Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte maoiniú €10 milliún do chúram maolaitheach agus deireadh saoil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, €10 milliún i maoiniú aonuaire do chúram maolaitheach agus deireadh a ré.

Cuideoidh an maoiniú le tosaíochtaí náisiúnta a chur chun cinn, lena n-áirítear an rochtain chothrom ar sheirbhísí cúraim mhaolaithigh ar fud na hÉireann a mhéadú. Úsáidfear an maoiniú freisin chun tacú le seirbhísí cúraim mhaolaithigh a sholáthraíonn eagraíochtaí deonacha agus chun tacú le hinbhuanaitheacht airgeadais na hearnála deonaí ospíse.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Táimid an-bhródúil as ár seirbhísí cúraim mhaolaithigh in Éirinn. Tá infhaighteacht agus raon seirbhísí ag fás go suntasach le 20 bliain anuas. Ag an am céanna, tá a fhios againn nach bhfuil soláthar seirbhísí scaipthe go cothrom ar fud na tíre. Tá €3 mhilliún den mhaoiniú aonuaire seo faighte agam chun ár dtiomantas ospísí a fhorbairt sa Chabhán, sa Tulach Mhór agus i nDroichead Átha. Mar thoradh ar fhorbairt na n-aonad seo beidh ospís ag freastal ar gach réigiún den tír."

“Ina theannta sin, úsáidfear maoiniú chun tacú le hobair ríthábhachtach roinnt eagraíochtaí náisiúnta san earnáil cúraim mhaolaithigh agus méala. Tá lúcháir orm gur féidir linn an maoiniú aonuaire seo a sholáthar chun tacú le hobair grúpaí deonacha lena n-áirítear ospís LauraLynn do leanaí, Fondúireacht Leanaí Jack and Jill, Fosas Ospíse na hÉireann, Cumann Ailse na hÉireann, eagraíochtaí méala agus an Institiúid Uile-Éireann um Chúram Ospíse agus Maolaitheach."

Lean an tAire Donnelly ar aghaidh:

“Tá ríméad orm a fhógairt go leithdháilfear maoiniú freisin ar bhaill den Ghrúpa Ospíse Deonach. Is mór againn na seirbhísí riachtanacha cúraim mhaolaithigh a sholáthraíonn baill den Ghrúpa Ospíse Deonach agus tá an maoiniú seo mar aitheantas agus mar thacaíocht dá seirbhísí luachmhara."

As an €10 milliún, dáilfear €3 mhilliún go cothrom chun forbairt ospísí i nDroichead Átha, sa Chabhán agus i Lár na Tíre atá sna céimeanna pleanála faoi láthair a chur chun cinn. Dáilfear €5.2 milliún ar na baill den Ghrúpa Ospíse Deonach chun tacú le hobair luachmhar na mball. Cuirfear €200,000 ar fáil d'Fhoras Ospíse Phort Láirge chun an fiach ar an aonad speisialtóra nua d’othair chónaithe 20 leaba a ghlanadh. Trí dheireadh a chur leis an bhfiach seo beidh Foras Ospíse Phort Láirge in ann cistí a threorú i dtreo seirbhísí othar.

Dáilfear an €1.6 milliún eile ar roinnt eagraíochtaí náisiúnta san earnáil cúraim mhaolaithigh agus méala. Deonófar €800,000 d’Ospís Leanaí LauraLynn, deonófar €150,000 d’Fhondúireacht Leanaí Jack and Jill, agus dáilfear €300,000 go cothrom idir Foras Ospíse na hÉireann agus Cumann Ailse na hÉireann. Ina theannta sin, deonófar €100,000 d’Institiúid Uile-Éireann um Chúram Ospíse agus Maolaitheach, agus dáilfear €100,000 go cothrom idir na eagraíochtaí méala Anam Cara agus First Light.

Leanann fógra an lae inniu tiomantas lá an bhuiséid ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath TD, do sholáthar an mhaoinithe seo.

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Sonraí na leithdháiltí

Seirbhís Leithdháileadh Euro
Institiúid Uile-Éireann um Chúram Ospíse agus Maolaitheach 100,000
Anam Cara 50,000
First Light 50,000
Ospís na Gaillimhe & Ospís Mhaigh Eo (Gaillimh €420,000, Maigh Eo €330,000) 750,000
Cumann Ailse na hÉireann - Altranas Oíche 175,000
Foras Ospíse na hÉireann 175,000
Ospís Leanaí LauraLynn 800,000 Ospidéal agus Ospís na hOllscoile, Marymount, Corcaigh 1,000,000 Ospís Lár Tíre, Tulach Mhór 1,000,000 Ionad Cúraim Milford, Luimneach 700,000 Ospís na Gráinsí Nua, Droichead Átha 1,000,000 Ospís an Iarthuaiscirt, Sligeach 250,000 Seirbhísí Ospíse agus Cúraim Mhuire - Lena n-áirítear Crois Araild, an Charraig Dhubh, Cill Mhantáin 1,500,000 Clár Scoláireachta i gCúram Coimpléascach & Maolaitheach Leanaí 100,000 St Christopher’s An Cabhán 1,000,000 Ospís San Proinsias, Ráth Eanaigh & Baile Bhlainséir 1,000,000 The Jack & Jill Foundation 150,000 Gluaiseacht Ospíse Port Láirge 200,000 Iomlán 10,000,000

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat