Fógraíonn an tAire Sláinte luathú ar sheachadadh an dara bloc barda nua ag Ospidéal na hOllscoile, Luimneach

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte luathú ar sheachadadh an dara bloc barda nua ag Ospidéal na hOllscoile, Luimneach

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Fógraíonn an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu (24 Bealtaine 2023) luathú ar phleananna breis leapacha a chur ar fáil ag Ospidéil na hOllscoile, Luimneach.

Tá an tógáil ar bhloc barda 96-leaba fós ag dul ar aghaidh. Moltar dhá bhloc barda 96-leaba eile a fhorbairt mar chuid de mháistirphlean Champus Ospidéal na hOllscoile, Luimneach.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tá áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil socruithe idir láimhe ag an FFS chun oibíochtaí cumasaithe a luathú a chabhróidh le seachadadh an dara Bloc Barda 96-Leaba.

"Mar chuid den obair a bheidh ar siúl ag Ospidéal na hOllscoile, Luimneach sna míonna atá amach romhainn tógfar carrchlós faoi thalamh, chomh maith le spásanna folmha ar urlár na talún agus an chéad urlár, a sholáthróidh na hurláir íochtaracha den chéad bhloc ospidéil eile a shamhlaítear i máistirphlean an tsuímh.

"Ullmhóidh an FSS pleananna freisin chun céim bhreise d’oibreacha caipitil a thabhairt ar aghaidh lena n-áireofaí tógáil agus feistiú ceithre bharda eile d’othair chónaitheacha 24-leaba mar chuid den chuid uachtarach den dara bloc barda."

Tá an Rialtas seo tiomanta cúram sláinte na hÉireann a athrú, ag tógáil seirbhís sláinte atá bunaithe ar riachtanas othar agus ní ar a gcumas íoc as.

Sa mhéadú is mó i stair an FSS, tá 975 leapacha buaine breise oscailte againn, taobh amuigh de chúram criticiúil, ó 1 Eanáir 2020. Cuirfear breis leapacha ar fáil le linn 2023. Mhéadaíomar freisin uasmhéid leapacha cúram criticiúil go 323 leaba, a léiríonn méadú de thart ar 25% os cionn bhunlíne 2020 de 258 leaba agus tá sé i gceist ag an FSS 29 leapacha breise a chur ar fáil i mbliana freisin.

Is cuid ríthábhachtach é ár n-infreastruchtúr sláinte chun seribhísí sláinte a chur ar fáil agus is áisitheoir bunúsach é i leasú na seirbhíse sláinte. Le hinfheistíocht san infreastruchtúr, tá castachtaí na seribhísí sláinte á dtógaint san áireamh, chomh maith leis an mbealach athraitheach a sholáthraímid na seirbhísí sin anois agus amach anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat