET), an Sainghrúpa Comhairleach um Mhearthástáil; an Príomh-Imscrúdaitheoir ar an staidéar ilsuímh UniCoV chomh maith lena dualgais thábhachtacha mar Stiúrthóir Sláinte Phoiblí in FSS an Iarthair. Bhí an tOllamh Smyth ar dhuine de bhunaitheoirí an Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíoch na hÉireann (IEMAG) maidir le COVID-19.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Cé gur cuireadh tús leis an gcomórtas oscailte chun ról ríthábhachtach an Phríomhoifigigh Leighis a líonadh go buan, tuigim go bhfuil gá leis an gceannaireacht riachtanach a bheith i bhfeidhm i gcónaí chun leanúint le monatóireacht a dhéanamh ar COVID 19 agus bagairtí sláinte poiblí eile agus iad a chomhrac.
“Tá scil ar leith ag an Ollamh Smith leis an meascán riachtanach de thaithí acadúil, polasaí agus túslíne tar éis di ceannaireacht, treoir shaineolach agus ghairmiúil Sláinte Poiblí a sholáthar go náisiúnta agus in FSS an Iarthair le roinnt blianta anuas. Chuir sí go mór leis an bhfreagairt náisiúnta ar COVID-19 ina go leor ról le linn bhainistiú na paindéime.
“Tugann an tOllamh Smyth an taithí shuntasach seo, cumas ceannaireachta den scoth agus tacar scileanna fairsing sláinte poiblí chuig an ról agus táim ag tnúth go mór le bheith ag obair léi. Gabhaim buíochas leis an Ollamh Smyth as a bheith sásta an ról a líonadh ar bhonn eatramhach go dtí go gcríochnófar comórtas oscailte le haghaidh CMO buan.”
Dúirt an tOllamh Smyth:
“Tá mé ar bís go mbeidh an deis agam oibriú i gcomhar le mo chomhghleacaithe sa Roinn Sláinte, agus ar fud ár seirbhíse sláinte agus cúraim shóisialta chun tógáil ar an obair mhór a rinneadh, roimh COVID -19 agus lena linn, chun sláinte an phobail agus sláinte agus folláine dhaonra na hÉireann a chur chun cinn agus a chosaint.
“Chuir an phaindéim béim ar shláinte phoiblí, agus táim ag tnúth leis an deis an clár oibre sláinte poiblí a chur chun cinn trí thionscnaimh thábhachtacha thras-rialtais amhail Éire Shláintiúil agus Sláintecare chun sláinte agus folláine an daonra ar fad a fheabhsú, lena n-áirítear grúpaí imeallaithe agus leanúint ar aghaidh ag tabhairt aghaidh ar éagothromais sláinte."
Tá an tOllamh Breda Smyth á tabhairt ar iasacht don Roinn ar bhonn gearrthéarmach.
Fógraíodh comórtas oscailte don phost mar Phríomhoifigeach Leighis ar www.publicjobs.ie.
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
An tOllamh Breda Smyth MD, MPH, FFPHMI
Rinne an tOllamh Smyth a bunchéim sa Mhíochaine (MB, BCh, BAO) i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Lean sí dá cuid oiliúna i gColáiste Ríoga na Lianna in Éirinn ansin, rinne sí Máistreacht sa tSláinte Phoiblí i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Dochtúireacht Mhíochaine in OÉ Gaillimh agus comhaltacht iardhochtúireachta in UCLA. Bronnadh an tOllamh Smyth mar Bhall de Dhámh na Míochaine Sláinte Poiblí in Éirinn in 2005, agus, in 2013, rinneadh Comhalta de Dhámh na Míochaine Sláinte Poiblí in Éirinn de.
Tá an tOllamh Smyth ina Ollamh Pearsanta le Míochaine Sláinte Poiblí in OÉ Gaillimh faoi láthair agus ina Chomhairleoir le Sláinte Poiblí in FSS an Iarthair. Tá taithí fhairsing aici ar chláir náisiúnta a threorú thar na ceithre réimse den tSláinte Phoiblí: Cosaint Sláinte, Sláinte agus Faisnéis na Seirbhíse Sláinte, Feabhsú na Seirbhíse Sláinte agus Feabhsú Sláinte.
Le linn na paindéime mar Stiúrthóir Sláinte Poiblí FSS an Iarthair, threoraigh an tOllamh Smyth an Roinn Sláinte Poiblí FSS an Iarthair chomh maith lena rannchuidiú náisiúnta suntasach mar bhall den Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET), an Sainghrúpa Comhairleach Mearthástála agus mar dhuine de bhunaitheoirí Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíoch na hÉireann (IEMAG) COVID -19. Rinne sí a cuid taighde mar Phríomhthaighdeoir ar an staidéar ilsuímh UniCoV a fhiosraíonn córais réamhrabhaidh do SARS Co-V -2 lena n-áirítear teicneolaíochtaí mearthástála in earnáil an ardoideachais agus an bhreisoideachais.
Roimh an bpaindéim bhí sí ina hÚinéir Freagrach Sinsearach ar chlár Athchóirithe Sláinte Poiblí FSS Crowe Horwath in 2019. Choincheap sí agus ba í an Ceannaire Náisiúnta í ar an tionscadal ‘Pleanáil don tSláinte' ó bunaíodh é in 2015. Rinneadh an obair seo a chomhtháthú mar chuid de phróiseas na Meastachán ar an mBuiséad Sláinte. Ba í an tOllamh Smyth an Ceannaire Náisiúnta ar an Tionscadal um Aosú Sláintiúil agus Dearfach agus d'fhorbair sí agus d'fhoilsigh sí an ‘Aosú Sláintiúil agus Dearfach do Chách; Straitéis Taighde 2015 -2019' i gcomhar leis an Roinn Sláinte in 2019. Bhí sí ina Ceannaire Náisiúnta ar Chosc Stróc sa Chlár Cliniciúil Stróc 2010-2014 freisin agus bhí sí i gceannas ar an scagadh faille píolótach le haghaidh fibriliú aitriach. Tá suim aici i gcónaí maidir le stróc a chosc trína cuid taighde mar PI Náisiúnta ar staidéar AFFECT EU a bhfuil maoiniú AE aige.
Tá an-chuid taighde déanta ag an Ollamh Smyth freisin, lena n-áirítear Dochtúireacht Mhíochaine ar ‘Éagothroime Básmhaireachta in Éirinn 2000-2006' idir 2007 agus 2009, ar bronnadh Bonn Cré-umha Zachary Johnson uirthi ina leith. Bronnadh Comhaltacht Iardhochtúireachta uirthi freisin in Ollscoil California, Los Angeles ó 1998 – 2001.