English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Donnelly Earcaíocht ar 854 Altra Breise chun Foireann Altraí Sábháilte a chur i bhfeidhm i mbliana

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 8 Bealtaine 2023

Fógraíonn an tAire Stáit, Stephen Donnelly, maoiniú de €25 milliún le haghaidh 854 postanna altranais chun an Creat Foireann Altraí Sábháilte agus Measc Scileanna a chur i bhfeidhm go hiomlán i ngach ospidéal géarmhíochaine go náisiúnta.

Is cur chuige fianaisebhunaithe é an Creat le cinntiú go bhfuil go leor altraí leis an eolas agus na scileanna cearta chun cúram sábháilte ardchaighdeáin a sholáthar d’othair san hospidéil ghéarmhíochaine, Rannóga Éigeandála san áireamh. Cuimsiónn an creat seo riachtanais chúraim éagsúla na n-othar le breithiúnas cliniciúil gairmithe ardoilte agus fianaise ar thionchar agus ar thorthaí.

Tagann an fógra inniu leis an leibhéal earcaíochta is mó riamh sa seirbhís sláinte.

Tá 20,000 ball foirne sa bhreis ag obair sa seirbhís sláinte ó thús na paindéime, 6,200 (glan) altraí agus cnáimhseacha breise san áireamh.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tháinig na méadaithe is mó ar fhoireann an FSS sna blianta 2020, 2021 agus 2022 ó bunaíodh é, agus teastaíonn uainn níos mó a dhéanamh. Tá an Creat um Fhoireann Altraí Sábháilte á chur i bhfeidhm againn ó 2020. Thosaíomar sna hospidéil níos mó agus tá na buntáistí ag teacht chun cinn anois. Bogfaimid ar aghaidh anois chun cur chun feidhme an pholasaí sna hospidéil ghéarmhíochaine i mbliana".

Tá €31 milliún infheistithe ag an Rialtas sa Chreat cheana féin ó 2020.

Dúirt POF an FSS Bernard Gloster:

"Is forbairt shuntasach é seo a thugann deis dúinn an Creat do Fhoireann Shábháilte a chur chun feidhme i ngach ospidéal. Tá mise tiomanta go n-oibreoimid anois le chéile lasitigh den FSS chun foirm agus ábhar an chreata seo a bhaint amach. Cuirim fáilte roimh fhógra an Aire Donnelly, as a dtiocfaidh feabhas suntasach ar an gcúram othar a chuirimid ar fáil, agus ar thaithí na foirne a sholáthraíonn an cúram sin."

Tairgeadh agus tairgfear conarthaí buana inár seirbhís sláinte do chéimithe altranais agus cnáimhseachais.

Dúirt an tAire Donnelly chomh maith:

"Tá infheistiú ollmhór déanta ag an Rialtas seo inár seirbhís sláinte. Dáileadh thart ar €23.6 billiún i mbliana, €5.6 billiún sa bhreis (32%) den leithdháileadh buiséid le haghaidh 2020. Cuireadh os cionn 970 leapacha cúraim chriticiúil ar fáil ó 1 Eanáir 2020. Tá méadú de 25% tagtha ar ár leapacha cúraim chriticiúil le linn na tréimhse céanna. Táimid fós ag maoiniú toilleadh méadaithe inár seirbhís sláinte – leapacha agus foireann – agus táimse tar éis tacú leis seo anois trí chur chuige atá bunaithe ar fhianaise maidir le foireann altraí”.