Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta síneadh breise ar íocaíocht cúnaimh ráige do thithe altranais go dtí deireadh mhí an Mhárta 2022
- Foilsithe: 16 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, síneadh breise ar an íocaíocht cúnaimh ráige do thithe altranais príobháideacha agus deonacha.
Dúirt an tAire Butler:
“Fuarthas an íocaíocht atá ar fáil do thithe altranais a bhfuil ráig COVID-19 iontu go dtí deireadh na bliana seo. Tá áthas orm é a leathnú tuilleadh go dtí deireadh mhí an Mhárta 2022, ag aithint na rioscaí leanúnacha a bhaineann le COVID-19."
Dúirt an tAire Butler:
“De réir mar a leanann an phaindéim ar aghaidh, tá go leor beart tacaíochta breise do thithe altranais príobháideacha agus deonacha curtha ar fáil tríd an Stát. Áirítear iad seo a leanas orthu sin:
- PPE a sholáthar ar bhonn gan chostas
- tástáil sraitheach a chur i bhfeidhm
- tacaíocht agus rannpháirtíocht foirne freagartha FSS COVID-19 agus foirne sláinte poiblí
- rochtain ar bhaill foirne ó ospidéil phobail agus ospidéil ghéarmhíochaine, nuair is féidir
- sraith treoracha dírithe ar shláinte phoiblí agus acmhainní oiliúna agus
- an scéim chóiríochta shealadach d’fhoireann tithe altranais
Leanfar ag soláthar go leor díobh seo go ceann i bhfad. Rud atá tábhachtach, tá tástáil sraitheach tugtha isteach arís i ngach teach altranais ar feadh dhá sheal agus cuireadh tús léi an 6 Nollaig. Tosóidh an dara seal go luath i mí Eanáir.
Dúirt an tAire Butler:
“Lean an Stát ag tabhairt tosaíochta d’áitritheoirí agus d’fhoireann tithe altranais ina fhreagra ar COVID-19, lena n-áirítear trí rolladh amach rathúil agus luath an chláir vacsaíní ar fud na hearnála. Tá an tosaíocht seo ar bun i gcónaí agus an clár teanndáileoige beagnach críochnaithe i measc na ndaoine a chónaíonn i dtithe altranais”.