Fógraíonn an tAire Sláinte luasghéarú Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann - Déardaoin an 23 Nollaig 2021
- Foilsithe: 23 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, luasghéarú ar chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
Beidh gach aoisghrúpa i dteideal teanndáileog den vacsaín a fháil faoin 10 Eanáir, ag an am céanna beidh an chéad dáileog den vacsaín a thairiscint do gach leanbh idir 5 -11 bliana d’aois.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm an luasghéarú seo ar Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann a fhógairt. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar thréimhse dhúshlánach, tá sé tábhachtach go mbeadh an deis ag gach grúpa teanndáileog a fháil chun cosaint a thabhairt don oiread daoine agus is féidir.
Cuirfear an luasghéarú i bhfeidhm trí:
Ó Dé Céadaoin, an 29 Nollaig
- beidh deis ag daoine idir 30 agus 39 bliain d’aois teanndáileog/dáileog phríomha a fháil in Ionaid Vacsaínithe agus i gcógaslanna. Tá cead ag Dochtúirí Teaghlaigh an grúpa seo a vacsaíniú cheana féin.
Ó Dé Céadaoin an 29 Nollaig
- ag tairiscint teanndáileoga do dhaoine idir 16 agus 29 bliain d'aois a fuair Janssen. Beidh siad seo ar fáil trí dhochtúirí teaghlaigh agus trí chógaslanna (áit a bhfuil an stoc riachtanach ag an gcógaslann) ar dtús. Beidh clinicí saincheaptha ar siúl ansin ón tseachtain dár gcionn in Ionaid Vacsaínithe chun tacú leis an ngrúpa seo.
Ón 10 Eanáir
- teanndáileog/dáileog phríomhúil a thairiscint do gach duine idir 16 agus 29 bliain d’aois.
- Leanaí idir 5 - 11 bliana d'aois:
- a bhfuil riocht sláinte orthu a chuireann i mbaol trombhreoiteachta iad ó COVID-19
- atá ag maireachtáil le duine atá i mbaol níos airde ó COVID-19
tairgfear vacsaín dó in Ionaid Vacsaínithe ón tseachtain dar tús an 3 Eanáir. Tá vacsaíniú ar fáil cheana féin don chohórt seo in ospidéil.
- Déanfar an chéad dáileog COVID-19 a thairiscint do gach leanbh 5-11 bliana d’aois eile ón 8 Eanáir. Osclófar an tairseach chun coinne a chur in áirithe Dé Máirt an 28 Nollaig.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Do fhormhór na leanaí is breoiteacht éadrom é COVID-19. Mar sin féin, beidh galar níos tromchúisí ag mionlach beag leanaí, agus d’fhéadfadh iarmhairtí fadtéarmacha ó ionfhabhtú COVID-19 a bheith ag cuid acu, lena n-áirítear mar shampla COVID-19 fada.
“Mar a léirigh an NIAC, is léir go bhfuil na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag an vacsaíniú do leanaí a bhfuil bunriochtaí sláinte orthu. Bhí tionchar suntasach, diúltach ag COVID-19 ar shaol gach duine againn, go háirithe ar shaol oideachais agus sóisialta ár bpáistí. Chuir na bearta riachtanacha sláinte poiblí isteach ar na deiseanna forbartha éagsúla a mbíonn ár bpáistí ag gabháil dóibh lena bpiaraí. Chuir na fachtóirí seo go léir eolas ar an gcinneadh seo chun clár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann a luathú.
“Cuireann an vacsaíniú leibhéal breise cosanta ar fáil dúinn go léir, agus spreagfainn tuismitheoirí dul i ngleic leis an gcomhairle iontaofa sláinte atá ar fáil ar www.hse.ie, agus le do chliniceoir teaghlaigh féin má tá aon imní ort faoi vacsaín seo. Mholfainn duit freisin an nuashonrú seo ar ár gclár vacsaínithe a phlé le do leanbh agus a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas go mbeidh vacsaíniú ar fáil dóibh go luath.”