Fógraíonn an tAire Donnelly Leathnú ar na Seirbhísí Fiaclóireachta do Shealbhóirí an Chárta Leighis
- Foilsithe: 14 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2022
D’fhaomh an tAire Sláinte Stephen Donnelly bearta nua inniu chun cúram méadaithe na sláinte fiaclóireachta a chur ar fáil do shealbhóirí an chárta leighis mar chuid de Scéim na Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta (SSCF). Gheall sé freisin athbhreithniú a dhéanamh uirthi chun inmharthanacht na Scéime a chinntiú amach anseo.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Gheallaim dian-athbhreithniú a dhéanamh ar Scéim na Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta chun á hailíniú leis an mBeartas Náisiúnta um Shláinte Béil. Ar feitheamh an athbhreithnithe sin, sé atá mar thosaíocht dom láithreach ná aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a mbaineann le rochtain a fháil ar chóireáil ag othair an chárta leighis.
"Ina leith siúd, tcheadaigh mé arduithe ar na táillí atá iníoctha leis na fiaclóirí ar conradh le haghaidh roinnt gnás, lena n-áirítear scrúduithe agus líonadh, agus tá cead tugtha agam freisin do ghlanadh (Sciúradh agus Snasú) d’othair an chárta leighis a thabhairt isteach arís.
"Tá na moltaí seo deartha chun aghaidh a thabhairt ní amháin ar na saincheisteanna a mbaineann leis na seirbhísí d’othair an chárta leighis, ach ar na hábhair imní a léirigh na fiaclóirí faoi inmharthanacht an SSCF chomh maith."
Tá tabhairt ar ais an Sciúrtha agus an Snasaithe ag teacht le héiteas coisctheach an Bheartais Náisiúnta um Shláinte Béil. Is chéad chéim é freisin chun an SSCF a ailíniú níos daingne leis scéim eile an Stáit, an Scéim Sochair na Cóireála Fiaclóireachta (an scéim ÁSPC), ina chuirtear an Sciúradh agus Snasú ar fáil.
Is ionann na hathruithe seo agus infheistíocht shuntasach bhreise i Scéim na Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta.
Arsa an tAire Donnelly:
"Mar thoradh ar na hathruithe seo, tá súil agam go bhfeicfimid méadú ar líon na bhfiaclóirí a bhfuil cóireáil á dtairiscint acu d’othair an chárta leighis."
Nótaí
Cuireann Scéim na Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta (SSCF) cúram fiaclóireachta ar fáil saor in aisce do shealbhóirí an charta leighis in aois 16 bhliain nó sine. Cuirtear a leithéid ar fáil ag cleachtóirí fiaclóireachta neamhspleácha a bhfuil conradh acu leis an FSS.