English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Míchumais infheistíocht €1m i nGairdíní Céadfacha ar fud seirbhísí míchumais

D’fhógair an tAire Stáit um Míchumas, Anne Rabbitte TD, maoiniú €1 milliún inniu chun 65 gairdín céadfach a fhorbairt do dhaoine faoi mhíchumas ar fud na tíre.

Bhí iarratais ar mhaoiniú oscailte d'eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus tacaíochtaí do leanaí agus/nó do dhaoine fásta faoi mhíchumas agus a mhaoiníonn FSS trí Shocrú Seirbhíse Alt 38 nó Alt 39.

Dearadh gairdíní céadfacha chun na céadfaí a spreagadh. Roghnaítear na plandaí agus na hábhair go sonrach chun céadfaí - radharc, boladh, teagmháil, blas agus fuaim a spreagadh. Cé go bhfuil tóir ag an bpobal ar fad ar ghairdíní céadfacha, baineann tairbhe ar leith leo do leanaí agus do dhaoine fásta faoi Mhíchumas. Tá raon na ndeontas idir €1,500 agus os cionn €80,000 agus tá liosta de na láithreacha agus an cineál seirbhíse ceangailte.

Dúirt an tAire Rabbitte,

“Tá ríméad orm na hiarratais rathúla ar na gairdíní céadfacha seo a fhógairt. Tá an oiread sin fianaise ann a leagann béim ar an gcaoi a bhfeabhsaíonn tacaíochtaí céadfacha lena n-áirítear gairdíní céadfacha cáilíocht beatha daoine faoi mhíchumas, chomh maith le spás inrochtana a sholáthar chun taitneamh a bhaint as.

“Ceann de na buntáistí is mó domsa mar Aire Míchumais is ea tionchar dearfach tionscnamh mar seo a fheiceáil go pearsanta, áit ar féidir le duine uigeachtaí, boladh agus fuaimeanna gairdíní a bhrath a chuireann go mór leis an bpobal iomlán. Le linn cuid de mo chuairteanna ar Sheirbhísí Míchumais, chonaic mé samplaí an-mhaith de ghairdíní céadfacha agus is féidir leis an maoiniú seo cuidiú le líon na dtionscadal sin ar fud na tíre a mhéadú.

“Tá sceitimíní orm a fheiceáil go gcuimseoidh cuid de na tionscnaimh atá ceangailte daoine faoi mhíchumas a bheith bainteach le dearadh agus tógáil a ngairdín céadfach, ag úsáid na scileanna gairneoireachta a d’fhorbair siad i seirbhísí lae agus cónaithe.

“Táim cinnte go mbainfidh daoine faoi mhíchumas, a dteaghlaigh, a gcairde agus an pobal i gcoitinne an-úsáid as na gairdíní seo. Bhí an oiread sin spéise sa tionscnamh seo, táim ag tnúth le dara babhta a reáchtáil in 2022,”

a dúirt an tAire Rabbitte.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Tá miondealú iomlán ar thionscadail rathúla liostaithe sa doiciméad faoi iamh.

Tagann an maoiniú don tionscnamh ón “gCiste um Sheirbhísí Míchumais a Neartú” a leithdháil €20 milliún i ndeontais aonuaire arna scaipeadh in 2021. Eisíodh an glao seo ar aighneachtaí i mí Dheireadh Fómhair chuig eagraíochtaí deonacha arna maoiniú faoi Alt 38 agus 39 den Acht Sláinte. Tugadh cuireadh do sholáthraithe seirbhíse iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun gairdíní a fhorbairt ag saoráidí atá ann cheana lena n-áirítear saoráidí seirbhísí cónaithe, faoisimh nó seirbhísí lae.