English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte athruithe ar riachtanais taistil idirnáisiúnta - 22 Nollaig 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá rialacháin sínithe ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, ag leasú na riachtanas maidir le taisteal go hÉirinn. Ón lá inniu, Dé Céadaoin 22ú Nollaig, ardófar na srianta feabhsaithe ar dhaoine a thagann isteach ón seacht ‘Stáit Sceidealta’ ardriosca.

Ón 29ú Samhain 2021, ceanglaíodh ar phaisinéirí idirnáisiúnta go hÉirinn a raibh stair thaistil acu i gceann de na seacht tíortha ardriosca – an Bhotsuáin, Esuaitíní, Leosóta, Mósaimbíc, an Namaib, an Afraic Theas agus An tSiombáib – tástáil dhiúltach Covid réamh-imeachta a thaispeáint sular tháinig siad go hÉirinn agus chun tástáil iar-teachta agus coraintín baile a dhéanamh.

Beidh gach paisinéir a thagann ó thar lear anois faoi réir na gceanglas céanna maidir le taisteal go hÉirinn. Ceanglaítear ar phaisinéirí thar lear go hÉirinn cruthúnas de thoradh tástála COVID-19 diúltach/neamhbhraite a thaispeáint.

Is féidir le paisinéirí a bhfuil cruthúnas vacsaínithe nó téarnaimh acu toradh tástála PCR diúltach a thógtar laistigh de 72 uair an chloig roimh theacht isteach, nó tástáil antaigine diúltach a thógtar laistigh de 48 uair an chloig roimh theacht isteach a thaispeáint.

Ní ghlacfar ach le Mearthástálacha Antaigine atá liostaithe ar liosta comónta mearthástálacha antaigine an AE agus ní mór do ghairmí sláinte nó pearsanra tástála oilte é a dhéanamh.

Ní mór do phaisinéirí gan cruthúnas ar vacsaíniú nó téarnaimh toradh tástála PCR diúltach a thaispeáint a thógtar laistigh de 72 uair an chloig tar éis dóibh teacht.

Seiceálfar cruthúnas ar thoradh tástála COVID-19 diúltach/neamhbhraite roimh imeacht agus d’fhéadfadh go mbeadh sé faoi réir seiceálacha ar theacht isteach dóibh.

Ceanglaítear ar phaisinéirí go hÉirinn a thagann gan toradh tástála COVID-19 diúltach/neamhbhraite coraintín baile a dhéanamh agus tástáil PCR a dhéanamh laistigh de 36 uair an chloig tar éis dóibh teacht. Féadann toradh tástála diúltach/neamhbhraite ina dhiaidh sin cur ar chumas an phaisinéara coraintín baile a fhágáil. Mura ndéantar tástáil PCR caithfidh an paisinéir fanacht i gcoraintín baile ar feadh 10 lá tar éis dóibh teacht.

De bhreis an méid thuas, is í an chomhairle sláinte poiblí gur chóir do gach duine a thagann isteach ó thar lear mearthástáil antaigine laethúil a dhéanamh ar feadh 5 lá as a chéile tar éis dóibh teacht agus féin-aonrú agus tástáil PCR a dhéanamh má thagann siomptóim orthu.

Tá sé beartaithe go mbeidh gach beart taistil sealadach agus déanfar athbhreithniú leanúnach orthu. De réir mar a bheidh tuilleadh eolais ar fáil faoin athraitheach Omicron leanfaimid orainn ag oiriúnú. Chun tuilleadh a fháil amach, tabhair cuairt le do thoil ar gov.ie/travel