English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte go gcuirfear Samhail Sláinte faoi stiúir Sainchomhairleora agus atá Athchóirithe ó Bhonn i bhfeidhm in Éirinn

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 21 Aibreán 2021

D’fhógair an tAire Sláinte inniu gur baineadh comhaontú amach le Cumann Leighis na hÉireann (CLÉ) maidir le samhail sláinte poiblí athchóirithe in Éirinn. Tuigtear go molfaidh CLÉ an Comhaontú dá mbaill a chaithfidh vóta air sna seachtainí amach romhainn.

Dúirt an tAire Donnelly:

“D’aithin an Rialtas go dteastaíonn athchóiriú mór a dhéanamh ar an bhfeidhm Shláinte Poiblí agus gheallamar, trí Phlean chun Cinn Covid-19, d’infheistiú in, acmhainní a sholáthar do shláinte phoiblí agus do shamhail sláinte poiblí a sholáthar atá neartaithe agus athchóirithe a chuireann sainchomhairleoirí ar fáil. Tugadh chun solais le bliain anuas an ríthábhacht náisiúnta a bhaineann le lucht saothair sláinte poiblí a bhfuil ar a gcumas freagairt um chosaint sláinte a sholáthar atá daingean agus athléimneach. Cuirim fáilte roimhe gur baineadh comhaontú amach le Cumann Leighis na hÉireann a thacóidh le samhail sláinte poiblí a athchóiríodh ó bhonn a chur i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach atá ar aon dul le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Is mian liom an tacaíocht a thug an tAire McGrath agus a thiomantas don athchóiriú ríthábhachtach sláinte poiblí seo a aithint, a chuir ar ár gcumas an comhaontú seo a bhaint amach.”

Athraíonn an tsamhail fheabhsaithe soláthair seirbhíse an struchtúr rialachais agus oibriúcháin ó bhonn laistigh de Shláinte Phoiblí, tugann sé struchtúr bainistíochta Náisiúnta agus Réigiúnach atá níos oiriúnaí don fheidhm isteach i measc gach cinn de na colúin Sláinte Poiblí – struchtúr ‘mol agus spóca’ faoi stiúir sainchomhairleoirí, faoi mar a bheartaítear i dTuarascáil Crowe Horwath.

Tá an tAire sásta go dtabharfar cur i bhfeidhm na samhla nua chun cinn ar bhonn céimnithe agus go gcuimseofar ann grád Sainchomhairleora sa Mhíochaine Sláinte Poiblí a bhunú chun ceannaireacht straitéiseach a sholáthar don tSamhail Sláinte Poiblí athchóirithe seo.

Faoi mar a thugann Éire a cosa léi amach ón tsraith bearta cosanta atá i bhfeidhm faoi láthair agus mar a lorgaíonn sí aon ghéarú amach anseo ar chásanna a chosc, a íoslaghdú agus a mhoilliú, bainfidh ríthábhacht le freagairt sláinte poiblí thapa, dhinimiciúil, lúfar, chomhtháite agus faoi stiúir faisnéise, a eagraítear ar leibhéal áitiúil, chun athbhorradh breise ar chásanna a chosc nó a íoslaghdú idir an meántéarma agus an fadtéarma. Mar thoradh air sin, is sa cholún Cosanta Sláinte a bheidh na poist a dtugtar tús áite dóibh faoi Chéim 1 a ndéanfar earcaíocht dóibh trí phróisis iomaíocha oscailte.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Dr Ronan Glynn:

“Tugadh an ríthábhacht a bhaineann le freagairt dhaingean, chuimsitheach, ildisciplíneach faoi stiúir sláinte poiblí do bhagairtí galar tógálach a bhainistiú inár bpobail chun solais le bliain anuas. De réir mar a thabharfaimid ár gcosa slán ón bpaindéim seo, le cúnamh Dé, ba cheart go ndéanfadh na gnéithe eile de mhíochaine sláinte poiblí, sláinte agus folláine phoiblí a chur chun cinn, meastóireacht agus feabhsú leanúnach a dhéanamh ar ár seirbhísí sláinte agus sonraí agus faisnéis sláinte a úsáid chun eolas a chur ar fáil do na forbairtí siúd san áireamh, buntacaíocht bhunúsach a thabhairt don chlaochlú riachtanach a bheidh ag teastáil inár gcur chuige i leith sláinte an phobail a fheabhsú sna blianta amach romhainn. Aithníonn fógra an lae inniu an ról ríthábhachtach is féidir le sainchomhairleoirí míochaine sláinte poiblí a ghlacadh sa chlaochlú seo, aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le cosc agus le leigheas, agus leagann sé bonn faoi shamhail nua agus athchóirithe mhíochaine sláinte poiblí a fhorbairt in Éirinn.”

Dúirt an Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS, an Dr Colm Henry freisin:-

“B’eol dúinn le fada luach ár Foirne Sláinte Poiblí agus an ról a ghlacann siad maidir le sláinte aonair agus comhshláinte ár ndaoine. Tugadh chun solais le bliain anuas an bhagairt dhomhanda do shláinte an daonra a chruthaigh oibreáin nua thógálacha agus an ríthábhacht náisiúnta a bhaineann le lucht saothair sláinte poiblí a bhfuil ar a chumas freagairt um chosaint sláinte a sholáthar do na bagairtí atá daingean, athléimneach agus freagrúil. Bhí foirne Sláinte Poiblí FSS ar thús cadhnaíochta ár bhfreagartha do phaindéim Covid-19, léirigh siad ceannaireacht, tiomantas, agus gairmiúlacht shuntasach chun ár bpobail a chosaint. Táim ag tnúth le hoibriú lenár gcomhghleacaithe Sláinte Poiblí chun an tseirbhís a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile agus lena chinntiú go dtiocfaidh Éire slán ón bpaindéim agus go mbíonn seirbhís sláinte poiblí agus lucht saothair ann a bhaineann dea-chleachtas idirnáisiúnta amach.”

