English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Harris, an tAire Flanagan agus an tAire Byrne cur chuige atá faoi stiúir ag an tsláinte i leith drugaí a shealbhú le haghaidh úsáid phearsanta.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Lúnasa 2019
  • An t-eolas is déanaí: 2 Lúnasa 2019

D’fhógair an Rialtas athchóirithe suntasacha ar dhrugaí a shealbhú le haghaidh úsáid phearsanta ar aon dul leis an ngealltanas uaidh cur chuige sláinte poiblí a shaothrú i leith úsáid drugaí in Éirinn.

D’fhógair Simon Harris, an tAire Sláinte, Charlie Flanagan, an tAire Dlí agus Cirt, agus Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, go bhfuarthas ceadú ón Rialtas le haghaidh cur chuige atá faoi stiúir ag an tsláinte a fhorbairt.

Tagann an cinneadh sna sála ar an tuarascáil ón nGrúpa Oibre um Breithniú a Dhéanamh ar Chineálacha Malartacha Cur Chuige i leith Drugaí a Shealbhú le haghaidh Úsáid Phearsanta. Bunaíodh an grúpa mar chuid de na gníomhartha faoin straitéis náisiúnta drugaí dar teideal ‘Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú’.

Tá dhá chomhpháirt i gceist leis an gCur Chuige Atreoraithe Sláinte. Ar an gcéad ócáid, agus i gcás go gcinnfidh an Garda Síochána go bhfuil drugaí á sealbhú ag an duine le haghaidh úsáid phearsanta, déanfaidh an Garda Síochána an duine a tharchur go héigeantach chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le haghaidh scagthástáil sláinte agus idirghabháil achomair. Ar an dara hócáid, beidh lánrogha ag an nGarda Síochána Rabhadh Aosach a eisiúint.

Ag fáiltiú dó roimh an gcinneadh chun cur chuige atá faoi stiúir ag an tsláinte a chur chun feidhme, dúirt an tAire Harris:

“Is lá an-tábhachtach é seo. Le rófhada, ba ó thaobh an cheartais choiriúil de amháin a d’fhéachamar ar úsáid drugaí. Rinne andúil difear do chuid mhór teaghlach agus pobal cheana féin. Tá sé ríthábhachtach anois go seachnóimis na lipéid a chuireann an tsochaí ar dhaoine a bhfuil andúil acu agus go ndíreoimis ar an duine aonair agus ar an dóigh ar féidir leis an gcóras cabhrú leis nó léi.

Tá cur chuige nua á ghlacadh againn as seo amach. Is cur chuige é lena dtairgtear cabhair do dhaoine, agus ní lena gcuirtear glais lámh orthu. Is cur chuige é lena dtairgtear seans eile do dhaoine. Creidim go láidir go gcabhróidh sé sin linn andúil i ndrugaí a chomhrac agus, ar deireadh, beathaí a shábháil.”

Dúirt an tAire Harris freisin:

“Ní dhéanfar úsáid drugaí a dhíchoiriúlú leis an gcur chuige seo; ina ionad sin, is sásra é a úsáidfear chun daoine a tharchur chuig seirbhísí sláinte agus sóisialta ionas gur féidir leo cabhair agus tacaíocht a fháil. Ba mhaith leis an Aire Flanagan, leis an Aire Byrne agus liomsa féin a chur in iúl go soiléir nach bhfuil sé beartaithe aon chineál drugaí, cannabas ina measc, a dhéanamh dleathach.”

D’fháiltigh an tAire Flanagan roimh an gcinneadh freisin:

“Táim buíoch den Bhreitheamh Garrett Sheehan, Cathaoirleach ar an nGrúpa Oibre, agus dá chuid comhghleacaithe a rinne breithniú domhain ar an tsaincheist chasta seo. Is mórchúis áthais dom go mbeimid in ann cur leis an obair a rinneadh cheana féin chun laghdú a dhéanamh ar an líon daoine a fhaigheann ciontú coiriúil de bharr cionta simplí sealbhaithe drugaí. Ag an am céanna, leanfaimid le cur chuige an-dian a ghlacadh i leith na ndaoine sin a sholáthraíonn drugaí do dhaoine inár bpobail, ar daoine soghonta iad ina lán cásanna.

Le linn dúinn cabhrú le daoine soghonta a úsáideann drugaí, leanfaimid le dul sa tóir go díbhirceach ar mhangairí drugaí agus tá sé beartaithe agam cur chuige níos pionósaí fós a fhorbairt i leith na ndaoine sin a fhéachann le rannpháirt a thabhairt do leanaí i gcoireacht a bhaineann le drugaí. San am i láthair, tá mo chuid oifigeach ag déanamh scrúdú ar an bhféidearthacht atá ann tograí reachtacha a fhorbairt ina leith sin, agus aird á tabhairt acu ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta.”

Dúirt an tAire Byrne:

“Céim ríthábhachtach i dtreo cur chuige sláinte poiblí a fhorbairt i leith úsáid drugaí in Éirinn is ea an cinneadh chun atreorú sláinte a thabhairt isteach do dhaoine a shealbhaíonn drugaí le haghaidh úsáid phearsanta. Tá an-áthas orm go bhfuil an gealltanas tábhachtach seo sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta á chomhlíonadh againn anois, ar gealltanas é atá ina bhunchloch dár Straitéis Náisiúnta Drugaí.

