Fógraíonn an tAire Sláinte agus an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, deonú os cionn 335,000 dáileog vacsaín COVID-19 chuig Uganda
- Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Colm Brophy, inniu go bhfuil Éire ag tabhairt 335,500 dáileog de vacsaíní COVID-19 do Uganda.
Tá Éire tiomanta do rochtain uilíoch agus chothrom ar vacsaíní agus cóireálacha COVID-19 agus tá an deonú seo sa bhreis ar an milliún vacsaín COVID-19 a gheall Éire a thabhairt cheana trí COVAX.
Mar aon leis na vacsaíní seo a thabhairt, tá na tomhaltáin go léir atá riachtanach chun tacú le riar 335,500 dáileog (móide teagmhas tomhaltáin) a dtabhairt ag Éirinn. Cinnteoidh an choinsíneacht shuntasach seo, a seachadfar níos déanaí an tseachtain seo, go sroichfidh vacsaíní na daoine is mó a bhfuil gá acu leo agus leagfaidh sé béim ar dhlúthpháirtíocht na hÉireann le tíortha i mbéal forbartha le linn na paindéime seo. Tá Éire ag obair go dlúth le Rialtas Uganda ó lár na 90idí agus tá naisc láidre idir an dá thír. Chuir Aireacht Sláinte Uganda, le tacaíocht ó Ambasáid na hÉireann, UNICEF agus WHO plean freagartha uaillmhianach COVID-19 i bhfeidhm. Tá ár gcomhghleacaithe i Kampala réidh anois chun na dáileoga seo a fháil agus a riar do chohóirt tosaíochta lena n-áirítear oibrithe sláinte agus oideachasóirí.
Thug an tAire Donnelly ar aird gur ionann an síntiús agus tiomantas na hÉireann maidir le rochtain uilíoch ar vacsaíní agus mhol sé FSS as an síntiús a éascú.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Léiríonn an síntiús an chéad chéim eile i dtiomantas leanúnach na hÉireann do dhlúthpháirtíocht vacsaíní. Is tosaíocht d’Éirinn rochtain uilíoch agus chothrom ar vacsaíní COVID-19. Tógann an deonú vacsaíní seo ar thiomantas an Rialtais le déanaí 1 milliún vacsaín COVID-19 a chur le tionscnamh vacsaín domhanda COVAX. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le FSS as an bpleanáil lóistíochta shuntasach chun seachadadh na ndáileog seo a bhfuil géarghá leo a éascú do mhuintir Uganda."
Dúirt an tAire Brophy:
“Tá áthas orm go bhfuil Éire, tríd na vacsaíní seo a bhronnadh, in ann dlúthpháirtíocht a thaispeáint le muintir Uganda, chun iad a chosaint ar Covid-19. Is trí ghníomhú le chéile mar phobal domhanda agus sin amháin is féidir linn go léir a bheith sábháilte ón víreas uafásach seo. Trí thionchar na paindéime a laghdú cabhróidh sé linn sa troid i gcoinne na bochtaineachta agus na héagothroime, rud a theastaíonn ó Chúnamh Éireann a bhaint amach. Sin é an fáth, i dteannta leis an síntiús inniu, go bhfuil Éire tiomanta 1 milliún dáileog vacsaín eile a roinnt sna míonna amach romhainn, agus níos mó an bhliain seo chugainn. Is trí shaoráid dhomhanda COVAX a dhéanfar na síntiúis seo, ionas go sroichfidh siad na daoine is mó a bhfuil gá acu leo. Ina theannta sin agus trí bhuiséad Chúnamh Éireann, tá €7 milliún geallta agam do COVAX i mbliana, rud a chabhróidh freisin le hiarrachtaí vacsaínithe a luathú i dtíortha ar ioncam íseal agus meánioncaim."
D’fháiltigh Paul Reid, POF, FSS, roimh shíntiús na vacsaíní chuig Uganda:
“Tá sé de phribhléid ag FSS páirt a ghlacadh i ndeonú vacsaíní COVID-19 do shaoránaigh Uganda. Chuaigh go leor pleanála isteach sa síntiús seo, lena n-áirítear na tomhaltáin go léir atá riachtanach chun tacú le riar 335,500 dáileog de AstraZeneca (Vaxzevria), agus táimid buíoch dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu leis an tionscnamh seo as a dtacaíocht, chun é sin a bhaint amach."
Nótaí don Eagarthóir
Tá sé mar aidhm ag COVAX, arna chomhordú ag Comhghuaillíocht um Nuálaíochtaí Ullmhacht Eipidéime (CEPI), Gavi agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), forbairt agus déantúsaíocht vacsaíní COVID-19 a luathú, agus rochtain chothrom a chinntiú do gach tír ar domhan.
Tá os cionn €200 milliún leithdháilte ag Rialtas na hÉireann ar shláinte dhomhanda lena n-áirítear an freagra idirnáisiúnta ar COVID-19 ó thús 2020. San áireamh leis seo, agus i dteannta lenár ranníocaíocht bhliantúil de €3 mhilliún le Gavi, an Chomhghuaillíocht Vacsaíní, agus leithdháileadh €1 milliún breise ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun tacú leis an bpróiseas soláthair agus dáilte vacsaíní COVID-19. Tá €7 milliún á sholáthar don áis COVAX, ón gclár Cúnamh Éireann, i rith na bliana seo.
Tá ár dtacaíocht don iarracht sláinte dhomhanda bunaithe ar an tuiscint go gcaithfidh na tíortha is boichte dul níos faide ná roinnt vacsaíní agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar easnaimh bhunúsacha i soláthar cúraim sláinte ar bhonn níos leithne. Leanann Éire uirthi ag tacú le gníomhaithe sláinte iltaobhacha amhail an Ciste Domhanda chun SEIF, eitinn agus maláire a chomhrac chun cóireálacha tarrthála a sholáthar agus córais sláinte a neartú ar fud na paindéime.