English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte Harris go mbeidh Éire ag glacadh páirte i dTriail Dlúthpháirtíochta Covid-19 na hEagraíochta Domhanda Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá Comhaontú sínithe inniu ag an Aire Sláinte, Simon Harris TD thar ceann Rialtais na hÉireann a chuireann ar chumas na hÉireann páirt a ghlacadh i dTriail Dlúthpháirtíochta Covid-19 na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO).

Tá maoiniú á fhógairt ag an Aire a chuirfidh €2.4 milliún ar fáil chun tacú le hospidéil othair a earcú don triail.

Is comhoibriú idirnáisiúnta é Triail Dlúthpháirtíochta na hEagraíochta Domhanda Sláinte idir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus balltíortha atá ag glacadh páirte go hidirnáisiúnta agus taighdeoirí, chun measúnú a dhéanamh ar chóir leighis ionchasacha don Covid-19.

Tá os cionn 5000 othar earcaithe ag an Triail Dlúthpháirtíochta go dtí seo, in os cionn 400 ospidéal agus in 35 tír, agus tá 100 tír eile ag feitheamh le bheith faofa chun páirt a ghlacadh sa triail.

Dúirt an tAire Harris

“Tá áthas orm go bhfuil ról ag Éirinn sa fhreagairt dhomhanda ar an ngéarchéim Covid-19, i dlúthpháirtíocht lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Go dtí seo níl aon chóir leighis cruthaithe ann don Covid-19 agus tá sé an-tábhachtach go ndéanfaí aon chóir leighis ionchasach a ordú laistigh de chomhthéacs trialacha cliniciúla ina dtugann othair cead roimh ré agus ina ndéantar gach rud a rialú agus a mhonatóiriú.”

Cuirfear tús leis an earcú in ospidéil ar fud na tíre laistigh de chúpla lá agus tá sé ag tarlú de bharr infheistíochta ón Rialtas le os cionn leathscór bliain i saoráidí trialacha cliniciúla, i líonraí mar aon le tacaíochtaí eile.

Dúirt an tOllamn Joe Eustace, Ollamh le Taighde dírithe ar an Othar i UCC, príomhthaighdeoir na trialach:

“Tá Rialtas na hÉireann ag déanamh urraíocht ar Thriail Dlúthpháirtíochta na hÉireann; óstáilte ag UCC agus comhordaithe ag HRB Clinical Research Coordination Ireland; tá na 6 Príomhionad agus Áis Taighde Cliniciúil bunaithe in Ollscoileanna mar aon leis na hospidéil atá cleamhnaithe leo, ag comhoibriú ar an triail sárthábhachtach seo chun sábháilteacht agus éifeachtacht a dheimhniú maidir le cóireálacha leighis ionchasacha d’othair Éireannacha a bhfuil Covid-19 tolgtha acu. D’fhéadfadh an triail seo a chur ar ár gcumas cóir leighis a aithint a mhaolóidh an infhabhtú, a laghdóidh an gá le Dianchúram agus a laghdóidh ráta báis an infhabhtaithe.”

Dúirt an tAire freisin

“cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na n-othar san ospidéal le COVID-19, ar an dea-uair, de bharr tréaniarrachtaí gach duine, cothóidh an Triail seo misneach d’othair atá inár n-ospidéil faoi láthair ar fud na tíre. Ina theannta sin, cé nach féidir a thuar cad a tharlóidh leis an bpaindéim seo, ní féidir linn bheith réchúiseach agus is príomheilimint í an Triail seo chun go mbeimid réidh go náisiúnta má bhíonn ráig nó rabhartha eile ann. Laghdóidh cóirealácha leighis rathúla an éifeacht atá ag Covid-19 ar othair agus ar an tSochaí Éireannach, agus leis sin, an baol go meidh tuilleadh orduithe dianghlasála ann”.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

