Fógraíonn an tAire Sláinte €8 milliún don tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr i mBuiséad 2025
- Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly infheistíocht bhreise €8 milliún sa tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr (NAS) do 2025.
Cuirfidh an méadú suntasach ar mhaoiniú forbartha nua seo, a bhfuil costas bliana iomlán de €16 milliún air in 2026, an méid seo a leanas ar fáil:
- 180 ball foirne breise lena n-áirítear paraimhíochaineoirí agus baill foirne le haghaidh sainseirbhísí chun tacú le seirbhísí riachtanacha túslíne, amanna freagartha otharchairr a fheabhsú agus rochtain ar chúram a mhéadú
- Conairí cúraim eile NAS a leathnú agus sainacmhainn seirbhíse NAS a fhorbairt tuilleadh
- Acmhainn bhreise san Ionad Náisiúnta Oibríochtaí Éigeandála chun cáilíocht agus sábháilteacht othar a neartú agus bonneagar TFC an NAS a fheabhsú
Tá an infheistíocht bhreise dírithe ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais acmhainne do sheirbhísí éigeandála réamhospidéil, lena n-áirítear raon sainseirbhísí arna soláthar ag an NAS. Tacóidh infheistíocht mhéadaithe freisin le cur i bhfeidhm athchóirithe straitéiseacha cosúil leis an Straitéis Náisiúnta Tráma trí chúram éifeachtach réamhospidéil a sholáthar.
Éascóidh maoiniú Bhuiséad 2025 tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chonairí cúraim eile an NAS, chun cóir leighis a chur ar thuilleadh othar ag an leibhéal is oiriúnaí de riachtanas cliniciúil. Cuirfidh sé seo feabhas ar thaithí othar agus ar thorthaí sláinte. Déanfaidh sé seo foráil do chóireáil a chur ar líon méadaitheach othar, atá níos sine den chuid is mó, ina dteach féin nó ina bpobal áitiúil. Faoi láthair tá cóir leighis á cur ar thart ar 1,000 othar in aghaidh na seachtaine trí chonair chúraim eile an NAS, agus níl cóir leighis bhreise ag teastáil ó 40% de na hothair sin i Roinn Éigeandála ospidéil.
Cuirfidh an maoiniú breise ar chumas an NAS acmhainn a mhéadú i sainseirbhísí riachtanacha cosúil le Seirbhís Aisghabhála Cúraim Chriticiúil an NAS, a sholáthraíonn córas éifeachtach aistrithe aisghabhála idir-ospidéil d'othair atá go dona tinn, lena n-áirítear naíonáin agus leanaí. Cuirfear acmhainn bhreise ar fáil freisin san Ionad Náisiúnta Oibríochtaí Éigeandála, chun cáilíocht agus sábháilteacht othar a neartú chun seachadadh seirbhíse agus cúram d'othair a fheabhsú.
.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Athdhearbhaíonn an infheistíocht seo tiomantas láidir an Rialtais d'fhorbairt ár Seirbhíse Náisiúnta Otharchairr, le beagnach €28 milliún san iomlán de mhaoiniú forbartha nua curtha ar fáil ó 2021.
"I gcás go leor daoine a bhfuil cúram éigeandála de dhíth orthu, is é an NAS an chéad teagmháil atá acu lenár seirbhísí sláinte, mar sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid infheistíocht ann len é a fhorbairt agus a chlaochlú.
"Tacóidh maoiniú in 2025 le hathchóiriú straitéiseach leanúnach an NAS ó sheirbhís otharchairr éigeandála traidisiúnta go seirbhís leighis éigeandála aclaí, ag seachadadh cúram práinneach agus éigeandála d'othair ag an leibhéal is oiriúnaí de riachtanas cliniciúil. Tacóidh sé freisin le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Tráma, ag forbairt seirbhísí géarchúraim réamhospidéil a mbeidh torthaí níos fearr d'othair mar thoradh orthu sa deireadh."
