Fógraíonn an tAire Sláinte go dtiocfaidh méadú 33% ar líon na spotaí oiliúna Liachleachtóirí Ginearálta (GP) roimh 2024
- Foilsithe: 2 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 7 Meitheamh 2023
- Ardóidh líon na nÁiteanna Oiliúna Dochtúra Ginearálta ó 258 in 2022 go 350 in 2024 - méadú 35%.
- Ardóidh líon iomlán na n-oiliúnaithe a thabharfaidh faoin gclár ceithre bliana ón 932 reatha go 1,300 faoi 2026, rud a léiríonn méadú 45%
- Ardóidh acmhainn na Scéime Oiliúna Dochtúra Neamh-AE ó 50 go 250 faoi dheireadh 2024, rud a léiríonn méadú 400%.
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, inniu (Dé hAoine an 2 Meitheamh 2023) go bhfuil méadú suntasach ar líon na bpost oiliúna do Dhochtúirí Teaghlaigh.
Chuaigh an tAire Donnelly i dteagmháil le Coláiste Liachleachtóirí na hÉireann (ICGP) níos luaithe i mbliana chun fiosrú a dheanamh ar áiteanna oiliúna DG a mhéadú faoi 2024.
Chláraigh scéim oiliúna na nDochtúirí Teaghlaigh,atá á reáchtáil ag an ICGP, 258 dochtúir nua ar a chlár sainoiliúna 2022/2023. Faoi láthair tá 932 oiliúnaí ag tabhairt faoin gclár 4 bliana.
Ardóidh líon na n-áiteanna traenála do Dhochtúirí Teaghlaigh go 285 i mí Iúil seo chugainn, agus faoi Iúil 2024, ardóidh sé go 350. Mar thoradh ar an leathnú seo beidh 1,300 oiliúnaí san iomlán rannpháirteach sa chlár.
Dúirt an tAire Donnelly:
‘‘Táim tiomanta chun ár bhfórsa saothair leighis a mhéadú. Tá pleanáil don todhchaí riachtanach. Is céim thar a bheith dearfach í seo mar go dtugann sé níos mó áiteanna oiliúna do dhochtúirí ar mian leo speisialtóireacht a dhéanamh mar Dhochtúirí Ginearálta agus is dea-scéal é d’othair.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach FSS, Bernard Gloster:
‘’Leanann an méadú suntasach ar phoist oiliúna DG leis na hiarrachtaí atá déanta le blianta beaga anuas. Is feabhas suntasach é an fhorbairt seo maidir le hacmhainní a chur ar fáil sa todhchaí do ghné riachtanach de sheirbhísí cúram sláinte. Tógfaimid gach deis chun fás an chleachtais ghinearálta a chur chun cinn ar fud na tíre ‘’
D’fhógair an tAire Donnelly méadú suntasach freisin ar líon na ndochtúirí átá ag glacadh páirt sa Chlár Oiliúna Dochtúra Teaghlaigh neamh-AE. Tá sé mar aidhm ag an gClár Dochtúirí Teaghlaigh Neamh AE, cohórt de Dhochtúirí Teaghlaigh neamh-AE a aithint, tacú leo agus comhtháthú a dhéanamh i bhfórsa saothair tuaithe na hÉireann. Tá roinnt acu ag obair cheana féin i gcleachtaí ginearálta ar fud na tíre.
Tá difríocht dhíreach á dhéanamh ag an gclár seo, a chruthaigh FSS agus an ICGP, trí fheabhas a chur ar chumas an chleachtais ghinearálta. Táthar ag súil le 100 dochtúir a chlárú faoi dheireadh na bliana seo agus 250 dochtúir breise faoi dheireadh 2024.
Dúirt an tAire Donnelly:
‘’Is dochtúirí teaghlaigh oilte iad seo ó áiteanna éagsúla ar fud an domhain a ghlacann páirt i gclár dhá bhliain. Nascann siad dualgais líne tosaigh DG le meantóireacht agus oiliúint ag cleachtais ainmnithe. Cabhróidh an dul chun cinn mór atá á dhéanamh inár gClár Neamh-AE agus an méadú ar líon na n-áiteanna oiliúna, go dtí an líon is airde riamh de 350, linn ár seirbhísí cúraim phríomhúil a neartú agus ár bhfórsa saothair ríthábhachtach Cleachtadh Ginearálta a mhéadú anois agus san am atá le teacht.’’
Ghabh an tAire buíochas leis an ICGP as a chuid oibre agus físe, ag ra:
“Is eagraíocht nuálach í atá ag iarraidh teacht ar réitigh chun dul i ngleic le srianta acmhainne.”
Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Choláiste Liachleachtóirí Éireann, Fintan Foy
“Fáiltíonn muid roimh phleananna an Aire chun líon na n-áiteanna oiliúna do chleachtas ginearálta a mhéadú. Tá an ganntanas gairmithe cúram sláinte agus an t-ualach oibre méadaithe i gCleachtadh Ginearálta ag cur moill ar othair atá ag lorg coinní lena ndochtúirí teaghlaigh. Chomh maith leis sin ta na mílte othar nach bhfuil in ann clárú le dochtúir teaghlaigh. Teastaíonn níos mó Dochtúirí Teaghlaigh uainn agus Is céim ríthábhachtach é líon na n-áiteanna oiliúna a mhéadú chun cur ar chumas níos mó dochtúirí a bheith ina nDochtúirí Teaghlaigh in Éirinn.’’
Chuir an tUasal Foy leis:
“Aithnímid agus gabhaimid buíochas leis an Aire agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as a dtacaíocht lenár gclár Dochtúirí Tuaithe lasmuigh den AE. Tionscnamh iontach é seo chun a chinntiú go bhfaigheann pobail tuaithe seirbhísí GP ar ardchaighdeán agus go ndéantar freastal éifeachtach orthu’’