Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte forbairt an Phlean Náisiúnta nua um Ghalair Neamhchoitianta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Feabhra 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD ag comóradh Lá na nGalar Neamhchoitianta inniu trína fhógairt go bhfuil a Roinn chun Plean Náisiúnta nua um Ghalair Neamhchoitianta a fhorbairt.

Ag gealladh tacaíochta do dhaoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu, dheimhnigh an tAire go bhfuil obair le tosú ar an bPlean Náisiúnta nua um Ghalair Neamhchoitianta, de réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais.

Tá sé mar thosaíocht ag an Rialtas cúram agus cóireáil othar a bhfuil galar neamhchoitianta orthu a fheabhsú agus a leathnú, agus tá obair á stiúradh ag Clár Cliniciúil Náisiúnta FSS um Ghalair Neamhchoitianta.

Tá maoiniú méadaithe go suntasach ag an Rialtas freisin do chógais nuálacha nua do ghalair neamhchoitianta, ag infheistiú €100 milliún le trí Bhuiséad anuas.

Le linn an ama seo, faomhadh níos mó ná 100 cógas nua, lena n-áirítear 34 cógas dílleachtach le galar neamhchoitianta a chóireáil.

In 2023, tá €2.7 milliún geallta ag an Rialtas chun tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise seo.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tuigim go bhfuil dúshláin ollmhóra roimh othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus a dteaghlaigh maidir lena riochtaí a bhainistiú agus a chóireáil, agus méadaíonn an easpa faisnéise agus taighde ar na galair seo na dúshláin.

“Mar sheirbhís sláinte, táimid ag obair chun é seo a athrú. Cabhróidh cóireálacha pearsantaithe le bunathrú a dhéanamh ar sholáthar cúram sláinte in Éirinn, agus leagadh amach an fhís seo cheana féin nuair a seoladh an Straitéis Náisiúnta um Luathú Leigheas Géiniteach agus Géanómaíoch in Éirinn le déanaí.”

Forbraíodh dlúthnaisc cheana féin le comhpháirtithe an AE. Anuraidh ainmníodh FSS mar an tÚdarás Inniúil Náisiúnta i gComhghníomh an AE de Líonraí Tagartha Eorpacha le haghaidh Galar Neamhchoitianta, a chumasaíonn comhordú níos fearr agus comhroinnt na gcleachtas is fearr i bpríomhréimsí mar thástáil ghéiniteach.

Ag cur béime ar thábhacht an chur chuige ar fud an AE, dúirt an Príomhoifigeach Leighis an tOllamh Breda Smyth:

“Chuir an comhoibriú seo ar ár gcumas dul isteach i 18 Líonra Tagartha Eorpacha (ERNs) ar Ghalair Neamhchoitianta. Áirítear leis na ERNanna seo ionadaíocht ó chúig ospidéal acadúil agus trí ollscoil agus tá sé á chomhordú ag an Oifig Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta.

“Léiríonn sé seo éacht suntasach ag an tseirbhís sláinte, chun nuálaíocht, oiliúint agus taighde cliniciúil a spreagadh maidir le cúram an-speisialaithe.”

Nótaí

  • Maireann 1 as 15 duine le galar neamhchoitianta ag am éigin ina saol.
  • Tá sé mar aidhm ag Lá na nGalar Neamhchoitianta feasacht a mhéadú ar ghalair neamhchoitianta agus ar an ngá atá le saineolas agus eolas méadaithe chun cabhrú le cóireálacha a fheabhsú.
  • Leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta um Luathú Leigheas Géiniteach agus Géanómaíoch in Éirinn fís na hÉireann maidir le seirbhís náisiúnta géineolaíochta agus géanómaíochta, seirbhís othar agus teaghlach-lárnaithe, trína fócas ar chothromas rochtana agus torthaí othar feabhsaithe. Clúdóidh an tseirbhís seo saolré na n-othar agus beidh sí ar fáil ar fud na Limistéar Sláinte Réigiúnach. Tacófar léi trí chóras rialachais láidir, fórsa saothair oilte, taighde nuálaíoch agus comhpháirtíochtaí iontaofa.
  • Bunaíodh Clár Cliniciúil Náisiúnta FSS do Ghalair Neamhchoitianta in 2013 agus bhunaigh FSS an Oifig Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta in 2015. Is é cuspóir na hOifige Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta faisnéis reatha iontaofa a sholáthar d’othair, do theaghlaigh agus do ghairmithe cúram sláinte faoi ghalair ghéiniteacha agus neamhchoitianta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat