Fógraíonn an tAire Harris ceapadh an Chathaoirligh ar an bPainéal Measúnaithe Neamhspleách le haghaidh Scéim neamhnochta ex gratia CervicalCheck

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Harris ceapadh an Chathaoirligh ar an bPainéal Measúnaithe Neamhspleách le haghaidh Scéim neamhnochta ex gratia CervicalCheck

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Márta 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fhógair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu, Dé Máirt an 5 Márta 2019, gur cheap an Rialtas an Breitheamh Onórach Aindrias Ó Caoimh mar Chathaoirleach ar an bPainéal Measúnaithe Neamhspleách le haghaidh Scéim neamhnochta ex gratia CervicalCheck (an Clár Náisiúnta Scagthástála Ceirbheacs). Tá an Breitheamh Onórach Ó Caoimh ina iar-Bhreitheamh den Ard-Chúirt agus de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Is é is aidhm don Scéim rogha mhalartach atá dírithe ar an duine agus a sheoltar ar mhodh neamhsháraíochta a thabhairt do gach bean a ndeachaigh saincheist neamhnochta CervicalCheck i bhfeidhm orthu. Tá téarmaí na Scéime á dtabhairt chun críche anois agus déanfar breithniú orthu ag an gcruinniú Rialtais an tseachtain seo chugainn. Déanfaidh an tAire fógairt eile ina dhiaidh sin.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Ag teacht sna sála ar an gcruinniú Rialtais an 18 Nollaig, dheimhnigh an tAire go ndéanfadh sé scrúdú ar scéim neamhreachtúil a bhunú go luath chun íocaíochtaí ex gratia a dhéanamh leis na mná a ndeachaigh neamhnochtadh an iniúchta i bhfeidhm orthu. Is é is aidhm don Scéim rogha mhalartach atá dírithe ar an duine agus a sheoltar ar mhodh neamhsháraíochta a thabhairt do gach bean a ndeachaigh saincheist neamhnochta CervicalCheck i bhfeidhm orthu.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat