English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte agus an tAire Gnóthaí Eachtracha go bhfuil Éire chun milliún vacsaín COVID-19 ar a laghad a bhronnadh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 17 Meán Fómhair 2021

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney TD, go mbronnfaidh Éire aon mhilliún vacsaín COVID-19 ar a laghad do COVAX.

Tá sé mar aidhm ag COVAX, arna chomhordú ag an gComhghuaillíocht um Nuálaíochtaí Ullmhacht Eipidéime (CEPI), Gavi agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), forbairt agus déantúsaíocht vacsaíní COVID-19 a luathú, agus rochtain chothrom inrochtana a ráthú do gach tír sa domhan.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Is tosaíocht d’Éirinn agus don Aontas Eorpach rochtain uilíoch agus chothrom ar vacsaíní agus cóireálacha COVID-19. Agus atá an chéim reatha de chlár vacsaínithe na hÉireann gar don chríoch, tá sé tábhachtach d’Éirinn dlúthpháirtíocht a léiriú le tíortha i mbéal forbartha le linn na paindéime domhanda seo. Tá an-áthas orm a fhógairt mar sin go gcuirfidh Éire 1 mhilliún vacsaín Covid-19 le tionscnamh vacsaín domhanda COVAX.

"Léiríonn an síntiús seo an chéad chéim i dtiomantas na hÉireann do COVAX agus do dheonú vacsaíní, agus tá féidearthachtaí eile ann maidir le vacsaíní a roinnt chun cabhrú leo siúd is mó atá i ngátar, féidearthachtaí a thiocfaidh chun cinn níos déanaí sa bhliain.”

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta Simon Coveney:

“Tá ríméad orm go ndearna an Rialtas an cinneadh seo vacsaíní barrachais a roinnt. Is comhartha é ar dhlúthpháirtíocht na hÉireann le tíortha i mbéal forbartha le linn na géarchéime fíor-dhomhanda seo. D’fhonn muid féin a choinneáil slán, ní mór dúinn a chinntiú go gcosnaítear gach duine ó COVID-19. Ní urramaíonn an víreas seo teorainneacha idirnáisiúnta, mar atá foghlamtha againn ”.

Dúirt an tAire Stáit um Chúnamh Thar Lear agus an Diaspóra Colm Brophy freisin:

“Chun a chinntiú go ndéantar dea-bhainistiú agus go dtugtar dea-acmhainní ar rolladh amach na vacsaínithe sna tíortha faighteora, tá €3 mhilliún bhreise leithdháilte ag mo Roinn ar COVAX roimh dheireadh na bliana. Tugann sé seo ranníocaíocht iomlán na hÉireann le COVAX go €7 milliún in 2021, cuid de ranníocaíocht na hÉireann le Sláinte Dhomhanda de luach os cionn €100 milliún”.

CRÍOCH


Nótaí do na hEagarthóirí

Is tosaíocht d’Éirinn agus don Aontas Eorpach rochtain uilíoch agus chothrom ar vacsaíní agus ar chóireálacha COVID-19. Tá comhroinnt vacsaín tábhachtach ó thaobh eipidéimeolaíoch de. Dúirt an EDS, >“ar bhonn domhanda, “nach mbeidh aon duine sábháilte ó COVID-19 go dtí go mbeidh gach duine sábháilte”.

Tá sé beartaithe go dtabharfaidh Éire vacsaíní COVID-19 trí mheicníocht COVAX trí chomhaontú trípháirteach díreach a úsáid idir deontóir/díoltóir, monaróir agus tairbhí.

CAD IS COVAX ANN? (Sliocht as suíomh Gréasáin Covax www.gavi.org)

Tá COVAX ar cheann de thrí philéar den Luasaire Rochtana ar Uirlisí COVID-19 (ACT), a sheol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), an Coimisiún Eorpach agus an Fhrainc i mí Aibreáin mar fhreagairt ar an bpaindéim seo. Agus rialtais, eagraíochtaí sláinte domhanda, déantóirí, eolaithe, an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus daonchairdeas á dtabhairt le chéile, agus é mar aidhm rochtain nuálach agus chothrom a sholáthar ar dhiagnóisic, cóireálacha agus vacsaíní COVID-19, aidhm atá an colún COVAX dírithe uirthi. Is é an t-aon réiteach fíor-dhomhanda ar an bpaindéim seo toisc gurb é an t-aon iarracht é a chinntiú go bhfaighidh daoine i ngach cearn den domhan rochtain ar vacsaíní COVID-19 nuair a bheidh siad ar fáil, beag beann ar a saibhreas.

Comhordaithe ag Gavi - an Chomhghuaillíocht Vacsaín, an Chomhghuaillíocht um Nuálaíochtaí Ullmhacht Eipidéime (CEPI) agus an EDS, bainfidh COVAX é seo amach trí ghníomhú mar ardán a thacóidh le taighde, forbairt agus déantúsaíocht raon leathan iarrthóirí vacsaín COVID-19, agus a gcuid praghsála a chaibidliú. Beidh rochtain chomhionann ag na tíortha rannpháirteacha uile, beag beann ar leibhéil ioncaim, ar na vacsaíní seo a luaithe a fhorbrófar iad. Is é an aidhm thosaigh 2 bhilliún dáileog a bheith ar fáil faoi dheireadh 2021, ar cheart go mbeadh go leor ann chun daoine ardriosca agus leochaileacha a chosaint, chomh maith le hoibrithe cúram sláinte túslíne.

Maidir le náisiúin atá maoinithe ar ioncam níos ísle, nach mbeadh in ann na vacsaíní seo a íoc murach sin, chomh maith le roinnt tíortha féinmhaoinithe ar ioncam níos airde nach bhfuil aon déileálacha déthaobhacha acu le déantóirí, tá COVAX ina líne tharrthála go liteartha agus is é an t-aon bhealach inmharthana é a bhfaighidh a saoránaigh rochtain ar vacsaíní COVID-19. Maidir leis na tíortha féinmhaoinithe is saibhre, a bhféadfadh cuid acu a bheith i mbun caibidlíochta maidir le déileálacha déthaobhacha le déantúsóirí vacsaíní, feidhmíonn sé mar bheartas árachais luachmhar chun a gcuid saoránach a chosaint, go díreach agus go hindíreach. Ar thaobh amháin soláthróidh sé cosaint dhíreach trí mhéadú a dhéanamh ar an seans atá acu dáileoga vacsaín a fháil. Ach, ag an am céanna trí vacsaíní COVID-19 a fháil trí COVAX, cosnóidh na náisiúin seo a gcuid saoránach go hindíreach trí na seansanna athbheochana a laghdú trína chinntiú go bhfaighidh an chuid eile den domhan rochtain ar dháileoga freisin.