Dúirt Príomhfheidhmeannach FSS, Bernard Gloster:
"Tá bród ar an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr a bheith chun tosaigh ar chúram tarrthála a sholáthar ar fud na hÉireann, ag freagairt do bheagnach 400,000 glao éigeandála gach bliain. Fáiltím roimh an infheistíocht bhreise seo san NAS, a thacaíonn le claochlú leanúnach a sheirbhíse d'othair. Tacóidh an maoiniú seo le cur i bhfeidhm leanúnach Chlár Athdhearadh Eagraíochtúil an NAS, lena chinntiú gur féidir leis an NAS an cúram is sábháilte agus is éifeachtaí a sholáthar d'othair sa suíomh is oiriúnaí dá riachtanais."
Dúirt Stiúrthóir Cliniciúil na Seirbhíse Náisiúnta Otharchairr, an tOllamh Cathal O'Donnell:
"Leanfaidh an maoiniú breise seo don NAS in 2025 leis na hiarrachtaí chun rochtain náisiúnta ar chúram cinntitheach a fheabhsú agus chun seachadadh de chúram práinneach agus éigeandála a athrú ó bhonn. Tacóidh infheistíocht mhéadaithe freisin le bealaí conairí a leathnú chun cóireáil a éascú d'othair ar an leibhéal is ísle riachtanais chliniciúla, rud a fhágfaidh go mbeidh torthaí feabhsaithe ann d'othair."
Tá líon na nglaonna éigeandála san NAS go dtí seo i mbliana ardaithe 11% cheana féin ón líon is mó glaonna a fuarthas le linn na tréimhse céanna in 2023. In ainneoin méaduithe ar an éileamh ar sheirbhísí éigeandála réamhospidéil, tá feabhas tagtha ar fheidhmíocht ama freagartha éigeandála an NAS go náisiúnta i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, rud a léiríonn an tionchar a bhí ag infheistíocht leanúnach an Rialtais sa NAS.
Nótaí:
Tacóidh an maoiniú seo le:
Rochtain ar Chúram a Fheabhsú
- Acmhainn mhéadaithe chun freastal ar éileamh méadaitheach ar sheirbhísí éigeandála réamhospidéil.
- Feabhas a chur ar chumas éigeandála túslíne chun amanna freagartha otharchairr a fheabhsú agus cothromas náisiúnta rochtana ar chúram a sheachadadh.
- Cumas méadaithe i Seirbhís Cúraim Idirmheánach an NAS a bhaint amach, chun acmhainn otharchairr éigeandála a chaomhnú le haghaidh freagraí níos oiriúnaí.
Cúram Práinneach agus Éigeandála a Athrú ó Bhonn – Bealaí Cúraim Eile a Leathnú
- Tacú le hathchóiriú agus atreorú níos leithne na seirbhíse cúraim sláinte de réir Sláintecare.
- Líon na ndaoine a fhreastalaíonn gan ghá ar Ranna Éigeandála na nOspidéal a íoslaghdú.
- Leibhéil fheabhsaithe de sheachadadh cúraim othar sábháilte, do dhaoine scothaosta den chuid is mó, le torthaí agus eispéiris othar feabhsaithe.
Rochtain ar Shainchúram a Fheabhsú
- Ag cinntiú go bhfaigheann othair atá go dona tinn rochtain thráthúil ar theiripic chun tacú leis na torthaí othar is fearr.
- Cumas seirbhíse de Chúram Criticiúil agus Aisghabhála a leathnú chun an acmhainn leapacha ICU atá ann cheana a uasmhéadú.
- Torthaí cliniciúla feabhsaithe d'othair atá gortaithe go dona/a bhfuil tinneas criticiúil orthu mar gheall ar aistrithe cuí níos luaithe, le cobhsú roimh iompar agus cúram speisialaithe a sholáthraítear ar an mbealach.
Athdhearadh Eagraíochtúil agus Bonneagar TFC
• Cumais speisialaithe agus theicniúla feabhsaithe san NAS chun tacú le giaráil na teicneolaíochta chun seirbhísí ar chaighdeán níos airde agus níos éifeachtúla a sholáthar.
Cáilíocht agus Sábháilteacht Othar
• Infheistíocht leanúnach i ndearbhú cáilíochta seirbhíse, sábháilteacht othar agus meicníochtaí cosanta chun soláthar seirbhíse sábháilte agus ardfheidhmíochta a chinntiú don phobal.