Fógraíonn an tAire Sláinte glacadh an-ard maidir leis an scéim frithghiniúna saor in aisce
- Foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, rannpháirtíocht an-ard sa scéim frithghiniúna saor in aisce arna riar ag dochtúirí teaghlaigh agus i gcógaslanna.
Tá frithghiniúint saor in aisce, do mhná 17-25 bliana d'aois, ar fáil ó dhochtúirí teaghlaigh, ionaid chúraim phríomhúil agus cógaiseoirí ó thús mhí Mheán Fómhair. Ó seoladh an scéim, tá 2,108 dochtúir teaghlaigh agus 1,458 cógaslann tar éis conarthaí a chur i gcrích le FSS chun seirbhísí a sholáthar. Tá iarratais bhreise ó dhochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna fós ar siúl agus fuarthas 2,831 iarratas ó dhochtúirí teaghlaigh agus 1908 ó chógaiseoirí. Is ionann sin agus formhór mór na ndochtúirí teaghlaigh agus na gcógaiseoirí a sholáthraíonn seirbhísí faoi láthair faoin scéim Seirbhísí Ginearálta Míochaine.
Clúdaíonn an scéim frithghiniúna saor in aisce gach comhairliúchán le liachleachtóir is gá chun rochtain a fháil ar fhrithghiniúint ar oideas, ar fhrithghiniúint inchúlaithe fhadtéarmach a fheistiú agus a bhaint, agus ar fhrithghiniúint ar oideas á soláthar ag cógaiseoirí saor in aisce do dhaoine 17-25 bliana d'aois.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil líon chomh mór Dochtúirí Teaghlaigh agus cógaiseoirí tar éis clárú chun an scéim frithghiniúna saor in aisce a sheachadadh. Bhí frithghiniúint saor in aisce ar cheann de na príomh-mholtaí ag gabháil le hAisghairm an Ochtú Leasú ar an mBunreacht agus is gealltanas ríthábhachtach é sa Chlár Rialtais. Is scéim shuntasach í seo i gcomhthéacs cúram sláinte na mban in Éirinn agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dóibh siúd go léir a d'oibrigh go crua chun sinn a thabhairt chuig an bpointe seo agus buíochas a ghabháil leo."
“I mBuiséad 2022, fuair mé €9 milliún chun an scéim seo a chur i bhfeidhm agus a sheachadadh agus bhí mé an-sásta a bheith in ann infheistíocht bhreise a fháil i mBuiséad 2023 chun an scéim a leathnú ón 1 Meán Fómhair 2023 chun gach bean idir 17 agus 30 bliain d'aois a chlúdach, agus más féidir (faoi réir comhairle dlí, comhairliúchán cuimsitheach ar fud an Rialtais agus leasú reachtach ina dhiaidh sin), chun í a leathnú go dtí 16 bliana d'aois. Is garsprioc eile í seo do shláinte agus d'fholláine mhná na hÉireann."
Tá tuilleadh faisnéise ar láithreán gréasáin um Shláinte Ghnéis & Folláine FSS maidir leis an scéim frithghiniúna saor in aisce lena n-áirítear faisnéis maidir le costais a chlúdaítear, na cineálacha frithghiniúna atá ar fáil agus atá clúdaithe chomh maith le frithghiniúint éigeandála.
Nótaí don Eagarthóir
Scéim frithghiniúna saor in aisce
Leis an scéim frithghiniúna saor in aisce maoinítear rochtain ar fhrithghiniúint do mhná 17-25 bliana d'aois tríd an méid seo a leanas a sholáthar:
- an costas a bhaineann le frithghiniúint ar oideas
- an costas a bhaineann le comhairliúcháin le Dochtúirí Teaghlaigh agus gairmithe leighis ábhartha eile chun roghanna frithghiniúna a phlé le hothair incháilithe agus chun oidis a sholáthar ina leith sin
- an costas a bhaineann le feistiú agus/nó le baint cineálacha éagsúla Frithghiniúna Inchúlaithe Fadtéarmaí (LARC) móide aon seiceálacha riachtanacha, ag gairmithe leighis atá deimhnithe chun LARCanna a fheistiú/a bhaint (mar shampla, feistí ionútaracha (IUD), córais ionútaracha (IUS), cornaí agus ionchlannáin)
- an costas a bhaineann leis an raon leathan roghanna frithghiniúna atá ar fáil faoi láthair do shealbhóirí cárta GMS (leighis), a bheidh ar fáil tríd an scéim seo freisin, lena n-áirítear instealltaí frithghiniúna, ionchlannáin, IUSanna agus IUDanna, an paiste agus an fáinne frithghiniúna, agus cineálacha éagsúla piolla frithghiniúna béil, lena n-áirítear frithghiniúint éigeandála
- an costas a bhaineann le dochtúirí teaghlaigh agus gairmithe leighis eile a chur faoi oiliúint agus a dheimhniú chun LARC a fheistiú agus a bhaint
Leithdháileadh maoiniú thart ar €9m don scéim i mBuiséad 2022. Cuirtear maoiniú breise thart ar €32 milliún ar fáil, trí Bhuiséad 2023, chun tacú leis an scéim frithghiniúna agus chun í a leathnú chun daoine 16-30 bliain d'aois a áireamh in 2023. Leathnófar an scéim chun daoine 26 bliain d'aois a áireamh an 1 Eanáir 2023, agus beidh daoine 16- bliain d'aois agus 27-30 bliain d'aois incháilithe an 1 Meán Fómhair 2023. Tá leathnú na scéime do dhaoine 16 bliain d'aois faoi réir comhairle dlí, comhairliúchán mionsonraithe agus na leasuithe reachtacha riachtanacha.
Ciallaíonn sé sin go mbeidh mná incháilithe le haghaidh frithghiniúna saor in aisce faoin scéim go dtí an 1 Eanáir 2023, óna 17ú lá breithe go dtí an lá roimh a 26ú lá breithe. Beidh mná a bhfuil cornaí, IUDanna, IUSanna nó ionchlannáin curtha isteach acu faoin scéim fós i dteideal seiceálacha agus baint saor in aisce d’aon fheistí a cuireadh isteach roimh a 26ú breithlá, chun leanúnachas a gcúram a chinntiú. Ón 1 Eanáir 2023, tá sé beartaithe go leathnófar incháilitheacht iomlán go dtí daoine atá 26 bliain d'aois. Leathnófar incháilitheacht tuilleadh go 27-30 bliain d'aois ón 1 Meán Fómhair 2023.