English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Hildegarde Naughton 2023 de mhoiniú €2.3m faoi Bhabhta 4 de Chiste Éire Shláintiúil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 29 Bealtaine 2023

Fógraíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí leithdháileadh 2023 de mhoiniú €2.3m faoi Bhabhta 4 de Chiste Éire Shláintiúil

Cuireann tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton TD fáilte inniu roimh leithdháileadh maoinithe de €75,000 do gach ceann de na 31 Údaráis Áitiúla don bhliain 2023 faoi Chiste Éire Shláintiúil (CÉS) Babhta 4.

Cuireann an CÉS airgead ar fáil do phost comhordaitheora lán-aimseartha i ngach Údaras Áitiúil. Chuir na comhordaitheoirí seo moltaí isteach, i gcomhar lena gcomhghleacaithe, ar thograí faoi CÉS Babhta 4. Rinne Pobal measúnú orthu agus thug Éire Shláintiúil agus an Roinn Sláinte an faomhadh deireanach.

Tacóidh na cistí seo le tograí dírithe ar gach aoisghrúpa, go háirithe páistí óga, déagóirí agus daoine óga, seandaoine, daoine a bhfuil cónaí orthu i bpobail faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas.

I measc na moltaí a cheadaíodh tá:

  • earcú teagascóir rothaíochta chun rannpháirtíocht spóirt i measc daoine faoi mhíchumas a spreagadh
  • ceachtanna snámha tacaithe do pháistí le riachtanais bhreise
  • cláir chruthaitheacha agus ealaíonta deartha le hacmhainneacht a spreagadh agus meabhairshláinte a fheabhsú

Dúirt an tAire Naughton:

"Tá comhpháirtíocht seanbhunaithe ag Éire Shláintiúil lenár bpáirtithe ó na hÚdaráis Áitiúla, mar a n-oibrímid go comhoibríoch chun sláinte agus folláine gach duine in Éirinn a fheabhsú. Tá an-áthas orm leithdháileadh de bhreis is €2.3m in 2023 faoi CÉS Babhta 4 a fhógairt do thograí a mbeidh tionchar suntasach acu ar shláinte agus folláine an phobail sna ceantair ina bhfuil na 31 Údarás Áitiúil. Tá nasc ag gach togra le toradh i gCreat Éire Shláintiúil agus tugann sé ardú croí dom a fheiceáil go bhfuil an oiread sin éagsúlachta sna tograí, rud a léiríonn go raibh an dearadh curtha in oiriúint le freastal ar riachtanais na gceantar áitiúil".

Thar ceann earnáil an Rialtais Áitiúil, dúirt John Mulholland Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Cumann Bainistíochta Contae is Cathrach ar Fhorbairt Tuaithe, Cultúr Pobail agus Oidhreacht ar Chomhairle Chontae Laoise:

"Tá an-tábhacht ag baint le tograí atá stiúrtha go háitiúil i bhfeabhsú folláine na tíre. Tá an maoiniú seo mar chuid de chomhpháirtíocht seanbhunaithe le hÉire Sláintiúil agus cuireann sé le hobair na nÚdarás Áitiúl chun tacú le folláine fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta gach duine ina bpobail.”


Nótaí don eagarthóir:

Bunaíodh Éire Sláintiúil i 2017. Chuir babhtaí 1-3 airgead ar fail le haghaidh roinnt phostanna comhordaitheora sna hÚdaráis Áitiúla agus chuir sé maoiniú ar fáil le tograí a bhí bunaithe a bheag nó a mhór ar chláir ghníomhaíocht-threoraithe.

Bainistíonn Pobal an ciste thar ceann Éire Shláintiúil.

Tá babhta 4 bunaithe ar chur chuige torthaí-bhunaithe le comhaontuithe deontas ilbhliantúla. Tógtar torthaí go díreach ón gCreat Torthaí Éire Shláintiúil. Is é seo an creat náisiúnta gníomhaíochta chun sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a fheabhsú. Forbraíodh Éire Shláintiúil mar fhreagra ar roinnt dúshlán sláinte suntasach, lena n-áirítear arduithe suntasacha réamh-mheasta ar leibhéil an ghalair ainsealacha inchoiscthe agus éagothroime sláinte atá ag dul i méid.

Is postanna lán-aimseartha iad comhordaitheoirí Éire Sláintiúil, atá maointihe ag an CÉS agus lonnaithe i ngach Údarás Áitiúil.

Tá maoiniú de €75,000 curtha ar fáil do gach Údarás Áitiúil in 2023 do na tograi atá deartha ag leibhéal áitiúil agus measúnaithe ag Pobal agus faofa ag an bhfoireann Éire Shláintiúil.