Fógraíonn an tAire Sláinte go gceannófar 15,000 vacsaín bhreise don bholgach moncaí
- Foilsithe: 25 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD inniu go bhfuil an Stát, trí FSS, tar éis teacht ar mhargadh le Bavarian Nordic chun 15,000 vacsaín don bholgach moncaí a sholáthar. Cuireann an soláthar borradh suntasach faoin gclár imdhíonta atá ar siúl faoi láthair i lár ganntanas domhanda soláthar vacsaíní.
Faoi théarmaí an chomhaontaithe leis an monaróir, seachadfar 5,000 vacsaín i mbliana agus tá na 10,000 dáileog eile le seachadadh an bhliain seo chugainn.
Tá an vacsaíniú coiscthe príomhúil á sholáthar ag FSS dóibh siúd is dóchúla a bhainfidh an tairbhe is mó a bhaint as trí ionaid ainmnithe ar fud na tíre de réir mholtaí an Choiste Chomhairligh Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC). Iarrtar ar dhaoine aonair a riosca ionfhabhtaithe a aithint agus i gcás go measann siad gur cuí é, coinne vacsaíne a chur in áirithe. Tá an t-éileamh ar an vacsaín ard agus tá gach coinne vacsaíne atá ar fáil faoi láthair curtha in áirithe anois. Beifear in ann líon suntasach coinní breise a chur in áirithe an mhí seo chugainn.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is ábhar misnigh é an t-éileamh ar vacsaíní don bholgach moncaí a fheiceáil i measc an daonra is mó a rachadh siad chun tairbhe dóibh agus táim ag spreagadh dóibh siúd nach raibh an deis acu fós, coinne a chur in áirithe sna seachtainí amach romhainn nuair a bheidh siad ar fáil.
“Ligeann an socrú seo le Bavarian Nordic dúinn an clár imdhíonta a leathnú go suntasach agus an chosaint is fearr atá ar fáil i gcoinne na bolgaí moncaí a sholáthar do ghrúpaí atá i mbaol.”
Nótaí don Eagarthóir
D'fhéadfadh bolgach moncaí tionchar a bheith aici ar dhuine ar bith, ach faoi láthair baineann formhór na gcásanna le fir atá aerach, déghnéasach nó fir eile a mbíonn gnéas acu le fir. Meastar go bhféadfadh idir 6,000 agus 13,000 duine leas a bhaint as vacsaíniú.
Moltar na vacsaíní do dhaoine sna catagóirí seo más rud é:
- Gur diagnóisíodh go raibh ionfhabhtú gnéas-tarchurtha baictéarach (STI) orthu le 6 mhí anuas
- Go ndearnadh diagnóis orthu le heirpéas na mball giniúna den chéad uair le 6 mhí anuas
- Go raibh 3 pháirtí gnéis nó níos mó acu le 3 mhí anuas
- Go raibh gnéas i ngrúpa acu le 6 mhí anuas
- Go raibh gnéas acu in ionad gnéas-ar-áitribh le 6 mhí anuas