English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte €5 milliún de mhaoiniú le haghaidh ionad teiripeach Daisy Lodge

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Meitheamh 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Beidh an t-ionad nua lonnaithe i gConga, Contae Mhaigh Eo, agus beidh sé á reáchtáil ag an gCiste Ailse do Leanaí
  • Cuirfear maoiniú de €5 mhilliún ón Roinn Sláinte le chéile le €2.5 milliún de mhaoiniú Oileán Comhroinnte, mar go bhfreastalóidh an t-ionad ar leanaí as Éirinn agus as Tuaisceart Éireann

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, inniu go leithdháilfidh sé €5 milliún i maoiniú caipitil chun ionad nua teiripeacha sos gearr Daisy Lodge a thógáil i gConga, Contae Mhaigh Eo do leanaí a bhfuil ailse orthu agus dá dteaghlaigh.

Déanfar an maoiniú seo a chomhcheangal le maoiniú de €2.5 milliún ón gCiste Oileán Comhroinnte, a cheadaigh an Rialtas inniu freisin, do mhaoiniú iomlán de €7.5 milliún don tionscadal. Tiomsófar an chuid eile den mhaoiniú don tionscadal trí thabhartais charthanachta.

Tá an Ciste Ailse do Leanaí (CADL) ag reáchtáil Daisy Lodge sa Chaisleán Nua i gContae an Dúin ó 2014, agus beidh na seirbhísí tacaíochta céanna á dtairiscint ag an dara ionad i láthair nua. Cuirfidh an t-ionad nua fáilte roimh theaghlaigh as Éirinn agus as Tuaisceart Éireann araon le haghaidh sosanna gearra saor in aisce. Déanfaidh foireann Speisialtóirí Tacaíochta Ailse na carthanachta, atá ag obair ar fud na hÉireann, agus i gcuid de na hospidéil sa dá dhlínse, leanaí a bhfuil ailse orthu a atreorú chuig an ionad nua. Is féidir leis an ionad reatha i gContae an Dúin éascú a dhéanamh ar 1,800 ball teaghlaigh in aghaidh na bliana, agus méadóidh an Daisy Lodge nua an líon seo go 4,000 in aghaidh na bliana.

Ag labhairt dó faoin leithdháileadh de €5 mhilliún, dúirt an tAire Sláinte:

“Tá áthas orm go bhfuilimid in ann tacú leis an gCiste Ailse do Leanaí leis an maoiniú seo don dara ionad teiripeach Daisy Lodge. Bunóidh an t-ionad seirbhís ríthábhachtach atá bunaithe in Iarthar na hÉireann do leanaí a bhfuil ailse orthu agus dá dteaghlaigh le go mbeidh siad in ann scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as am in éineacht lena dteaghlaigh agus le leanaí eile atá ag dul trí eispéireas den chineál céanna. Aithníonn ár Straitéis Náisiúnta Ailse an ról tábhachtach atá ag an earnáil dheonach agus charthanachta i soláthar seirbhísí tacaíochta ailse. Tá naisc láidre reatha ag an gCiste Ailse do Leanaí ar fud na hearnála deonacha agus pobail seo, lena n-áirítear ionaid ailse tiomnaithe le naisc fhoirmiúla leis an tSeirbhís Náisiúnta Ailse Leanaí i gCromghlinn, chun cosán atreoraithe tiomnaithe chuig seirbhísí cosúil le Daisy Lodge a chinntiú.”

Dúirt POF an Chiste Ailse do Leanaí, an tUasal Phil Alexander:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Sláinte agus leis an Roinn as tacú leis an gCiste Ailse do Leanaí agus as cuidiú linn ár misean a chur i gcrích – a chinntiú nach gcaithfidh aon leanbh nó duine óg idir 0-24 bliain d’aois ar fud oileán na hÉireann aghaidh a thabhairt ar ailse ina n-aonar.

“Is féidir le diagnóis ailse óige agus a chóireáil tionchar uafásach a bheith aige ar an teaghlach ar fad. Tá an saol mar a bhí a fhios acu uair amháin trína chéile. Sa bhreis ar an gcúram cliniciúil den scoth a fhaigheann teaghlaigh, tá gá ollmhór le tacaíocht shóisialta agus mhothúchánach. Soláthraíonn sosanna gearra teiripeacha ag Daisy Lodge spás slán, aisiríoch inar féidir le leanaí a bhfuil ailse orthu, a siblíní agus a dtuismitheoirí athcheangal, am ardchaighdeáin a chaitheamh le chéile, bualadh le teaghlaigh eile agus leas a bhaint as tacaíocht ár bhfoireann teiripeach thiomanta.

“Toisc nach féidir linn ach sosanna gearra teiripeacha a chur ar fáil do theaghlach amháin as gach seachtar ar fud an oileáin, beidh an dara Daisy Lodge bunathraithe chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach teaghlach a mbíonn tionchar ag ailse óige orthu ar fud an oileáin ar ár dtacaíocht. Cuirfear tús leis an obair thógála i mí Eanáir 2024 agus táimid fíor bhuíoch don Roinn Sláinte as cuidiú leis seo a bhaint amach.”


NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Faigh tuilleadh eolais faoin gCiste Ailse do Leanaí: https://cancerfundforchildren.com/

Daisy Lodge, Conga, Contae Mhaigh Eo

Tá sé beartaithe an Ciste Ailse do Leanaí a thógáil 30,000 troigh cearnach ionad sosanna gearra Daisy Lodge do leanaí a ndearnadh diagnóis ailse orthu agus a dteaghlaigh, cosúil le hionad atá ann cheana féin i gContae an Dúin, le páirtmhaoiniú le cur ar fáil tríd an gCiste Oileán Comhroinnte.

Áis neamhchliniciúil a bheidh anseo do leanaí a ndearnadh diagnóis ailse orthu, agus comhlánóidh sé an tseirbhís rathúil reatha a sholáthraíonn CADL ag Daisy Lodge, sa Chaisleán Nua, Contae an Dúin. Cuirfidh an t-ionad nua i gConga ar chumas CADL líon na bpáistí agus na dtuismitheoirí a dtugann sé tacaíocht dóibh ar an oileán a mhéadú gach bliain ó 1,800 go 4,000.

Leithdháilfear maoiniú i 2024 agus táthar ag súil go gcuirfear tús le tógáil an bhliain seo chugainn. Táthar ag súil go dtógfaidh an tionscadal 18 mí le críochnú.

Tá gealltanas tugtha ag Ciste Ailse do Leanaí go gcuirfidh an t-ionad nua fáilte roimh 70% de chuairteoirí as Éirinn agus 30% de chuairteoirí ó Thuaisceart Éireann, agus go gcuirfidh an t-ionad reatha atá acu i gContae an Dúin fáilte roimh 70% de chuairteoirí ó Thuaisceart Éireann agus 30% ó Éirinn.

Spreagfar teaghlaigh atá ag fanacht in ionad Daisy Lodge i Maigh Eo nó sa Dún don dara huair fanacht sa dara ionad. Creideann Ciste Ailse do Leanaí go bhfuil an socrú seo mar dheis do pháistí agus dá dteaghlaigh ó phobail éagsúla ar an oileán taithí a roinnt le chéile.