Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta €10 milliún de thacaíochtaí breise do thithe altranais príobháideacha agus deonacha

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta €10 milliún de thacaíochtaí breise do thithe altranais príobháideacha agus deonacha

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Feabhra 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Cuideoidh €10 milliún den Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais (RSI) nua le tithe altranais feabhas a chur ar chosc ionfhabhtaithe agus sábháilteacht dóiteáin agus cuideoidh sí le comhlíonadh na rialachán
  • Tá an Scéim RSI oscailte anois d'iarratais – spriocdháta 15 Samhain 2024
  • Beidh suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe le haghaidh oibreacha struchtúrtha faoi scéim
  • Osclaíodh scéim nua an 1 Eanáir 2024, agus féadtar éilimh incháilithe a shiardhátú go dtí an 1 Eanáir 2020

D'oscail an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta Mary Butler An Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais (RSI) d’iarratais. Tá sé mar aidhm ag an scéim tacaíocht a thabhairt do thithe altranais príobháideacha agus deonacha, chun feabhas a chur ar chosaint in aghaidh ionfhabhtaithe agus sábháilteacht dóiteáin.

Beidh suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe d’oibreacha struchtúrtha chun comhlíonadh a fheabhsú le Rialachán 27 (Cosaint in aghaidh ionfhabhtaithe) agus / nó Rialachán 28 (Réamhchúraimí Dóiteáin) de SI Uimh 415/2013, Acht Sláinte 2007 (Cúram agus Tacaíocht do Chónaitheoirí in Ionaid Ainmnithe do Dhaoine Scothaosta) Rialacháin 2013 (leasaithe).

Cuireadh tús leis an scéim ar an 1 Eanáir 2024 agus is é an 15 Samhain 2024 an spriocdháta d'iarratais.

Is féidir le tithe altranais costais a éileamh le haghaidh oibreacha a rinneadh roimhe seo más rud é go ndearnadh iad idir an 1 Eanáir 2020 agus an 1 Eanáir 2024 agus má chomhlíonann siad critéir na scéime.

Dúirt an tAire Butler:

“Bhí an-áthas orm maoiniú a fháil i mBuiséad 2024 don Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais nua seo ar luach €10 milliún agus molaim do gach teach altranais atá incháilithe iarratas a chur isteach. Tá an scéim deartha chun tacú le tithe altranais príobháideacha agus deonacha chun cabhrú leis na rialacháin a chomhlíonadh agus cosc ionfhabhtaithe agus sábháilteacht dóiteáin a fheabhsú.

“Tá a fhios agam go mbíonn costais arda ar oibreacha don chomhlíonadh do roinnt tithe altranais, go háirithe do thithe altranais beaga, deonacha agus níos sine. Is í aidhm na scéime nua seo ná cuid de na brúnna airgeadais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air seo a mhaolú agus suas le €25,000 a chur ar fáil do gach teach altranais atá incháilithe d’oibreacha cuí.

“I gcónaí, cuirim béim ar shábháilteacht agus ar fholláine na gcónaitheoirí. Tá sé tábhachtach go mbeadh daoine scothaosta agus a dteaghlaigh ar a suaimhneas go gcomhlíonann ár n-áiseanna cúraim chónaithe fadtéarmach na caighdeáin is fearr is féidir.”

Tá sonraí na scéime, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, ar fáil ar shuíomhanna Gréasáin FSS agus an NTPF.

Nótaí:

  • Déanfaidh an Roinn Sláinte maoirsiú ar an scéim agus tabharfaidh sí tuairisc don Aire Butler faoi oibriú na scéime.
  • Déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an scéim a riaradh agus déanfaidh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) an próiseas iarratais a riar agus tacaíocht agus comhairle a sholáthar don FSS.
  • Déanfar íocaíochtaí gach ráithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat