Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonrú ar liosta na Stát ainmnithe - 11 Meán Fómhair 2021
- Foilsithe: 11 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 14 Meán Fómhair 2021
Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go bhfuil stát amháin bainte aige de liosta na Stát Ainmnithe don Choraintín Óstáin Éigeantaigh.
Is é Eacuadór an tír a baineadh den liosta. Beidh éifeacht ag an athrú ó inniu.
Má tá tú ag taisteal go hÉirinn, ní mór duit Foirm Aimsitheora Paisinéara a chomhlánú roimh duit taisteal.
Ní mór duit freisin cruthúnas vacsaínithe bailí a bheith agat nó cruthúnas go bhfuil téarnamh déan agat, nó toradh diúltach ar thástáil RT-PCR a chur i láthair, a rinneadh laistigh de 72 uair sular tháinig tú isteach sa tír. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.gov.ie/travel.
DEIREADH
Tá liosta iomlán de na Stáit Ainmnithe le fáil anseo.
- Má thosaíonn do thuras i dtír atá ainmnithe:
Má tá cruthúnas vacsaínithe bailí agat, beidh ort:
- fianaise a sholáthar go bhfuil toradh diúltach agat ar thástáil RT-PCR a rinneadh laistigh de 72 sular tháinig tú isteach sa tír – féinchoraintín a dhéanamh.
- má fhaigheann tú toradh diúltach ar thástáil RT-PCR a rinneadh ó lá a 5 ar aghaidh tar éis duit teacht isteach in Éirinn, ceadófar duit deireadh a chur leis an bhféinchoraintín
Ionad go mbeidh tú vacsaínithe go hiomlán, ní mór duit fanacht go dtí go bhfuil an méid ama ceart curtha isteach agat tar éis na dáileoga deireanaí den vacsaín a bheith faighte agat, vacsaín atá ceadaithe ag an GLE.
Leagtar amach sa tábla cad a chiallaíonn sé bheith vacssaínithe go hiomlán.
Cúrsa iomlán d’aon cheann de na vacsaínithe a leanas: | Meastar go bhfuiltear vascaínithe go hiomlán tar éis: |
2 dháileog den Vacsaín Pfizer-BioNtech: BNT162b2 (Comirnaty®) | 7 lá |
2 dháileog den Vacsaín Moderna: CX-024414 (Moderna®) | 14 lá |
2 dháileog den Vacsaín Oxford-AstraZeneca: ChAdOx1-SARS-COV-2 (Vaxzevria® nó Covishield) | 15 lá |
Dáileog amháin den Vacsaín ohnson & Johnson/Janssen: Ad26.COV2-S [recombinant] (Janssen®) | 14 lá |
Má tá cruthúnas bailaí agat go bhfuil téarnamh déanta agat ó COVID-19, mar shampla, teastas téarnaimh nó toradh tástála RT-PCR atá dearfach a rinneadh a rinneadh ar a laghad 11 lá roimh duit teacht isteach sa tír agus gan a bheith níos mó ná 180 lá, beidh ort:
- féinchoraintín a dhéanamh
- má fhaigheann tú toradh diúltach ó thástáil RT-PCR a rinneadh ó lá a 5 ar aghaidh tar éis duit teacht isteach in Éirinn, ceadófar duit deireadh a chur leis an bhféinchoraintín
Mura bhfuil cruthúnas vacsaínithe nó cruthúnas bailí go bhfuil téarnamh déanta agat, beidh ort:
- fianaise a sholáthar go bhfuil toradh diúltach agat ar thástáil RT-PCR a rinneadh laistigh de 72 sular tháinig tú isteach sa tír
- coraintín éigeantach in óstán a dhéanamh
- má fhaigheann tú toradh diúltach ar thástáil RT-PCR a rinneadh ó lá a 10 ar aghaidh tar éis duit teacht isteach in Éirinn, ceadófar duit deireadh a chur leis an gcoraintín óstáin
Ba chóir na rialacha eile go léir a bhaineann leis an taisteal a leanúint, ar nós an Fhoirm Aimsitheora Paisinéara a chomhlánú roimh ré, féinchoraintín/coraintín sa bhaile a dhéanamh i gcúinsí áirithe srl. Ní ghlactar le tástálacha antaigine chun teacht isteach in Éirinn.