  • Is comhoibriú idirnáisiúnta é Triail Dlúthpháirtíochta na hEagraíochta Domhanda Sláinte idir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus balltíortha atá ag glacadh páirte go hidirnáisiúnta agus taighdeoirí, chun measúnú a dhéanamh ar chóir leighis ionchasacha don Covid-19.
  • (https://www.who.int/emergencies/diseases/novel-coronavirus-2019/global-research-on-novel-coronavirus-2019-ncov/solidarity-clinical-trial-for-covid-19-treatments).
  • Tá rannphairtíocht sa Triail Dlúthpháirtíochta ar bhonn deonach go huile is go hiomlán; ní mór cead a thabhairt agus tá sé oscailte d’aosaigh amháin.
  • Níl ach roinnt trialacha il-ionaid, idirnáisiúnta, móra ann atá ag obair ar chóir leighis do Covid-19 agus is ceann díobhsan í an Triail Dlúthpháirtíochta WHO. Go tábhachtach, tá dearadh oiriúnaitheach aici – is é sin le rá gur féidir leis an WHO cinneadh a dhéanamh maidir le cóir leighis a stopadh nó cóir leighis nua a thabhairt isteach má mheasann siad go bhfuil an fhianaise ann maidir le sábháilteacht agus éifeachtacht chun é sin a dhéanamh. De bharr fianaise idirnáisiúnta, bheartaigh an WHO le déanaí stop a chur leis an ngéag hydroxychloroquine toisc go raibh fianaise láidir ann maidir le heaspa éifeachtúlachta.
  • Glacfaidh an Rialtas ról urraitheora áitiúil don Triail in Éirinn, ag obair leis an WHO mar urraitheoir domhanda. Tá an Rialtas ag tarmligean freagrachtaí urraitheora áirithe le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus cuirfidh sé slánaíocht ar fáil do UCC as na feidhmeanna seo a dhéanamh ar a shon.
  • Beidh líonra de thaighdeoirí cliniciúla bainteach sa Triail – is é an tOllamh Joe Eustace príomhstiúrthóir ainmnithe don Triail Dlúthpháirtíochta in Éirinn arb é Stiúrthóir na hÁise Taighde Cliniciúla i gCorcaigh é agus Cathaoirleach ar an bhFoireann Ardbhainistíochta de HRB-Clinical research Coordination Ireland.
  • Déanfaidh an Bord Taighde Sláinte bainistíocht agus maoirseacht ar mhaoiniú na Trialach ar son na Roinne Sláinte
  • Oibreoidh HRB-Clinical Research Coordination Ireland (HRB-CRCI) faoi stiúir an Phríomhtaighdeora agus beidh sé ina chomhordaitheoir don triail naisiúnta seo.
  • Seo a leanas liosta de na hospidéil agus na hÁiseanna Taighe Cliniciúla atá sé i gciest go mbeidh siad ag glacadh páirte: Ospidéal Beaumont (Ionad Taighde Cliniciúil RCSI), Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha (Ionad Taighde Cliniciúil RCSI), Mater Misericordiae Ospidéal Ollscoile (Ionad Taighde Cliniciúil), Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann (UCD Ionad Taighde Cliniciúil UCD), Ospidéal Ollscoil Chorcaí (HRB CRF-Corcaigh), Ospidéal Ollscoile na Trócaire HRB (CRF-Corcaigh), Ospidéal San Séamas (Wellcome Trust HRB CRF SJH), Ospidéal Ollscoile Thamhlachta (Wellcome Trust HRB CRF SJH), Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe (HRB CRF-Gaillimh) agus Ospidéal Ollscoile Luimnigh (Institiúid Taighde Sláinte-Aonad Tacaíochta um Taighde Cliniciúil, Luimneach).
  • Rithfidh an triail ó Mheitheamh 2020 go dtí Márta 2021.
  • Tá an Roinn ag obair le Clár Bainistíochta Drugaí na nOspidéal Géarmhíochaine chun a chinntiú go bhfoinsítear cógas leighis ionas go mbeidh siad ar fáil don triail agus nach mbeidh éifeacht air sin ar infhaighteacht an chógais leighis sin i gcásanna eile.
  • Go príomha, tacóidh an maoiniú don triail seo le caidre d’altraí taighde agus de chúntóirí taighde chun barrfheabhas a chur ar earcaocht othar ar fud na tíre.