Rinneadh méid suntasach oibre chun an tsamhail nua a dhearadh agus tá bís ar an Roinn agus FSS leanúint ag oibriú lenár lianna sláinte poiblí chun an tsamhail nua a chur i bhfeidhm anois. Is é an chéad chéim eile ná go gcuirfidh FSS tús le próiseas earcaíochta oscailte do Shainchomhairleoirí Míochaine Sláinte Poiblí chun na poist a dtugtar tús áite dóibh a líonadh.

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí

Choimisiúnaigh an Roinn Sláinte Crowe Horwath in 2017 chun tabhairt faoi athbhreithniú ar ról, oiliúint, agus struchtúir ghairm bheatha lianna sláinte poiblí in Éirinn faoi láthair agus amach anseo. Moladh sa tuarascáil a foilsíodh i mí na Nollag 2018 gur cheart Samhail Soláthair Seirbhíse nua don fheidhm Shláinte Poiblí in FSS a chruthú agus gur cheart dó bheith faoi stiúir Sainchomhairleoirí Míochaine Sláinte Poiblí.

Tugtar Feidhm Shláinte Poiblí láidir isteach sa tsamhail nua atá ailínithe go straitéiseach laistigh de FSS chun sláinte dhaonra na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn, chun cur go héifeachtach le mórdhearadh seirbhíse agus beartas a chur i bhfeidhm, chun dul i ngleic le neamhionannas sláinte, agus lena chinntiú go nglactar le cur chuige atá bunaithe ar riachtanais an daonra i leith soláthar comhtháite cúraim sláinte. Lorgaíonn an tsamhail cothromaíocht a bhaint amach athuair idir acmhainní chun soláthar éifeachtach a dhéanamh i measc gach cinn de na ceithre réimse de chleachtas sláinte poiblí (Cosaint Sláinte, Faisnéis Sláinte, Feabhsú Seirbhís Sláinte agus Sláinte agus Folláine) agus barr feabhais a chur ar an méid a chuireann saineolas sainchomhairleoirí leis chun tionchar níos mó a sholáthar i measc sainchúram níos fairsinge soláthair seirbhíse. Faoin tsamhail nua, glacfaidh Sainchomhairleoirí Míochaine Sláinte Poiblí (SMSPanna) foirne ildisciplíneacha a bhfuil na hacmhainní cuí acu a stiúradh, eolaithe faireachais/eipidéimeolaithe, oifigigh leighis shinsearacha, rianaithe teagmhálaithe oilte, oibríochtaí riaracháin agus, thar aon ní eile, oibríochtaí daingne agus tacaíocht bainistíochta ina measc.

Is iad na Sainchomhairleoirí Míochaine Sláinte Poiblí (na SMSPanna) na saineolaithe leighis, a bhfuil baint shubstainteach agus dhíreach acu le measúnú, cúram a sholáthar (a dhíríonn ar chúram réamhghníomhach, coisctheach agus comhtháite) agus ceannaireacht fhoriomlán lena chinntiú go ndéantar sláinte an daonra a chosaint agus a fheabhsú.

Thug an Roinn Sláinte, FSS agus Cumann Leighis na hÉireann faoi phlé faoin tsamhail nua agus todhchaí speisialtacht na Míochaine Sláinte Poiblí le roinnt míonna anuas agus tá siad ar aon intinn lena chéile maidir le cur i bhfeidhm na samhla nua agus grád Sainchomhairleoir Míochaine Sláinte Poiblí a thabhairt isteach láithreach den chéad uair in Éirinn.

Cumasóidh samhail faoi stiúir Sainchomhairleoirí earcaíocht agus Dochtúirí Sláinte Poiblí a choimeád a bhfuil an cumas, an neamhspleáchas, an t-údarás, an chuntasacht agus foirne ildisciplíneacha acu chun seirbhís míochaine sláinte poiblí a sholáthar atá lúfar, dinimiciúil agus faoi stiúir faisnéise chun an daonra a chosaint ó bhagairtí sláinte, sláinte a chur chun cinn, feabhas a chur ar sheirbhísí sláinte agus dul i ngleic le neamhionannas sa tsláinte.

Chomhaontaigh na páirtithe go gcuirfear Samhail Sláinte Poiblí faoi stiúir Sainchomhairleora i bhfeidhm faoi Nollaig 2023, agus go mbunófar 34 post sainchomhairleora sa chéad bhliain agus go mbunófar 84 post Sainchomhairleora, ar an iomlán, i Míochaine Sláinte Poiblí faoi dheireadh na Nollag 2023. Éascóidh cineál céimnithe an chuir i bhfeidhm próiseas athbhreithnithe a dhéanamh lena chinntiú go leabaítear athchóiriú sa tSamhail Sláinte Poiblí seo i rith an phróisis um chur i bhfeidhm.