English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte go gcuirfear vacsaíní an fhliú ar fáil gan chostas do gach leanbh idir 2 agus 12 bhliain d’aois agus do gach grúpa atá i mbaol

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte Simon Harris TD inniu go bhfuil sé ar intinn aige vacsaín an fhliú a chur ar fáil freisin do leanaí gan chostas.

Dheimhnigh an tAire Harris go gcuirfear an vacsaín ar fáil gan chostas freisin do gach duine atá i ngrúpaí atá i mbaol a shainigh FSS atá idir 6 mhí ag 69 bliain d’aois, an dá aois sin san áireamh. Cuirtear an vacsaín ar fáil cheana féin gan chostas do gach duine atá níos sine ná 70 bliain d’aois.

Beidh an vacsaíniú ar fáil do gach leanbh idir 2 agus 12 bhliain d’aois, an dá aois sin san áireamh.

Tá obair ar bun faoi láthair chun an beartas seo a phleanáil agus chun éifeacht a thabhairt dó agus cuirfear eolas breise ar fáil nuair a bheidh na socruithe tugtha chun críche.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Harris:

"D’fhéadfadh borradh faoi COVID-19 a thiocfaidh i séasúr an fhliú a bheidh ag teacht aníos dúshlán mór a chruthú do sheirbhísí cúram sláinte a sholáthar an geimhreadh seo chugainn.

"Sin an fáth go bhfuil oifigigh ó mo Roinn ag oibriú go dlúth le FSS chun fairsingiú chlár séasúrach vacsaínithe an fhliú a chur i bhfeidhm do gheimhreadh 2020/21.

"Breoiteacht é an fliú a d’fhéadfadh bheith marfach agus is mian liom a chinntiú go gcosnaítear na daoine is leochailí inár bpobail.

"Nuair a thiocfaidh sé aníos, spreagfaidh mé go tréan na daoine siúd i ngrúpaí atá i mbaol chun vacsaín a fháil chun iad féin a chosaint agus, i gcás oibrithe cúram sláinte, agus na daoine a dtugann siad aire dóibh a chosaint, ó bheith nochta don fhliú.

"Is é vacsaín an fhliú an t-aon chosaint atá ar fáil in aghaidh an fhliú agus is é an rogha is fearr do dhaoine leochaileacha in aghaidh dheacrachtaí an fhliú a d'fhéadfadh daoine a chur i mbaol a mbáis."

Eolas cúlra

Grúpaí a shainigh FSS atá i mbaol go dtiocfaidh an fliú orthu

Moltar go mór go bhfaigheann na daoine seo a leanas vacsaíniú:

• Daoine aois 65 bliain agus níos sine

• Mná torracha (is féidir vacsaín a thabhairt do dhuine ag aon chéim ar bith de thoircheas)

• Daoine fásta agus leanaí aois 6 mhí agus níos sine a bhfuil riocht sláinte fadtéarmach orthu, ar nós an mhéid seo a leanas:

o Galar croí ainsealach, géarshiondróm corónach san áireamh

o Galar ae ainsealach

o Cliseadh duánach ainsealach

o Othair ailse

o Galar riospráide ainsealach, galar scamhóige toirmeascach ainsealach, fiobróis chisteach, plúchadh measartha nó trom nó diospláise bhroncascamhógach san áireamh

o Galar néareolaíoch ainsealach, scléaróis iolrach, neamhoird ó oidhreacht agus mheathlúcháin lárchóras na néaróg san áireamh

o Diaibéiteas mellitus

o Siondróm Down

o Haemaglóibineapaite

o Murtall galrach, i.e. innéacs corpmhaise 40 nó níos airde

o Sochtadh imdhíonta mar gheall ar ghalar nó cóireáil, easpa liatháin, mífheidhmiú liathánach san áireamh, agus

o Othair ailse

• Leanaí 6 mhí d’aois agus níos sine:

o a bhfuil neamhoird néarafhorbartha idir measartha agus trom orthu, ar nós pairilis cheirbreach agus míchumas intleachta

o a bhfuil teiripe aspairín fhadtéarmach á fáil acu (mar gheall ar an mbaol a chruthaíonn siondróm Reye)

• Cónaitheoirí i dtithe altranais agus in institiúidí eile fadchónaithe

• Oibrithe cúram sláinte, an fhoireann go léir ina measc i gcleachtas dochtúra ghinearálta (DG)

• Cúramóirí agus teagmhálaithe teaghlaigh dhaoine a bhfuil baol méadaithe leighis rompu

• Daoine a dhéanann teagmháil rialta le muca, éanlaithe clóis nó éin uisce

CRÍOCH