Is breoiteacht í andúil i ndrugaí agus téann sí i bhfeidhm ar a lán teaghlach agus pobal. Sin é an fáth a bhfuil sé an-tábhachtach an stiogma atá ag baint le húsáid drugaí a bhriseadh síos agus comhbhá a thaispeáint i gcúinsí deacra.

Is é an aidhm atá leis an gCur Chuige Atreoraithe Sláinte úsáideoirí drugaí a nascadh le seirbhísí sláinte agus cabhrú leo athshlánú. Ba mhaith linn teagmháil a dhéanamh agus deis a thabhairt do dhaoine, agus do dhaoine óga go háirithe, a chinntiú nach dtarraingeoidh siad orthu féin ciontú coiriúil a d’fhéadfadh iarmhairtí fadtéarmacha a bheith aige i leith a n-ionchas oibre agus taistil sa todhchaí.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí den Ghrúpa Oibre agus le breis agus 20,000 duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán poiblí, rud a chabhraigh leis an ngrúpa oibre teacht ar mholtaí i ndáil leis an tsaincheist an-tábhachtach seo.”

Faoin gCur Chuige Atreoraithe Sláinte, d’oibreodh duine a bhfuil drugaí ina sheilbh/seilbh lena (h)úsáid phearsanta i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun freastal ar scagthástáil sláinte agus idirghabháil achomair (ar a dtugtar SAOR). Cuirfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gairmithe sláinte ar fáil i ngach Eagraíocht Cúram Sláinte Pobail chun an tseirbhís seo a sholáthar do dhaoine a dtarchuireann an Garda Síochána iad chuici.

Chun an Cur Chuige Atreoraithe Sláinte a chomhlánú, tacóidh an tAire Harris agus an tAire Byrne le hinfheistíocht bhreise i seirbhísí cóireála in aghaidh drugaí agus cuirfidh siad feachtas feasachta chun cinn ar na cóireálacha atá ar fáil agus ar na cineálacha dochair atá bainteach le húsáid drugaí.

Leis an scéim um rabhadh aosach, féadfaidh an Garda Síochána rabhadh foirmiúil a eisiúint, in ionad ionchúiseamh a shaothrú, i dtaca le roinnt cionta sonraithe. Is é an toradh atá ar chionta simplí sealbhaithe drugaí a chur ar áireamh sa scéim um rabhadh aosach ná go dtugtar an rogha don Gharda Síochána cásanna iomchuí a atreorú amach ón gcóras ceartais choiriúil.

De bhreis air sin, tá sé ar intinn ag an Aire Flanagan, d’fhonn aon dúshaothrú féideartha leanaí a chomhrac, scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le cion sonrach a dhéanamh de leanaí a ghrúmáil, trí dhreasachtaí amhail drugaí a thabhairt nó ar bhealaí eile, le haghaidh coireacht a bhaineann le drugaí a dhéanamh.

Cuirfear grúpa beag cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta ar bun chun dul chun cinn a dhéanamh ar an gCur Chuige Atreoraithe Sláinte. Meastar go gcuirfear tús le cur chun feidhme céimnithe sa tríú ráithe den bhliain 2020. Déanfaidh an Roinn Sláinte cathaoirleacht ar an ngrúpa agus beidh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Garda Síochána agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i measc na gcomhaltaí den ghrúpa.

Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh na hAirí ar shuíomh Gréasáin na Ranna faoi seach an tuarascáil ón nGrúpa Oibre um Breithniú a Dhéanamh ar Chineálacha Malartacha Cur Chuige i leith Drugaí a Shealbhú le haghaidh Úsáid Phearsanta. Sa tuarascáil sin, moladh go dtabharfaí rabhadh aosach isteach agus go n-atreorófaí daoine chuige seirbhísí sláinte. Ghlac an Rialtas an dá mholadh sin. Níor moladh sa tuarascáil go nglacfaí cur chuige díchoiriúlúcháin, mar atá i bhfeidhm sa Phortaingéil, de bharr deacrachtaí i gcomhthéacs dlíthiúil na hÉireann.

Níor bhreithnigh an Rialtas na moltaí a rinneadh sa tuarascáil i ndáil le príosúnacht as sealbhú drugaí agus le ciontuithe caite as sealbhú drugaí.

Foilsíodh freisin tuarascáil ar leith ó chathaoirleach an ghrúpa oibre. Níor moladh díchoiriúlú sa tuarascáil sin ach oiread. Ina ionad sin, moladh inti gan aon athruithe a dhéanamh lena bhféadfaí úsáid drugaí a normalú.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Léigh an Tuarascáil ón nGrúpa Oibre um Breithniú a Dhéanamh ar Chineálacha Malartacha Cur Chuige i leith Drugaí a Shealbhú le haghaidh Úsáid Phearsanta agus an Tuarascáil ar Leith anseo.

Rannpháirtithe atá ar fáil le haghaidh agallaimh:

1. Jennifer Clancy, Comhordaitheoir le tascfhórsa drugaí agus alcóil Chluain Dolcáin agus oiliúnóir SAOR d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Teileafón: 01 457 9445 / 086 0401375 Ríomhphost: coordinator@cdatf.ie

2. Gary Broderick, Stiúrthóir ar thionscadal SAOL, a oibríonn le mná atá thíos le fadhbanna andúile. Teileafón: 01-8553391/3; gary@saolproject.ie

3. Aoife Frances, Oifigeach Beartais, an Líonra Náisiúnta um Thacaíocht do Theaghlaigh (01)898 0148/ Ríomhphost aoife@fsn.ie