Fógraíonn an tAire Donnelly nuashonrú ar Liosta Tosaíochta Vacsaínithe na hÉireann
- Foilsithe: 30 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu, Dé Máirt an 30 Márta, cheadaigh an Rialtas nuashonrú ar Straitéis Leithdháilte Vacsaínithe COVID-19. Leagtar amach sa straitéis seo na grúpaí a dtabharfar tosaíocht dóibh le haghaidh vacsaínithe chun cuspóirí an chláir vacsaínithe a bhaint amach maidir le trombhreoiteacht, seal san ospidéal agus bás a chosc. Tá sí bunaithe ar chreataí cliniciúla, eolaíochta agus eiticiúla arna dtáirgeadh ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta agus ag an Roinn Sláinte.
Tá Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann ar siúl ó dheireadh na bliana seo caite. San am sin, tá beagnach 800,000 dáileog de vacsaíní COVID-19 tugtha.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:
"Is iad formhór mór na ndaoine a fuair vacsaíní na daoine is mó atá i mbaol agus a d’fhulaing an t-ualach is airde maidir le trombhreoiteacht agus bás, chomh maith leis an aonrú sóisialta atá cruthaithe ag na bearta sláinte poiblí riachtanacha.
"Chonaiceamar cónaitheoirí agus baill foirne tithe altranais, oibrithe cúram sláinte túslíne agus iad siúd os cionn 80 bliain d’aois ag fáil a gcuid vacsaíní COVID-19 agus tá rátaí ionfhabhtaithe sna grúpaí seo tite go suntasach, agus mar thoradh air sin, tá fianaise shoiléir feicthe againn ar bhuntáiste sa bhreis vacsaínithe sa chohórt seo, agus le déanaí atosaíodh cuairteanna chuig tithe altranais."
I mí Aibreáin, Bealtaine agus Meitheamh, táthar ag súil go riarfaidh Éire trí mhilliún dáileog den vacsaín, agus go bhfaighidh ceathrar as gach cúigear daoine fásta dáileog amháin ar a laghad den vacsaín faoi dheireadh mhí an Mheithimh. Leanann vacsaíniú na ndaoine os cionn 70 bliain d’aois ar aghaidh, agus beidh a gcéad dáileog faighte ag gach duine os cionn 70, beagnach leath mhilliún duine, faoi lár mhí Aibreáin.
Tá tús curtha le vacsaíniú daoine idir 16-69 bliain d’aois atá i mbaol an-ard ó COVID-19 mar gheall ar fhadhbanna sláinte ar leith.
Beidh an rolladh amach níos éifeachtaí mar thoradh ar an gcur chuige aoisbhunaithe ag méideanna níos airde vacsaínithe, agus cosnóidh sé na daoine is leochailí i dtosach.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Díríonn an t-aistriú chuig straitéis leithdháilte den chuid is mó ar riosca cliniciúil - is é sin aois agus fadhbanna sláinte - rud a fhágann go bhfuil clár vacsaínithe na hÉireann níos éifeachtaí, níos trédhearcaí agus níos cothroime.
"Táimid ag foghlaim ónár dtaithí féin le trí mhí anuas, agus ón méid is éifeachtaí go hidirnáisiúnta. Ciallaíonn sé den chéad uair gur féidir linn faisnéis níos fearr a thabhairt don cheist an-réasúnta 'cathain a bheidh mé vacsaínithe?'."
Is fearr a thacaíonn an t-aistriú chuig samhail aoisbhunaithe le cuspóirí an chláir trí:
- iad siúd atá i mbaol ó ghéarbhreoiteacht a chosaint ar dtús, rud a théann chun leasa gach duine
- pleanáil agus cur i bhfeidhm an chláir ar fud na tíre a éascú
- trédhearcacht agus cothroime a fheabhsú
Tá ceannach níos mó ná 18m vacsaíní ceadaithe ag an Rialtas faoi réir ceaduithe rialála.
Nótaí
Straitéis Leithdháilte Vacsaíní Athbhreithnithe
1. Daoine 65 bliana d’aois agus níos sine atá ina gcónaí i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh (is dóigh go gcuimseofar gach ball foirne agus cónaitheoir ar an láthair)
2. Oibrithe cúram sláinte sa líne tosaigh
3. Daoine 70 bliain d’aois agus níos sine
4. Daoine 16-69 bliain d’aois a bhfuil fadhbanna sláinte acu a chuireann i mbaol an-mhór ó dhianghalar agus bás iad
5. Daoine 65-69 bliain d’aois a bhfuil fadhbanna sláinte acu a chuireann i mbaol mór ó dhianghalar agus bás iad
6. Daoine eile 65-69 bliana d’aois, agus Príomhoibrithe atá riachtanach don chlár vacsaínithe
7. Daoine 16-64 bliain d’aois a bhfuil fadhbanna sláinte acu a chuireann i mbaol mór ó dhianghalar agus bás iad
8. Cónaitheoirí i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh idir 16-64 bliain d’aois
9. Daoine 64 bliana d’aois agus níos óige san ord seo a leanas:
- 64-55 bliain d'aois
- 54-45 bliain d'aois
- 44-35 bliain d'aois
- 34-25 bliain d'aois
- 24-16 bliain d'aois
Daoine 16-64 bliain d’aois atá ina gcónaí nó ag obair i suíomhanna plódaithe*