Fógraíonn an tAire Simon Harris seirbhís éigeandála héileacaptair nua do Chúige Mumhan
- Foilsithe: 14 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2019
Síníodh Comhaontú Seirbhíse idir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Mearfhreagairt Pobail na hÉireann le haghaidh seirbhís aerleighis nua a sheoladh
Tá sé fógartha ag Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu (Dé hAoine) go seolfar seirbhís aerleighis nua sa Deisceart sna seachtainí atá romhainn, tar éis d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) Comhaontú Seirbhíse a shíniú le Mearfhreagairt Pobail na hÉireann ina leith.
Ag fáiltiú dó roimh an nuacht, dúirt an tAire Harris,
“Tá lúcháir orm go mbeidh seirbhís aerleighis nua i mbun oibre sa Deisceart go luath. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr in FSS agus le Mearfhreagairt Pobail na hÉireann as an tiomantas a thaispeáin siad do theacht ar an gComhaontú Seirbhíse seo agus as na socruithe riachtanacha cliniciúla agus rialachais chorparáidigh a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh an tseirbhís nua sábháilte, láidir agus inbhuanaithe.
“Mar chuid den chomhaontú, bunófar Seirbhís Leighis Éigeandála Héileacaptair sa Deisceart a chisteofar le síntiúis charthanúla. Oibreoidh an tseirbhís amach as Aeradróm Ráth Cúil, atá taobh thoir thuaidh de Shráid an Mhuilinn, Contae Chorcaí. Comhlánóidh an tseirbhís nua na seirbhísí aerleighis atá ann cheana agus cuirfidh sí feabhas ar rochtain aerleighis ar Dheisceart na hÉireann.
“Tá bunú na seirbhíse ag teacht le ceann amháin de na gealltanais atá sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta, is é sin, iniúchadh a dhéanamh ar a indéanta atá sé seirbhísí aerárthaigh othar a leathnú, lena n-áirítear an fhéidearthacht atá ann bunáit eile a bhunú. Tá áthas orm freisin go gcomhlíonfaidh an tseirbhís ceann amháin de na moltaí a rinne an Grúpa Stiúrtha Náisiúnta um Thráma maidir le feabhas a chur ar sheirbhísí aerleighis in Éirinn. Agus cur chuige uile-chórais á ghlacadh aici i leith cúram a sholáthar, tá sé soiléir go mbeidh ról lárnach ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr sa chlár Sláintecare a bhaint amach sa todhchaí. Mar sin, tá sé tábhachtach go dtacóimis le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí aerleighis a chuirfidh feabhas ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht seirbhíse.”
Dúirt Martin Dunne, Stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta Otharchairr,
“Tá lúcháir orm go gcuirfear an tionscnamh nua seo i bhfeidhm anois, rud a chabhróidh le feabhas a chur ar chúram othar i nDeisceart na hÉireann. Tá an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr ag tnúth le bheith ag obair i gcomhpháirt le Mearfhreagairt Pobail na hÉireann ar an tionscnamh an-tábhachtach seo freisin. Cuid d’éabhlóid fhadtéarmach na seirbhíse is ea an tionscnamh seo, agus beidh ról aige sa tSeirbhís Leighis Éigeandála a aistriú ina Seirbhís Leighis Mhóibíleach amach anseo. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh leis an tionscadal an chéim seo a bhaint amach”.
CRÍOCH